Imirce agus forbairt

Féachtar ar an imirce mar fheithicil chumhachtach - ach dhúshlánach - forbartha sa tír thionscnaimh agus sa tír cheann scríbe araon. Mar feiniméan domhanda, ní féidir leis an Aontas Eorpach (AE) an imirce a bhainistiú leis féin, agus chun comhleasanna agus dúshláin a aithint, déanann AE idirphlé le tíortha comhpháirtíochta, tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais san áireamh.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: “Imirce agus Forbairt: treoshuímh nithiúla éigin” (COM(2005) 390 final an 1.9.2005).

ACHOIMRE

Féachtar ar an imirce mar fheithicil chumhachtach - ach dhúshlánach - forbartha sa tír thionscnaimh agus sa tír cheann scríbe araon. Mar feiniméan domhanda, ní féidir leis an Aontas Eorpach (AE) an imirce a bhainistiú leis féin, agus chun comhleasanna agus dúshláin a aithint, déanann AE idirphlé le tíortha comhpháirtíochta, tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais san áireamh.

Sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún leagtar amach smaointe praiticiúlabhochtaineacht, a chuideoidh lena chinntiú go mbíonn tionchar dearfach ag an imirce ó thíortha nach tíortha an Aontais Eorpaigh iad ar fhorbairt na dtíortha sin agus, go laghdaítear anbhochtaineacht, ach go háirithe, chomh héifeachtach agus is féidir, de bharr na himirce. I measc na smaointe tá an méid seo a leanas.

SEOLTÁIN (IARSCRÍBHINNÍ 2 AND 3)

An t-airgead (seoltáin) a sheoltar abhaile ag oibrithe imirceacha, is cion níos mó é sin d’ioncam na tíortha i mbéal forbartha ná an cúnamh forbartha coigríche (CFC) ó rialtais agus ó ghníomhaireachtaí (mar Unicef). Cé nach féidir an t-airgead príobháideach seo a chur in ionad CFC, cuidíonn sé le forbairt freisin.

Gníomhartha molta

RANNPHÁIRTÍOCHT AN DIASPÓRA I BHFORBAIRT A DTÍORTHA (IARSCRÍBHINN 4)

Go stairiúil, bhí príomhról ag diaspóraí (grúpaí imirceach thar lear) i bhforbairt a dtíortha. Mar aon leis na seoltáin (féach thuas), tuigtear don Choimisiún go bhfuil cumas forbartha ag baint le rannpháirtíocht na ndaoine sin.

Gníomhartha molta

IMIRCE CHIORCLACH AGUS FILLEADH ABHAILE (IARSCRÍBHINN 5)

De réir an Choimisiúin, nuair a fhilleann na himircigh abhaile, fiú go hachomair, déanann siad a scileanna, a gcuid eolais agus/nó a ndearcadh cultúrtha a leathadh. Mar sin, cuidíonn an imirce chiorclach agus an filleadh abhaile le himirce daoine oilte a mhaolú(nuair a théann daoine oilte/éirimiúla ar eisimirce).

Gníomhartha molta

COMHRAC IN AGHAIDH THIONCHAIR DHIÚLTACHA IMIRCE DAOINE OILTE(IARSCRÍBHINN 6)

Féadfaidh ganntanas oibrithe oilte a bheith i dtíortha tionscnaimh de thoradh na himirce, in earnálacha, an earnáil sláinte san áireamh.

Gníomhartha molta

ACHTANNA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Dearcadh domhanda don imirce agus do shoghluaisteacht (COM(2011) 743 final an 18.11.2011).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: A mhó a dhéanamh de thionchar forbartha na himirce - Cion AE d’Idirphlé ardléibhéil na Náisiún Aontaithe agus na chéad chéimeanna eile maidir le nasc forbairt-imirce a leathnú (COM(2013) 292 final an 21.5.2013).

Nuashonraithe 16.09.2014