Cógais chineálacha a onnmhairiú chuig tíortha i mbéal forbartha: ceadúnais éigeantacha
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 816/2006 — ceadúnú éigeantach paitinní a bhaineann le táirgí cógaisíochta a tháirgeadh lena n-onnmhairiú chuig tíortha a bhfuil fadhbanna sláinte poiblí acu
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?
Cuirtear nós imeachta ar bun faoin rialachán seo chun a chur ar chumas cuideachtaí san Aontas Eorpach (AE), a theastaíonn uathu cógais chineálacha a tháirgeadh don chuid den domhan atá i mbéal forbartha, iarratas a chur isteach le haghaidh ceadúnais éigeantaigh ó shealbhóir paitinne a ligfeadh dóibh na cógais sin a tháirgeadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Is féidir leis na tíortha allmhairithe seo a leanas leas a bhaint as an scéim:
-
Ní mór do thíortha allmhairithe a dheimhniú go mbainfidh siad úsáid as an scéim chun críocha sláinte poiblí, agus nach mbainfidh siad úsáid aisti chun críoch tionsclaíoch ná tráchtála.
-
Is féidir le haon duine nár éirigh leis/léi údarú a fháil ó shealbhóir na paitinne iarratas ar cheadúnú éigeantach a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta chuí.
-
Ní mór don duine sin sonraí pearsanta a chur ar fáil, mar aon le faisnéis faoin táirge, faoin méid a bhfuil sé beartaithe acu a tháirgeadh agus faoi na tíortha cinn scríbe.
-
Chun tacú leis an iarratas sin, bíonn ar an tír lena mbaineann, ar eagraíocht neamhrialtasach nó ar chomhlacht na Náisiún Aontaithe iarratas ar leith a dhéanamh freisin.
-
Cuirtear sealbhóir na gceart ar an eolas faoin iarratas ag an údarás náisiúnta iomchuí AE agus déanann an t-údarás sin bailíocht an iarratais a fhíorú sula ndéantar cinneadh.
-
Leagtar amach na cainníochtaí atá i gceist agus fad an lamháltais sna coinníollacha a bhaineann leis an gceadúnas éigeantach. Ní mór lipéadú nó marcáil ar leith a úsáid chun táirgí a dhéantar faoi cheadúnas a aithint go soiléir.
-
Ní ceadmhach táirgí a dhéantar faoi cheadúnas éigeantach a athallmhairiú agus a dhíol in AE. Má mheastar gur sáraíodh an dlí, féadfar na táirgí a choinneáil ar feadh 10 lá, agus a ghabháil faoi dheireadh.
-
Má theipeann ar cheadúnaí coinníollacha ceadúnais éigeantaigh a chomhlíonadh, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an gceadúnas sin agus fiú deireadh a chur leis.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?
Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 29 Meitheamh 2006.
CÚLRA
Tá an reachtaíocht ina cuid de ghníomh AE níos leithne chun dul i ngleic le hábhair imní faoin sláinte phoiblí, ábhair imní atá le sárú ag na tíortha is lú forbairt ar domhan agus ag tíortha i mbéal forbartha, go háirithe rochtain ar chógais leighis shábháilte agus éifeachtúla ar phraghas réasúnta.
GNÍOMH
Rialachán (CE) Uimh. 816/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le ceadúnú éigeantach paitinní a bhaineann le táirgí cógaisíochta a tháirgeadh lena n-onnmhairiú chuig tíortha a bhfuil fadhbanna sláinte poiblí acu (IO L 157, 9.6.2006, lgh. 1-7)
Nuashonraithe 16.02.2016