Rialacha maidir le Córas Faisnéise Víosaí (VIS) an Aontais Eorpaigh a rochtain

ACHOIMRE AR:

Chinneadh 2008/633/CGB: Córas Faisnéise Víosaí a rochtain ag údaráis thíortha AE agus ag Europol

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?

Uirlis is ea an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a thacaíonn le comhbheartas víosaí AE a chur i bhfeidhm. Ceadaítear ann do thíortha Schengen sonraí víosaí a mhalartú. Tá córas lárnach TF ann agus bonneagar cumarsáide a dhéanann nasc idir an córas lárnach seo agus na córais náisiúnta.

Leis an gcinneadh seo ceadaítear do VIS cionta sceimhlitheoireachta aguscionta coiriúla tromchúiseacha eilea chosc, a bhrath agus imscrúdú a dhéanamh orthu.

Cuireann sé ar chumas údaráis ainmnithe um fhorghníomhú an dlí (amhail údaráis le freagracht maidir le sceimhlitheoireacht nó cionta coiriúla tromchúiseacha a chomhrac, e.g. gáinneáil ar dhrugaí nó gáinneáil ar dhaoine) sna tíortha i Limistéar Schengen agus Europol VIS a rochtain.

Ní mór do na húdaráis ainmnithe náisiúnta nós imeachta a leanúint chun VIS a rochtain tar éis na coinníollacha rochtana go léir a chomhlíonadh.

Leagtar síos rialacha faoin gcinneadh freisin chun sonraí pearsanta sealbhóirí víosaí a chosaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá ceangal idir consalachtaí i dtíortha nach tíortha AE iad agus na pointí trasnaithe teorann seachtraí i dtíortha Schengen, buíochas le VIS. Déantar próiseáil ar shonraí agus ar chinntí a bhaineann le hiarratais víosaí gearrfhanachta chun cuairt a thabhairt ar, nó chun dul trasna, Limistéar Schengen. Cuirtear cosc ar mhí-úsáid doiciméid víosaí chalaoiseacha mar cabhraíonn VIS le gardaí teorann a chinntiú gur mar an gcéanna iad iompróir víosa agus sealbhóir dlisteanach an víosa sin.

Is féidir sonraí VIS a rochtain cás ar chás le hiarratais réasúnta scríofa nó leictreonacha.

Ní fhéadfaidh na húdaráis ainmnithe dul i gcomhairle le VIS ach amháin má bhíonn gá leis nó má bhíonn cúis réasúnach ann go gcabhródh cuardach dá shórt le cionta tromchúiseacha a chosc, a bhrath nó chun imscrúdú a dhéanamh orthu. Féadfaidh sé seo a tharlú mar shampla i gcásanna sceimhlitheoireachta nó le daoine a bhfuil ceangal acu, díreach nó indíreach, le cionta coiriúla tromchúiseacha nó le cionta sceimhlitheora.

Ní fhéadfaidh Europol VIS a rochtain ach amháin laistigh den sainordú aige agus nuair a bhíonn sé riachtanach chun a chuid oibre a dhéanamh.

Cineál cuardach i VIS

Tá cuardaigh i VIS teoranta do shonraí faoi leith, mar shampla:

sloinne, céadainmneacha, inscne agus dáta breithe, áit agus tír bhreithe;

náisiúntacht reatha agus náisiúntacht bhreithe an iarratasóra víosa;

cineál agus uimhir an doiciméid taistil;

cuspóir an taistil, agus an dáta teachta agus dáta imeachta beartaithe;

teorainn bheartaithe don chéad iontráil nó bealach gabhála;

méarloirg;

cineál víosa agus uimhir an ghreamáin víosa;

mionsonraí an duine a d’eisigh cuireadh don iarratasóir víosa, srl.

Má bhíonn an cuardach rathúil ag úsáid aon chuid de na sonraí thuas, féadfaidh na húdaráis sonraí eile a rochtain chomh maith, grianghraif mar shampla.

Cosaint sonraí pearsanta agus slándáil sonraí

Nuair a bhíonn sonraí pearsanta á bpróiseáil de réir an chinnidh seo, ní mór do gach tír AE a chinntiú go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí inti.

Ní fhéadtar sonraí pearsanta a thraschur chuig tíortha nach tíortha AE iad nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin i gcásanna práinneacha agus chun cionta tromchúiseacha a chosc agus a bhrath. Ní mór, áfach, sna cásanna sin, cead a fháil ó na tíortha AE a chuir na sonraí isteach.

Ní mór do thíortha AE freisin slándáil na sonraí, le rochtain orthu i VIS, a chinntiú nuair a dhéantar iad a thraschur chuig na húdaráis ainmnithe.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH SEO?

Beartaíodh le Cinneadh (AE) 2015/1956 ón gComhairle go gcuirfí Cinneadh 2008/633/CGB i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013.

CÚLRA

Bunaíodh VIS le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004. An 7 Márta 2005, ghlac an Chomhairle le cinntí ag cur in iúl go mba cheart rochtain ar VIS a ráthú d’údaráis na dtíortha AE chun sceimhlitheoireacht agus cionta eile coiriúla a chomhrac.

GNÍOMH

Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 129–136)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 60–81)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 23.11.2015