Leathadh galar ainmhithe amhail galar saicíneach na muc a chosc

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/119/CEE— lena dtugtar isteach bearta ginearálta chun galair áirithe ainmhithe a rialú agus bearta sonracha i ndáil le galar saicíneach na muc

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Féachtar inti le cosc a chur ar leathadh galar ainmhithe agus brabúsacht feirmeoireacht beostoic a chaomhnú trí bhearta a shainiú chun ainmhithe a chosaint ar ghalair áirithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Fógra

Ní mór do thíortha AE fógra a thabhairt don údarás inniúil atá freagrach as seiceálacha tréidliachta a dhéanamh ar na cásanna uile galar arna gcumhdach faoin treoir seo gan mhoill.

Galair ainmhithe

Ordaítear sa treoir bearta is infheidhme i gcás ráige den ghalar gormtheanga, de ghalar saicíneach na muc, den fhiabhras Afracach muc nó de cheann ar bith de na galair seo a leanas:

Diagnóis

Dearbhú

A luaithe is a dhearbhaítear láithreacht an ghalair ag an ngabháltas, ní mór don údarás inniúil na bearta a chur i bhfeidhm a bhaineann le:

Féadfar eisceachtaí a thabhairt d’aonaid táirgthe shláintiúil.

Ina theannta sin, ní mór don údarás inniúil crios cosanta 3 km ar a laghad agus crios faireachais 10 km ar a laghad a bhunú thart ar an ngabháltas ionfhabhtaithe, sa chás go bhfuil bearta sonracha le cur i bhfeidhm ar na hainmhithe agus ar na gabháltais ar feadh tréimhse a bheidh chomh fada le tréimhse goir an ghalair ar a laghad. Ní mór na bearta a dhéanfar a chur in iúl do na daoine atá ina gcónaí sna criosanna sin.

Cosc

Nós imeachta coiste

Cuidíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha leis an gCoimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sé i bhfeidhm ón 8 Eanáir 1993. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Deireadh Fómhair 1993.

Déanfar é a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/429 agus cuirfear ina ionad é ón 21 Aibreán 2021.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 92/119/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1992lena dtugtar isteach bearta ginearálta Comhphobail chun galair áirithe ainmhithe a rialú agus bearta sonracha i ndáil le galar saicíneach na muc (IO L 62, 15.3.1993, lgh. 69–85)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/119/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2002/60/CE ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena leagtar síos forálacha sonracha chun fiabhras Afracach na muc a rialú agus lena leasaítear Treoir 92/119/CEE maidir le galar Teschen agus fiabhras Afracach na muc (IO L 192, 20.7.2002, lgh. 27–46)

Féach an leagan comhdhlúite

Treoir 2000/75/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2000 lena leagtar síos forálacha sonracha maidir le galar gormtheanga a rialú agus a dhíothú (IO L 327, 22.12.2000, lgh. 74–83)

Féach an leagan comhdhlúite

Cinneadh 2000/428/CE ón gCoimisiún an 4 Iúil 2000 lena mbunaítear nósanna imeachta diagnóiseacha, modhanna samplála agus critéir chun measúnú a dhéanamh ar thoradh na dtástálacha saotharlainne maidir le dearbhú agus diagnóis dhifreálach ghalar saicíneach na muc (curtha in iúl faoi uimhir dhoiciméid C(2000) 1805) (IO L 167, 7.7.2000, lgh. 22–32)

Nuashonraithe 26.10.2016