Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
Cáilitheacht
Maidir leis an tír iarrthach:
Ní mór don tír iarrthach critéir incháilitheachta AE a chomhlíonadh chomh maith. Tugtar critéir Chóbanhávan orthu go ginearálta mar a sainíodh iad sa Chomhairle Eorpach a tionóladh i gCóbanhávan i mí an Mheithimh 1993. Is iad seo a leanas na critéir:
Sonraíodh sa Chomhairle Eorpach a tionóladh i Maidrid i mí na Nollag 1995 chomh maith gur cheart don tír is iarrthóir a bheith ábalta dlí AE a chur i bhfeidhm agus a bheith ábalta a áirithiú go gcuirfear dlí AE a trasuíodh sa reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm go héifeachtúil trí struchtúir chuí riaracháin agus bhreithiúnacha.
Coimeádann AE an ceart aige féin a chinneadh nuair a bheidh na critéir aontachais comhlíonta ag an tír is iarrthóir. Lena chois sin, ní mór don Aontas Eorpach féin bheith ábalta baill úra a chomhtháthú.
Nós imeachta
Cur i bhfeidhm
Cuireann an tír Eorpach a bhfuil na critéir atá cuimsithe in Airteagal 2 de CAE iarratas foirmiúil isteach chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh. Cuireann an Chomhairle Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus na parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin iarratas.
Tuairim ón gCoimisiún Eorpach
Ar chomhairliúchán ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, eisíonn an Coimisiún Eorpach tuairim maidir leis an iarratas ar bhallraíocht in AE ón tír lena mbaineann.
Stádas iarrthóra
Tugann Comhairle an Aontais Eorpaigh d’aon ghuth stádas tíre mar thír is iarrthóir i ndiaidh tuairim a fháil ón gCoimisiún agus i ndiaidh don Chomhairle Eorpach é a fhormhuiniú.
Idirbheartaíocht
Cuirtear tús le hidirbheartaíocht i ndiaidh cinneadh d’aon ghuth ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tionóltar an idirbheartaíocht i gcomhdhálacha idir-rialtais idir rialtais thíortha AE agus na tíre is iarrthóir. Tá an acquis (corpas dlí AE) roinnte ina réimsí beartais i bhfianaise eagrú éifeachtach na hidirbheartaíochta. (Tá 35 réimse beartais nó “caibidil” ann faoi láthair.)
Féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh tagarmharcanna tosaigh nó deiridh a shocrú le haghaidh gach caibidle nó tagarmharcanna eatramhacha le haghaidh caibidlí sonracha áirithe. Bunaítear cinneadh maidir le tagarmharcanna a shocrú ar thuarascáil um scagadh a bhíonn mar thoradh ar chleachtadh um scagadh le haghaidh caibidlí aonair. Ní féidir caibidil a dhúnadh ar bhonn sealadach ach nuair a thaispeánann an tír is iarrthóir go bhfuil acquis caibidle faoi leith curtha chun feidhme aici cheana — nó go gcuirfidh sí chun feidhme é faoi dháta an aontachais agus go mbeidh tagarmharcanna comhlíonta aici i gcás gur socraíodh iad.
Le linn chéim an réamhaontachais, déanann an Coimisiún monatóireacht ar iarrachtaí na tíre is iarrthóir maidir leis an acquis a chur chun feidhme. Cuidíonn sé chomh maith leis na tíortha is iarrthóirí le linn an phróisis le hionstraimí um maoiniú réamhaontachais, amhail TAIEX.
Socruithe idirthréimhseacha — déanann na páirtithe plé chomh maith ar féidir (agus conas) rialacha a thabhairt isteach de réir a chéile chun deis a thabhairt don tír aontachais nó do Bhallstáit (tíortha) AE atá ann cheana oiriúnú dóibh. Pléitear é sin den chuid is mó le linn chéimeanna deiridh na hidirbheartaíochta.
Cuireann an Coimisiún Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas le linn an phróisis, go sonrach trí bhíthin pacáistí bliantúla um méadú ina bhfuil páipéar straitéise cothrománaí i bhfoirm teachtaireachta maidir le beartas um méadú agus tuarascálacha tíre. Pléitear na doiciméid sin i bParlaimint na hEorpa a chuireann a breithnithe isteach i rúin arna nglacadh sa chruinniú iomlánach. Dréachtaíonn na tíortha is iarrthóirí cláir náisiúnta bhliantúla chomh maith ina ndéanann siad a ndul chun cinn féin a mheasúnú maidir le caibidlí éagsúla den acquis a chur chun feidhme.
Aontachas
Nuair a bheidh an idirbheartaíocht aontachais curtha i gcrích i ndiaidh dhúnadh deiridh na gcaibidlí ar fad i bpacáiste, déantar conradh aontachais a ullmhú agus a thabhairt i gcrích trí chomhdháil um dhréachtú Bhallstáit (tíortha) AE. Ní mór don Chomhairle an t-aontachas a fhaomhadh agus ní mór toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil ina leith. Síníonn gach Ballstát AE agus an tír aontachais an conradh ansin. Sula dtiocfaidh an conradh aontachais i bhfeidhm, ní mór do gach Ballstát AE agus an tír aontachais é a shíniú, de réir a nósanna imeachta bunreachta faoi seach.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontais Eorpach — Teideal VI — Forálacha deiridh — Airteagal 49 (sean-Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 43)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 2 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 17)
Nuashonraithe 17.01.2020