An comhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú

Leag an Coimisiún amach na coinníollacha agus na sainrialacha maidir le maoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT). Tionscnaíodh dhá chiste nua: an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta [Féach na hAchtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Cuireann an Rialachán seo creat dlí ar bun maidir le maoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT). Chuige sin, tionscnaíonn sé dhá chiste nua: an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Is cosúil lena chéile modh oibrithe an dá chiste, cé go bhfuil a shainghnéithe féin ag gach ceann acu. Ós rud é go maoinítear roinnt de na bearta go comhpháirteach, leagtar amach sa téacs don Choimisiún na coinníollacha chun a fhreagracht a ghabháil air féin maidir le cur i bhfeidhm buiséid ghinearálta, agus léiríonn sé oibleagáid an chomhair atá ar na Ballstáit.

Leagtar amach sa Rialachán coinníollacha do na Ballstáit maidir leis na gníomhaireachtaí íocaíochta agus na gníomhaireachtaí comhordaithe a fhormheas agus maidir leis an bhformheas a ligean ar lár. Cúram na híocaíochta atá ar na gníomhaireachtaí íocaíochta agus cúram maoirseachta ar chuntasaíocht na ngníomhaireachtaí íocaíochta atá ar na gníomhaireachtaí comhordaithe. Lena chois sin, soláthraíonn an Rialachán seo do chur ar bun gníomhaireachtaí deimhniúcháin, mar atá, comhlachtaí poiblí nó príobháideacha ainmnithe ag na Ballstáit agus a bhfuil ar a gcúram deimhniúchán na gcóras bainisteoireachta, monatóireachta agus rialúcháin ar chuir na gníomhaireachtaí íocaíochta formheasta ar bun iad, agus chuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí seo. Iarrtar ar na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint go éifeachtach. Ina theannta sin, ní mhaoiníonn an Comhphobal ach caiteachas de chuid na ngníomhaireachtaí íocaíochta formheasta amháin agus íocfar leis na tairbhithe san iomlán.

CERT

Más stiúradh comhpháirteach idir na Ballstáit agus an Coimisiún atá i gceist, maoiníonn CERT:

Maoiníonn an ciste seo go lárnach:

Íocann an Coimisiún leis na Ballstáit an t-airgead ar son an chaiteachais a mhaoiníonn CERT, agus é i bhfoirm aisíocaíochtaí míosúla. Soláthraíonn na Ballstáit dearbhú caiteachais agus faisnéis eile agus is dá réir siúd a íoctar leo. Murar i gcomhréir le rialacha an Chomhphobail a ghealltar maoiniú, féadann an Coimisiún na híocaíochtaí a laghdú nó a chur ar fionraí.

Socraíonn an Coimisiún an glan-iarmhéid atá ar fáil mar chaiteachas ag CERT agus cuireann sé ar bun córas rabhaidh agus monatóireachta míosúla ar an gcaiteachas seo. Cuireann sé tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle gach mí ina scrúdaíonn sé forbairt an chaiteachais i gcoibhneas na bpróifílí a socraíodh ag tús na bliana airgeadais agus ina measann sé an fhorbairt is dóiche sa bhliain láithreach.

I gcás neamhrialtachta nó faillí, íoctar na suimeanna bainte amach leis na gníomhaireachtaí íocaíochta, agus cláraíonn siad i measc na bhfáltas daite don CERT iad don mhí inar tógadh iad.

CETFT

Maoiníonn CETFT na scéimeanna um fhorbairt tuaithe a chuirtear i bhfeidhm de réir an Rialacháin (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle, ach iad á riar go comhpháirteach.

