Trádáil bó-ainmhithe agus mucra laistigh de AE
ACHOIMRE AR:
Treoir 64/432/CEE maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a imríonn tionchar ar thrádáil bó-ainmhithe agus mucra laistigh d’AE
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
-
Leagtar amach ann rialacha maidir le trádáil bó-ainmhithe* nó mucra* laistigh den Aontas Eorpach (AE), lena bpórú, le bainne agus feoil a tháirgeadh, lena marú nó lena gcur ar taispeáint.
-
Ní chumhdaítear faoin treoir ainmhithe a úsáidtear le haghaidh imeachtaí spóirt nó cultúrtha.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Níl iompar ainmhithe atá cumhdaithe faoin treoir chuig tír AE eile údaraithe ach amháin sna cásanna seo a leanas maidir leis na hainmhithe:
-
ní thaispeánann siad comharthaí galair ar bith;
-
ní bhfuarthas iad ó fhoinse thoirmiscthe nó shrianta faoi dhlí AE nó faoi dhlí náisiúnta;
-
aithníodh iad go hoifigiúil, de réir threoracha agus rialacháin AE;
-
tá deimhniú sláinte ag gabháil leo le linn iompair;
-
tagann siad ó thréad atá saor go hoifigiúil ó eitinn, ó bhrúsallóis nó ó liúcóis bhólachta eansótach (maidir le bó-ainmhithe amháin);
-
ní dhéanfaidh siad teagmháil le hainmhithe de stádas sláinte níos ísle le linn iompair.
-
Ní mór do na feithiclí a úsáidtear le hainmhithe a iompar a bhfolláine a urramú agus ní mór:
-
go bhfuil siad tógtha ionas nach n-éalóidh dramhaíl, easair nó beathú ainmhithe ar bith ó fheithicil;
-
go nglantar agus go ndíghalraítear iad i ndiaidh iad a úsáid, agus más gá, sula gcuirtear lódáil úr ainmhithe orthu, ag baint leas as modhanna ceadaithe;
-
go bhfuil taifead á iompar orthu maidir leis an suíomh, lena n-áirítear dáta agus am ghluaiseacht na n-ainmhithe, maidir le sonraí ar na hainmhithe atá á n-iompar, agus maidir le faisnéis faoi ghlanadh agus faoi dhíghalrú na feithicle, a bheidh le coinneáil ar feadh 3 bliana ar a laghad.
-
Ní mór ainmhithe atá le marú a mharú laistigh de 72 uair an chloig má iompraítear díreach chuig an seamlas iad, nó laistigh de 3 lá má thagann siad trí ionad bailiúcháin ceadaithe.
-
Ní mór láithreacht amhrasta galar ar bith ar an ngabháltas a chur in iúl don údarás inniúil.
-
Ní mór don tréidlia oifigiúil deimhnithe sláinte a dhréachtú i ndiaidh cigireachta.
-
Ní mór do gach déileálaí, a n-áitreabh agus a ngabháltais, a bheith cláraithe agus faofa, agus ní mór do thíortha AE córas faireacháin a thabhairt isteach, lena mbainfidh pionóis chun comhlíonadh a chinntiú.
Aisghairm
Déanfar Treoir 64/432/CEE a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021.
CÉN UAIR ATÁ A THOSACH FEIDHME?
Bhí sé le corprú i ndlí náisiúnta sé thír bhunaidh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (AE anois) faoin 30 Meitheamh 1965.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
bó-ainmhithe: fofhine ainmhithe ina bhfuil eallaí, eallaí Séabú, geacanna, bíosúin agus buabhaill.
mucra: fofhine ainmhithe ina bhfuil muca agus toirc.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 64/432/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a imríonn tionchar ar thrádáil bó-ainmhithe agus mucra laistigh den Chomhphobal (leagan speisialta Béarla: Sraith I Imleabhar 1963-1964, lgh. 164-184)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 64/432/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena aisghairtear gníomhartha áirithe sa réimse sláinte ainmhithe (“Dlí Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)
Nuashonraithe 04.05.2020