Mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth: comhpháirteanna agus saintréithe

Tá an tAontas Eorpach ag tabhairt chun dáta a dhlí maidir le faomhadh mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth. Go dtí an 31 Nollaig 2015, leanann an córas reatha ag oibriú i gcomhthreo le córas úr a tugadh isteach i Márta 2013.

GNÍOMH

Treoir 97/24/CEó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1997 maidir le comhpháirteanna agus saintréithe áirithe mótarfheithiclí dhá roth agus trí roth [Féach gníomhartha leasaitheacha].

ACHOIMRE

Déantar na feithiclí atá cumhdaithe faoin Treoir seo a fho-roinnt ina:

Móipéidí: feithiclí dhá roth nó trí roth a bhfuil inneall lena bhfuil toilleadh innill nach mó ná 50 cm3 feisithe air nó ag a bhfuil uasluas dearaidh nach mó ná 45km in aghaidh na huaire;

Gluaisrothair: feithiclí dhá roth nó trí roth a bhfuil inneall lena bhfuil toilleadh innill níos mó ná 50 cm3 feisithe air nó ag a bhfuil uasluas dearaidh níos mó ná 45km in aghaidh na huaire;

Trírothaigh:; feithiclí dhá roth nó trí roth a bhfuil inneall lena bhfuil toilleadh innill níos mó ná 50 cm3 feisithe air nó ag a bhfuil uasluas dearaidh níos mó ná 45km in aghaidh na huaire;

cuadrothair: feithiclí a bhfuil a mais gan ualach níos lú ná 350 kg, nach bhfuil a n-uasluas dearaidh níos mó ná 45 km in aghaidh na huaire agus nach bhfuil a dtoilleadh innill níos mó ná 50 cm3, nó nach bhfuil ( a gcumhacht innill) níos mó ná 4 kW.

Corpraítear na nósanna imeachta maidir le faomhadh cineál comhpháirte arna leagan síos i dTreoir 2002/24/CE, maidir le:

boinn;

gléasanna soilsithe agus gléasanna comharthaíochta solais;

teilgin sheachtracha;

scátháin siar;

bearta chun dul i ngleic le truailliú san atmaisféar;

umair bhreosla

gléasanna crioscaíldíonacha;

comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (caithfidh trealamh leictreonach a oibrítear gar do ghléasanna leictreamaighnéadacha gan tionchar diúltach a bheith acu ar a n-ionchur nó ar a bhfeidhmíocht);

leibhéal fuaime incheadaithe agus córas sceite (ní mór d’fheithiclí cloí le rialacha um thorann agus sceitheadh astaíochtaí);

gléasanna cúplála agus feistis (e.g. barraí tarraingthe do leantóirí);

pointí feistis criosanna sábháilteachta agus criosanna sábháilteachta;

gloiniú, cuimilteoirí gaothscátha, niteoirí gaothscátha agus córais dí-oighrithe agus cheo-chóireála.

Bunaíodh coibhéis idir ceanglais áirithe maidir leis an Treoir (boinn, gléasanna soilsithe agus gléasanna comharthaíochta solais, scátháin siar agus criosanna sábháilteachta) agus ceanglais áirithe maidir leis na rialacháin arna n-eisiúint ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CENAE).

Dá réir sin glacann údaráis i dtíortha AE a dheonaíonn faomhadh cineál comhpháirte an faomhadh cineál comhpháirte atá eisithe de réir na rialachán CENAE thuasluaite.

Leasaíonn Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 Treoracha 97/24/CE agus 2002/24/CE ón 31.12.2015.

CÚLRA

Tháinig Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 i bhfeidhm an 22 Márta 2013. Má iarrtar ar dhéantóir amhlaidh a dhéanamh, ní féidir le húdaráis thíortha AE diúltú d’fhaomhadh cineáil AE nó d’fhaomhadh cineáil náisiúnta maidir le cineál úr feithicle sa chás go gcloíonn an fheithicil leis an Rialachán. Ná ní féidir leo cosc a chur ar chlárú, ar chur ar an margadh nó iontráil i seirbhís feithicle úir sa chás go gcloíonn an fheithicil. Tá 4 gníomh tarmligthe agus cur chun feidhme ag gabháil le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ina bhfuil nósanna imeachta tástála agus sonraíochtaí teicniúla leagtha síos.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 97/24/AE

18.8.1997

17.12.1998

IO L 226 an 18.8.1997, lch. 1-454

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2002/51/CE

20.9.2002

31.3.2003

IO L 252 an 20.9.2002, lch. 20-32

Treoir 2003/77/CE

10.9.2003

3.9.2004

IO L 211 an 21.8.2003, lch. 24-48

Treoir 2005/30/CE

17.5.2005

17.5.2006

IO L 106 an 27.4.2005, lch. 17-31

Treoir 2006/27/CE

28.3.2006

31.12.2006

IO L 66 an 8.3.2006, lch. 7-15

Treoir 2006/72/CE

8.9.2006

30.6.2007

IO L 227 an 19.8.2006, lch. 43-45

Treoir 2013/60/AE

11.12.2013

30.6.2014

IO L 329 an 10.12.2013, lch. 15-38

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le faomhadh cineál mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth agus lena leasaítear Treoir 92/61/CEE ón gComhairle (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 124 an 9.5.2002, lch. 1-44).

Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le faomhadh agus faireachán margaidh feithiclí agus cuadrothair dhá roth nó trí roth (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 60 an 2.3.2013, lch. 52-128).

Nuashonrú is déanaí: 23.07.2015