Siúcraí

Tá rialacha comhchoiteanna sainithe ag an Aontas Eorpach (AE) le haghaidh siúcraí áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, de réir an reachtaíocht ghinearálta a bhaineann le bia-ábhar. Baineann na rialacha seo le comhdhéanamh, le hainm díolacháin, le lipéadú agus le cur i láthair bia-ábhair.

ACHT

Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine [Iris Oifigiúil L 10, 12.01.2002, lch. 2].

ACHOIMRE

Le Treoir 2001/111/CE cuirtear feabhas ar lipéadú siúcraí áirithe inite chun eolas níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí agus chun a chinntiú nach gcuirtear amú iad nuair a cheannaíonn siad táirgí. Cuirtear an treoir i bhfeidhm gan dochar do na forálacha ginearálta a bhaineann le lipéadú bia-ábhar.

Siúcraí

Sonraítear aon chineál siúcra déag i dTreoir 2001/111/CE:

Baineann tréithe comhdhéanaimh ar leith le gach cineál siúcra mar aon le rialacha ar leith a bhaineann le pacáistiú agus le lipéadú.

Lipéadú

Leagtar síos i dTreoir 2001/111/CE forálacha áirithe sonracha le haghaidh na dtáirgí seo a leanas: táirgí réamhphacáistithe a bhfuil meáchan níos lú ná 20 g orthu, tuaslagáin siúcra, síoróip shiúcra inbhéartaithe a bhfuil criostail inti agus táirgí áirithe a bhfuil breis is 5 % fruchtóis iontu. Ní gá glanmheáchan a léiriú ar an lipéad i gcás táirgí réamhphacáistithe a bhfuil meáchan níos lú ná 20 g orthu. Ach ní mór leibhéil ábhair thirim agus an cion siúcra inbhéartaithe a léiriú ar na lipéid i gcás tuaslagán siúcra inbhéartaithe agus síoróipe siúcra inbhéartaithe. Thairis sin, ní mór an téarma cáilithe criostalaithe a léiriú ar an lipéad i gcás síoróipe siúcra inbhéartaithe a bhfuil criostail inti. Mar chríoch, ní mór síoróip ghlúcóis-fhruchtóis nó síoróip fhruchtóis-ghlúcóis agus síoróip ghlúcóis-fhruchtóis thirim nó síoróip fhruchtóis-ghlúcóis thirim a léiriú ar an lipéad i gcás síoróipí glúcóis (lena n-áirítear síoróip ghlúcóis thirim) a bhfuil breis is 5 % fruchtóis (ábhar tirim) iontu, chun taispeáint cibé glúcós nó fruchtós is mó atá iontu.

Ní ghlacfaidh na Ballstáit le forálacha náisiúnta nach ndéantar foráil dóibh sa treoir seo le haghaidh táirgí atá sonraithe san iarscríbhinn.

Comhthéacs

Tá an treoir seo ina cuid de chlár a shimplíonn treoracha áirithe ingearacha, a bhaineann le bia-ábhair, chun na bunriachtanais a chur san áireamh atá le comhlíonadh ag na táirgí a chumhdaítear iontu, ionas go bhféadfaí na táirgí sin a bhogadh go héasca laistigh den mhargadh inmheánach.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2001/111/CE

12.1.2002

11.7.2003

IO L 10, 12.1.2002, lch. 2

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1021/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 1999/4/CE agus Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún [Iris Oifigiúil L 287, 29.10.2013, lch. 1].

Nuashonrú is déanaí: 29.04.2014