Tarracóirí agus innealra talmhaíochta nó foraoiseachta: coscánú

Leagtar síos sa treoir seo rialacha agus ceanglais ar mhaithe le sábháilteacht ag an obair agus ar na bóithre, le gur féidir an nós imeachta cineálcheadaithe le haghaidh tarracóirí a chur i bhfeidhm maidir le gléasanna coscánaithe.

ACT

Treoir 76/432/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le córais choscánaithe le haghaidh tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí.

ACHOIMRE

Raon

Cuirtear an treoir seo i bhfeidhm maidir le tarracóirí a bhfuil boinn aeir acu, mar aon le dhá acastóir agus uasluas deartha idir 6 agus 40 km/u.

Ní ceadmhach do na Ballstáit diúltú do cheadú an Chomhphobail ná do cheadú náisiúnta a dhámhachtain le haghaidh tarracóra, mar gheall ar ghléasanna coscánaithe, má chomhlíonann na gléasanna coscánaithe seo na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn I go dtí IV a ghabhann leis an treoir. Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le tarracóirí a chlárú, a dhíol, a chur ar sheirbhís agus feidhm a bhaint astu.

Inneachar na nIarscríbhinní:

Athchóirithe maidir le dul chun cinn teicniúil

Na leasuithe a bhí de dhíth chun na hiarscríbhinní a athchóiriú maidir le dul chun cinn teicniúil, glacadh leo i gcomhréir leis an nós imeachta a ndearnadh foráil dó i dTreoir 74/150/CEE, treoir arna haisghairm ina dhiaidh sin agus arna hionadú le treoir 2003/37/CE.

Aisghairm

Aisghairfear Treoir 76/432/CEE agus Treoir 2003/37/CE le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 le héifeacht ón 1.1.2016.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 76/432/CEE

8.5.1976

1.1.1977

IO L 122, 8.5.1976, lch. 1-14

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Treoir 82/890/CEE

31.12.1982

21.6.1984

IO L 378, 31.12.1982, lch. 45-46

Treoir 96/63/CE

25.10.1996

1.10.1997

IO L 253, 5.10.1996, lch. 13-14

Treoir 97/54/CE

30.10.1997

22.9.1998

IO L 277, 10.10.1997, lch. 24-25

Arna haisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta [Iris Oifigiúil L 60, 2.3.2013, lch. 1-51].

Nuashonrú is déanaí: 30.06.2014