Rialacha lipéadaithe an Aontais Eorpaigh do mhil

Sainíonn an tAontas Eorpach (AE) rialacha ar leith do mhil a chuireann lena dhlíthe ar bhia-ábhair.

GNÍOMH

Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil.

ACHOIMRE

Sainíonn an tAontas Eorpach (AE) rialacha ar leith do mhil a chuireann lena dhlíthe ar bhia-ábhair.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Chomh maith le rialacha ar chomhdhéanamh agus ar shainmhíniú meala, sainítear léi na cineálacha táirgí meala is féidir a dhíol faoi ainmneacha tugtha agus rialacha ar lipéadú, cur i láthair agus faisnéis faoi fhoinse.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tagann an treoir sa bhreis ar na rialacha ginearálta AE ar lipéadú bia a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Ní mór faisnéis riachtanach do thomhaltóirí a áireamh ar lipéid agus, ach go háirithe, ní mór do lipéid tír thionscnaimh na meala agus ainmneacha an táirge a áireamh, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

Sainmhíniú

Substaint nádúrtha mhilis is ea mil a tháirgíonn beacha Apis mellifera ó neachtar plandaí nó ó tháil ó chodanna beo phlandaí nó ó tháil ó fheithidí súdhiúlacha ar phlandaí. Bailíonn beacha í, athraíonn siad í trína mheascadh le substaintí ar leith dá gcuid féin, déanann siad í a chur i dtaisce, a dhíhiodráitiú, a stóráil agus a fhágáil i gcriathair meala le haibiú agus le dul in aois.

Comhdhéanamh

Nuair a dhéantar í a thráchtálú mar mhil nó nuair a bhaintear úsáid aisti i dtáirgeadh a ceapadh lena ithe ag an duine, ní mór do mhil na critéir chomhdhéanaimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II leis an treoir a shásamh.

Soiléiríonn Treoir 2014/63/AE go bhfuil pailin ina bunchuid nádúrtha de mhil, seachas ina comhábhar.

Lipéid

Soiléiríonn Treoir 2014/63/AE freisin na riachtanais lipéadaithe nuair a thagann mill ó níos mó ná tír AE amháin nó tír neamh-AE. Sna cásanna seo, féadfaidh ceann de na léirithe seo a leanas, mar is cuí, a chur in ionad an léirithe ar an tír thionscnaimh:

I gcásanna áirithe, féadfar an t-ainm táirge simplí “mil” a chur in áit na n-ainmneacha seo (ach amháin i gcás “mil scagtha”*, “mil chíre”** “mil chíre gearrtha nó cíor ghearrtha i mil”*** nó “mil bháicéara”****).

Féadfar faisnéis maidir le foinse réigiúnda, chríche nó thopagrafach, nó maidir le foinse bláthanna nó glasraí, nó maidir le critéir cáilíochta ar leith dul in éineacht leis an lipéadú seo (ach amháin maidir le “mil scagtha” agus “mil báicéara”).

Faoi Threoir 2014/63/AE féadfaidh an Coimisiún Eorpach dlithe breise a ghlacadh (gníomhartha tarmligthe) a leagann síos dhá pharaiméadar don chritéar “formhór” faoi mar a bhaineann le foinse bláthanna nó glasraí meala agus le mionmhéid na pailine i mil scagtha i ndiaidh d’ábhar coimhthíoch neamhorgánach nó orgánach a bheith bainte.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá Treoir 2001/110/CE i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2002. Tá Treoir 2014/63/AE i bhfeidhm ón 23 Meitheamh 2014. Féadfar margaíocht a dhéanamh ar mhil atá ar díol nó lipéadaithe roimh an 24 Meitheamh 2015 go dtí go mbíonn stoc ídithe.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Mil scagtha: mil a fhaightear trí ábhar coimhthíoch neamhorgánach nó orgánach a bhaint ar bhealach go mbaintear cuid shuntasach den phailin.

** Mil chíre: mil atá stóráilte ag beacha sna cealla, cíora nó bileoga bunaidh cíora tanaí atá déanta de chéir bheach amháin agus a dhíoltar i gcíora iomlána séalaithe nó codanna de chíora dá leithéid.

*** Mil chíre gearrtha nó cíor ghearrtha i mil: mil ina bhfuil píosa amháin de mhil chíre nó níos mó.

**** Mil bháicéara: ní mór na focail “ceaptha don chócaireacht amháin” a bheith ar an lipéad i ndlúthghaireacht don ainm táirge.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2001/110/CE

1.2.2002

31.7.2003

IO L 10, 12.1.2002, lgh. 47-52

Gníomh leasaitheach

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2014/63/AE

23.6.2014

24.6.2015

IO L 164, 3.6.2014, lgh. 1-5

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir lesoláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir an Choimisiúin 87/250/CEE, Treoir na Comhairle 90/496/EEC, Treoir an Choimisiúin 1999/10/CE, Treoir 2000/13/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha an Choimisiúin 2002/67/CE agus 2008/5/CE agus Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh. 608/2004 (Iris Oifigiúil L 304, 22.11.2011, lgh. 18-63).

Nuashonraithe 20.02.2015