An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 — a dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II)

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Cuirtear deimhneacht dhlíthiúil ar fáil maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha, ach go háirithe i gcásanna tortanna (éagóir faoin dlí sibhialta) agus míghnímh (dliteanas sibhialta).

Áirítear freisin go mbíonn cothromaíocht réasúnta ann idir leasa an duine a mhaítear a bheith dlisteanach agus an duine a d’fhulaing damáiste.

Cuirtear dlí ar bith a shainítear leis an rialachán i bhfeidhm, cibé acu an dlí de thír AE é nó nach ea.

Tá feidhm leis an rialachán sna tíortha AE uile seachas an Danmhairg.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní thagann an rialachán in ionad dlíthe substainteacha náisiúnta (i.e. na dlíthe lena gcinntear cearta agus oibleagáidí) maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha; ní dhéantar leis ach a chinneadh cén dlí substainteach náisiúnta is infheidhme.

Is é an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascraíonn as tort/míghníomh:

1.

dlí na tíre ina dtarlaíonn an damáiste; nó

2.

dlí na tíre ina raibh an dá pháirtí ina gcónaí go príomha nó ina raibh a bpríomhionad gnó acu nuair a tharla an damáiste; nó

3.

má tá an cás nasctha níos dlúithe le dlí tíre eile, dlí na tíre sin.

Leis an rialachán, freisin, faoi choinníollacha áirithe, tugtar cead do na páirtithe, rogha a dhéanamh, trí chomhaontú frithpháirteach, cén dlí is infheidhme ar oibleagáid neamhchonarthach.

Scóip an dlí is infheidhme

Tá an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha agus rialaítear, ach go háirithe:

bunús agus méid an dliteanais, lena n-áirítear cé is féidir a chur faoi dhliteanas;

an bunús le díolúine ó dhliteanas; teorannú nó comhroinnt dliteanais;

damáiste a bheith ann, nádúr agus measúnú an damáiste agus an leigheas a éilítear;

na bearta is féidir leis an gcúirt a dhéanamh chun gortú nó damáiste a chosc nó a chríochnú agus chun cúiteamh a áirithiú;

an chaoi inar féidir oibleagáid a chur ar ceal, agus na rialacha maidir le rúradh nó teorannú;

an cheist cibé an féidir nó nach féidir an ceart le cúiteamh a lorg a aistriú chuig duine eile, lena n-áirítear trí oidhreacht;

daoine atá i dteideal cúitimh as damáiste atá fulaingthe acu;

dliteanas as gníomhartha duine eile.

Tá rialacha ar leith ann maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha ar leith, e.g. dliteanas táirge agus maoin intleachtúil. Tá oibleagáidí neamhchonarthacha áirithe eisiata ó scóip an rialacháin. Áirítear ina measc:

cúrsaí ioncaim, custam agus riaracháin;

dliteanas stáit;

oibleagáidí neamhchonarthacha ar leith a eascraíonn as, mar shampla, córais maoine pósta agus gaolta teaghlaigh, damáiste eithneach nó sáruithe ar phríobháideachas agus ar chearta a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Ón 11 Eanáir 2009, ach amháin Airteagal 29 (11 Iúil 2008).

CÚLRA

Taobh leis an rialachán seo (An Róimh II):

le Rialachán“An Róimh I” (Rialachán (CE) Uimh. 593/2008) leagtar síos na rialacha le cinneadh cén dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála agus

le Rialachán“An Róimh III” (Rialachán (AE) Uimh. 1259/2010) leagtar síos na rialacha le cinneadh cén dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh dlíthiúil.

Féach freisin:

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO L 199, 31.7.2007, lgh. 40-49)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lgh. 6-16). Féach leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.10.2015