Seamhan muc: trádáil agus allmhairí in AE

ACHOIMRE AR:

Treoir 90/429/CEE - trádáil laistigh den Chomhphobal i seamhan muc agus allmhairí de

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR ?

Leagtar síos inti coinníollacha do shláinte ainmhithe maidir le trádáil i seamhan muc idir tíortha AE agus allmhairí ó áiteanna eile ar domhan.

Is í an aidhm an riosca um leathadh galair ainmhithe a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór don seamhan a bheith ó ainmhithe clóis sláintiúla, agus ní mór é a bhailiú agus a phróiseáil in ionaid fhaofa.

Baineann coinníollacha speisialta le bailiú, próiseáil, stóráil agus iompar an tseamhain.

Tá údaráis náisiúnta freagrach as a chinntiú go gcloíonn na hionaid bhailithe leis na caighdeáin riachtanacha agus go dtugtar uimhir chlárúcháin tréidliachta dóibh.

Ní mór deimhniú sláinte ainmhithe a bheith le gach coinsíneacht seamhain.

Ní mór nach dtagann an seamhan allmhairithe ach ó ionaid bhailithe údaraithe amháin i dtíortha neamh-AE ar liosta faofa.

Agus breithniú á dhéanamh ar thír a chur ar an liosta faofa, cuireann AE san áireamh tosca amhail sláinte ghinearálta a beostoic, a rialacha um ghalair ainmhithe a chosc agus a cumas cloí le rialacha AE.

Ní mór deimhniú sláinte ainmhithe a bheith ag gabháil le seamhan allmhairithe. Déantar gach coinsíneacht a sheiceáil nuair a thugtar isteach in AE iad sula n-iompraítear chuig a gceann scríbe iad.

Ní mór do thír AE atá ag súil le coinsíneacht, go díreach nó go hindíreach, ó lasmuigh den Eoraip, a hallmhairiú a chosc dá mba rud é go bhféadfaí galar tógálach a leathadh go hainmhithe AE leis an seamhan.

Féadfaidh saineolaithe tréidlia an Choimisiúin Eorpaigh, a oibríonn leis na húdaráis áitiúla, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i dtíortha neamh-AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sí i bhfeidhm an 12 Iúil 1990. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1991.

CÚLRA

Trádáil in ainmhithe mucacha in AE

GNÍOMH

Treoir 90/429/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe ábhartha is infheidhme maidir le trádáil laistigh den Chomhphobal de sheamhan ainmhithe clóis den speiceas mucach agus allmhairithe de; (IO L 224, 18.8.1990, lgh. 62-73)

Rinneadh leasuithe leantacha ar Threoir 90/429/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh Cur chun Feidhme 2012/137/AE ón gCoimisiún an 1 Márta 2012 maidir le hainmhithe clóis den speiceas mucach a allmhairiú isteach san Aontas (fógartha faoin doiciméad C(2012) 1148) (IO L 64, 3.3.2012, lgh. 29-37)

Nuashonraithe 11.01.2016