Eastóscáin caife agus siocaire

Le comhchuibhiú na reachtaíochta maidir le trádáil in eastóscáin caife agus siocaire cuirtear an cómhargadh le haghaidh táirgí san earnáil seo chun cinn. Ag an am céanna, cosnaítear leasanna na dtáirgeoirí agus na dtomhaltóirí.

ACHT

Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le heastóscáin caife agus le heastóscáin siocaire [Féach na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Leis an treoir seo simplítear an reachtaíocht - arna rialú roimhe seo ag Treoir 77/436/LEE - a bhaineann le heastóscáin caife agus siocaire. Féachtar léi leasanna na dtomhaltóirí agus na dtáirgeoirí a chosaint trí bhíthin rialacha a bhunú maidir le cur síos agus le sainiú ar na táirgí seo, agus le tréithe na dtáirgí.

Raon na treorach

Cumhdaítear na táirgí seo a leanas sa treoir:

Ní mór cloí le híos-riachtanais áirithe comhdhéanaimh i gcás na dtáirgí seo, go háirithe maidir leis an chion ábhair thirim.

Lipéadú

Ní mór eastóscáin caife agus siocaire a lipéadú de réir fhorálacha na Treorach 2000/13/CE, treoir a bhaineann le lipéadú, le cur i láthair agus le fógraíocht bia-ábhair. Ní mór cur síos a dhéanamh ar na táirgí seo mar atá thuasluaite, áfach, agus b’fhéidir eolas a chur ar fáil chomh maith faoi na nithe seo a leanas: foirm an táirge (leafaos, leacht, comhdhlúite, srl.), na substaintí a chuirtear leis, agus an cion caiféine. Chomh maith leis sin, ní mór íoschion an ábhair thirim chaifebhunaithe nó shiocairebhunaithe a thabhairt mar chéatadán de mheáchan an táirge deiridh.

Forálacha eile

Ní féidir forálacha náisiúnta coinbhleachta a thabhairt isteach a chuirfeadh isteach ar thrádáil in eastóscáin caife nó siocaire, trádáil a chloíonn le forálacha na treorach seo.

Cuideoidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe leis an Choimisiún an treoir seo a chur i bhfeidhm.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 1999/4/CE

13.3.1999

13.9.2000

IO L 66, 13.3.1999, lch. 26

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003

20.11.2003

-

IO L 284, 31.10.2003, lch. 1

Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008

11.12.2008

-

IO L 311, 21.11.2008, lch. 1

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 2002 maidir le lipéadú bia-ábhair a bhfuil cuinín iontu agus maidir le lipéadú bia-ábhair a bhfuil caiféin iontu [OJ L 191, 19.7.2002, lch. 20].

Rialachán (AE) Uimh. 1021/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Treoir 1999/4/CE agus Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún [Iris Oifigiúil L 287, 29.10.2013, lch. 1].

Nuashonrú is déanaí: 29.04.2014