Feistí leighis diagnóiseacha In vitro

ACHOIMRE AR:

Treoir 98/79/CE maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro

ACHOIMRE

Féachtar leis an treoir seo feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a ráthú tríd an reachtaíocht éagsúil náisiúnta a chomhchuibhiú a bhaineann le hiontaofacht feistí diagnóiseacha in vitro*. Cuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil faoin treoir freisin maidir le sláinte agus sábháilteacht na n-othar, na n-úsáideoirí agus daoine eile agus cinntítear léi go ndéantar na torthaí a bhaint amach ar ceapadh na feistí leighis ina leith.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Leagtar amach sa treoir na ceanglais riachtanacha sábháilteachta, sláinte, deartha agus monatóireachta atá le comhlíonadh ag feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus ag gabhálas na bhfeistí sin. Cuirtear ardchaighdeáin sábháilteachta ar fáil mar sin, rud a chruthaíonn muinín as an gcóras i measc an phobail. Cinntítear leis an treoir freisin gur féidir úsáid a bhaint as na táirgí i dtíortha uile an Aontais Eorpaigh (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Feistí leighis: fearais, lena n-áirítear na bogearraí riachtanacha, a úsáidtear chun galar nó gortú a dhiagnóisiú, a chosc, a mhonatóiriú, a chóireáil nó a mhaolú; chun gortú nó míchumas a dhiagnóisiú, a mhonatóiriú, a chóireáil, a mhaolú nó a chúiteamh; chun corp an duine nó próiseas fiseolaíoch a iniúchadh, a athchur nó a mhionathrú; nó mar fhrithghiniúnach.

* Feiste leighis diagnóiseach In vitro: feistí leighis, amhail imoibrithe, calabróirí agus promhadáin ábhair rialaithe, a úsáidtear chun tástáil dhiagnóiseach a dhéanamh, amhail tástálacha fola chun comharthaí ionfhabhtaithe a aimsiú nó tástálacha chun glúcós a aimsiú i bhfual, trí ábhar ó chorp an duine a úsáid.

CÚLRA

GNÍOMH

Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 98/79/CE

7.12.1998

7.12.1999

IO L 331, 7.12.1998, lgh. 1–37

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003

20.11.2003

IO L 284, 31.10.2003, lgh. 1–53

Rialachán (CE) Uimh. 596/2009

7.8.2009

IO L 188, 18.7.2009, lgh. 14–92

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 98/79/CE. Is chun críocha faisnéise amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2002/364/CE ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2002 maidir le sonraíochtaí coitianta teicniúla le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IO L 131, 16.5.2002, lgh. 17–30). Féach an leagan comhdhlúite

Moladh 2013/473/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2013 maidir leis na hiniúchtaí agus measúnuithe a chuirtear i gcrích i réimse na bhfeistí leighis ag comhlachtaí a dtugtar údar dóibh (IO L 253, 25.9.2013, lgh. 27–35)

Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi raon chur i bhfeidhm na Treorach 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (Teidil agus tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe a fhoilsiú faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 14, 16.1.2015, lgh. 74–79)

Nuashonraithe 10.06.2020