Tabharfar na gealltanais bhuiséid chuige sin go bliantúil i bhfoirm réamh-mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochta iarmhéid. Déanfar na híocaíochtaí eatramhacha le haghaidh gach scéim um fhorbairt tuaithe faoi seach, de réir an méid atá ar fáil sa bhuiséad agus faoi bhun uasteorainn leagtha amach i reachtaíocht an Chomhphobail agus breisithe de na suimeanna a shocraigh an Coimisiún agus é ag cur i bhfeidhm na forálacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí agus le margadh an fhíona. Déanfar na híocaíochtaí seo de réir coinníollacha áirithe, mar shampla, dearbhú caiteachais agus iarratas íocaíochta deimhnithe ag an ngníomhaireacht íocaíochta fhormheasta a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chás nach bhfuil an dearbhú seo i gcomhréir le caighdeáin an Chomhphobail, féadann an Coimisiún na híocaíochtaí a laghdú nó a chur ar fionraí.

Má tá neamhrialtacht ag baint leis, cuirfear maoiniú ón gComhphobal ar ceal go hiomlán nó go páirteach nó, má íocadh an maoiniú leis an tairbhí cheana, gheobhaidh an ghníomhaireacht íocaíochta ar ais é. Féadann an Ballstát an t-airgead curtha ar ceal nó faighte ar ais a úsáid faoi choinne gníomh eile sa scéim um fhorbairt tuaithe chéanna.

Maidir le híocaíocht an iarmhéid, déantar í nuair a bheidh an tuarascáil feidhmithe dheiridh maidir le cur i ngníomh na scéime um fhorbairt tuaithe agus an ráiteas imréitigh a bhaineann léi curtha isteach. In éagmais na ndoiciméad riachtanach seo, fuasclófar an t-iarmhéid.

Rialúchán ag an gCoimisiún

Féachfaidh an Coimisiún chuige go ndéanfar Cistí an Chomhphobail a riar i gceart, go háirithe trí nós imeachta in dhá chéim um imréiteach cuntas: imréiteach cuntasóireachta agus imréiteach comhréireachta. Caithfidh na Ballstáit gach faisnéis is gá do dhea-oibriú na gCistí a chur ar fáil don Choimisiún. I dteannta an rialúcháin a dhéanann na Ballstáit i gcomhréir lena gcuid forálacha náisiúnta féin, féadann an Coimisiún rialúcháin a eagrú ar an láithreán. De réir CERT agus CETFT, is féidir na híocaíochtaí le Ballstát a laghdú nó a chur ar fionraí má thagtar ar easpa mhór dhianseasmhach éigin.

Tá ainm thairbhithe na gCistí Talmhaíochta le cur os ard a posteriori, mar aon leis an méid airgid a fuair siad.

Tagairt

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005

18.8.2005

IO L 209 an 11.8.2005

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 320/2006

3.3.2006

IO L 58 an 28.2.2006

Rialachán (CE) Uimh. 378/2007

12.4.2007

IO L 95 an 5.4.2007

Rialachán (CE) Uimh. 1437/2007

14.12.2007

IO L 322 an 7.12.2007

Rialachán (CE) Uimh. 479/2008

13.6.2008

IO L 148 an 6.6.2008

Rialachán (CE) Uimh. 13/2009

16.1.2009

IO L 5 an 9.1.2009

Rialachán (CE) Uimh. 73/2009

1.2.2009

IO L 30 an 31.1.2009

Rialachán (CE) Uimh. 473/2009

9.6.2009

IO L 144 an 9.6.2009

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005. Is chun críche tagartha amháin an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR) seo.

ACHTANNA GAOLMHARA

Na suimeanna ar fáil agus caiteachas eisiata

Cinneadh 2008/321/CE [Iris Oifigiúil L 109 an 19.4.2008].

Sa Chinneadh seo tá liosta de na cineálacha caiteachais nach bhfuil maoiniú an Chomhphobal ar fáil dóibh toisc nach bhfuil siad i gcomhréir le rialacha maoinithe an CBT. Is de dheasca deimhnithe, díospóireachtaí déthaobhacha agus idir-réitigh a d’eisiaigh na gníomhaireachtaí íocaíochta de chuid Ballstát áirithe an caiteachas seo ó 2002 go dtí 2007, agus dá thairbhe sin baintear na suimeanna i gceist as.

