Capaill (seamhan, ubháin agus suthanna) — trádáil laistigh den Aontas Eorpach

ACHOIMRE AR:

Threoir 90/427/CEE – coinníollacha zóiteicniúla agus ginealaigh lena rialaítear an trádáil eachainmhithe laistigh den AE

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Comhchuibhíonn an treoir na coinníollacha zóiteicniúla* agus ginealaigh a bhíonn i réim nuair a cheannaítear agus nuair a dhíoltar capaill (na heachainmhithe* go léir san áireamh), agus a seamhan, ubháin agus suthanna, laistigh den Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Faoin treoir seo, ní mór capaill a chlárú agusa shainaithint , agus tugtar isteach rialacha ginealaigh, ag cur freagrachta ar an gCoimisiún Eorpach chun:

na critéir ar conas capaill a shainaithint a leagadh amach;

na heagraíochtaí a choimeádann leabhair ghraí* a fhormheas;

capaill a iontráil sna leabhair ghraí.

Sa thrádáil laistigh den Aontas Eorpach, na capaill a chláraítear sa tír sheolta, ní mór iad a iontráil i leabhar graí san tír chinn scríbe faoin ainm céanna.

Tá gach tír in AE freagrach as liosta eagraíochtaí, le cúram leabhar graí orthu, a nuashonrú, agus an liosta seo a scaipeadh idir tíortha eile AE.

Cumhdaítear rialacha zóiteicniúla leis an treoir freisin. Mar shampla, ní mór don Choimisiún rialacha ginearálta a leagadh amach le haghaidh capall cláraithe pórúcháin agus modhanna monatóireachta feidhmíochta. Ina theannta sin, ní mór do thíortha AE deimhin a dhéanamh de go gcuirtear deimhniú bunáite agus sainaitheanta ar fáil nuair a dhíoltar nó nuair a cheannaítear capaill (nó seamhan, ubháin agus suthanna).

Ní féidir cosc nó srian a chur ar thrádáil capall laistigh den Aontas Eorpach ar fhorais ghinealaigh nó zóiteicniúla.

Comhchuibhítear riachtanais sláinte ghinearálta maidir le seamhan, ubháin agus suthanna capall san Treoir 92/65/CEE ina leagtar síos freisin rialacha formheasa i ndáil le hionaid bhailiúcháin agus foirne táirgthe seamhain agus suthanna.

Neartaítear rialacha doiciméadachta agus sainaitheanta AE le Rialachán (AE) 2015/262 maidir le scéim phas capaill a thabhairt isteach.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR SEO?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 4 Iúil 1990. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 1 Iúil 1991.

CÚLRA

Trádáil Eachainmhithe laistigh den Aontas agus Allmhairiú Eachainmhithe

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Eachainmhithe: capaill, asail, séabraí agus ainmhithe crosphóraithe.

* Zóiteicniúil: ag baint le teicneolaíocht riar ainmhithe, ceansú agus pórú san áireamh.

* Leabhar graí: leabhar, nó cineál eile taifid, a bhfuil capaill chláraithe incháilithe liostaithe ann, lena sinsir shainaitheanta luaite.

GNÍOMH

Treoir 90/427/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir leis na coinníollacha zóiteicniúla agus ginealaigh lena rialaítear an trádáil eachainmhithe laistigh den Chomhphobal (IO L 224, 18.8.1990, lgh. 55-59)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 90/427/CEE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 92/353/CEE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 1992 lena leagtar síos na critéir chun eagraíochtaí agus cumainn a fhormheas nó a shainaithint, a choimeádann nó a bhunaíonn leabhair ghraí le haghaidh eachainmhithe cláraithe (IO L 192, 11.7.1992, lgh. 63-65)

Cinneadh 92/354/EEC ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 1992 lena leagtar síos rialacha áirithe chun comhordú a chinntiú idir eagraíochtaí agus cumainn, a choimeádann nó a bhunaíonn leabhair ghraí le haghaidh eachainmhithe cláraithe (IO L 192, 11.7.1992, lch. 66)

Treoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos riachtanais shláinte capall lena rialaítear trádáil agus allmhairiú ainmhithe, seamhain, ubhán agus suthanna, sa Chomhphobal, nach bhfuil faoi réir riachtanais shláinte capall leagtha síos i rialacha sonracha an Chomhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) den Treoir 90/425/CEE (IO L 268, 14.9.1992, lgh. 54–72). Féach an leagan comhdhlúite

Cinneadh 96/78/CE ón gCoimisiún an 10 Eanáir 1996 lena leagtar síos na critéir chun eachainmhithe a iontráil agus a chlárú i leabhair ghraí le haghaidh póraithe (IO L 19, 25.1.1996, lgh. 39–40)

Cinneadh 96/79/CE ón gCoimisiún an 12 Eanáir 1996 ag dréachtú deimhnithe zóiteicniúla seamhain, ubhán agus suthanna ó eachainmhithe cláraithe (IO L 19, 25.1.1996, lgh. 41–49)

Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2015/262 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2015 lena leagtar síos rialacha de bhun na Treorach 90/427/CEE agus na Treorach 2009/156/CE ón gComhairle maidir leis na modhanna sainaitheanta eachainmhithe (Rialachán Phas Eachainmhithe) (IO L 59, 3.3.2015, lgh. 1-53)

Nuashonraithe 27.11.2015