Cinneadh 2009/379/CE [Iris Oifigiúil L 117 an 12.5.2009].

Leagtar amach sa Chinneadh seo na suimeanna a chuirtear ar fáil don CERT agus don CETFT i rith na tréimhse 2007-2013.

Modhanna chur i bhfeidhm

Rialachán (CE) Uimh. 883/2006 [Iris Oifigiúil L 171 an 23.6.2006].

Sa Rialachán seo tá modhanna chur i bhfeidhm an Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle, maidir le cuntasóireacht na ngníomhaireachtaí íocaíochta, maidir le dearbhuithe caiteachais agus fáltais agus maidir le coinníollacha aisíocaíocht an chaiteachais de réir CERT agus CETFT.

Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR)

Rialachán (CE) Uimh. 884/2006 (DE) (EN) (FR) Iris Oifigiúil L 171 an 23.6.2006].

Sa Rialachán seo tá modhanna chur i bhfeidhm an Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle, maidir le maoiniú ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) ar son beart idirghabhála i bhfoirm stórála poiblí agus chuntasóireacht na stórála poiblí a dhéanann gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát.

Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR)

Rialachán (CE) Uimh. 885/2006 [Iris Oifigiúil L 171 an 23.6.2006].

Sa Rialachán seo tá modhanna chur i bhfeidhm an Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle maidir le formheas na ngníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile agus maidir le himréiteach chuntais CERT agus CETFT.

Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR)

Rialachán (CE) Uimh. 259/2008 [Iris Oifigiúil L 76 an 19.3.2008].

Sa Rialachán seo tá modhanna chur i bhfeidhm an Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle maidir le foilsiú faisnéise faoi thairbhithe CERT agus CETFT. Tá sí le foilsiú ar shuíomh idirlín amháin faoi cheann 30 Aibreán gach bliain agus sonraí pearsanta an tairbhí agus an tsuim a fuair sé inti.

Imréiteach na gcuntas

Rialachán (CE) Uimh. 941/2008 [Iris Oifigiúil L 265 an 9.10.2009].

Leagtar amach sa Rialachán seo foirm agus ábhar na faisnéise cuntasóireachta atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin chun imréiteach chuntais CERT agus CETFT a dhéanamh, agus chun monatóireacht agus réamhaisnéis a dhéanamh.

Cinneadh 2009/373/CE [Iris Oifigiúil L 116 an 9.5.2009].

Cuirtear i láthair leis an gCinneadh seo imréiteach chuntais na ngníomhaireachta íocaíochta de chuid na mBallstát maidir leis an gcaiteachas a mhaoinigh an CETFT don bhliain airgeadais 2008.

Cinneadh 2009/367/CE [Iris Oifigiúil L 111 an 5.5.2009].

Cuirtear i láthair leis an gCinneadh seo imréiteach chuntais na ngníomhaireachta íocaíochta de chuid na mBallstát maidir leis an gcaiteachas a mhaoinigh CERT don bhliain airgeadais 2008.

Neamhrialtacht, calaois agus aisghabháil

Rialachán (CE) Uimh. 1848/2006 [Iris Oifigiúil L 355 an 15.12.2006]. Cuirtear i láthair leis an Acht seo gníomhaíochtaí faisnéise agus imscrúdaithe na mBallstát i gcás calaoise maidir le maoiniú tríd an gcomhbheartas talmhaíochta, agus cuirtear ar bun leis córas faisnéise sa réimse seo.

Fiosruithe

Rialachán (CE) Uimh. 78/2008 [Iris Oifigiúil L 25 an 30.1.2008].

Baineann an tAcht seo leis na bearta le déanamh ag an gCoimisiún, don tréimhse 2008-2013, trí fheidhmeanna cianbhraiteacha tionscanta de réir an chomhbheartais talmhaíochta.

Nuashonrú is déanaí: 10.09.2009