Beartas forleathan Eorpach um an imirce

Cuireann an Coimisiún sraith beart i láthair chun beartas forleathan Eorpach um an imirce a chur ar bun, atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht níos mó idir na Ballstáit agus a ligfidh don Aontas Eorpach (AE) aghaidh a thabhairt níos fearr ar dhúshláin na himirce.

ACHT

Cumarsáid ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún an 4 Bealtaine 2011, dar teideal “Communication on migration” [COM(2011) 248 – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Tharraing réabhlóidí na nArabach san earrach 2011 mórphlódú d’inimircigh anall ó dheisceart na Meánmhara, a tháinig isteach go neamhdhleathach san Aontas Eorpach (AE) i ndiaidh dóibh cósta na hIodáile agus Mhálta a bhaint amach. Rinne an AE bearta éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar an gcás seo. Mar sin féin, chuaigh na himeachtaí seo thar acmhainn an Aontais Eorpaigh ó thaobh imirce de agus is gá níos mó dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit sa réimse seo.

Mar sin, cuireann an Coimisiún tionscnaimh i láthair chun beartas forleathan Eorpach um an imirce a chur ar bun, a bheidh ábalta aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin de dheasca na himirce. Caithfidh an beartas seo aird a thabhairt ar thraidisiún Eorpach an tearmainn agus na cosanta agus é ag cur coisc le teacht aimhrialta thar a chuid teorainneacha.

Tugtar faoi roinnt gnéithe eile den imirce chomh maith:

Caithfidh rialú theorainneacha seachtracha an AE a bheith éifeachtach agus ardleibhéal slándála a choinneáil agus é ag éascú trasnú na ndaoine atá i dteideal teacht isteach san AE. Tá de rún ag an gCoimisiún na comhrialacha atá ann a neartú. Go háirithe tá rún aige córas Eorpach gardaí teorann a chur ar bun. Tá sé ag éileamh go bhfeabhsaítear an comhar idir na húdaráis náisiúnta agus an malartú faisnéise fosta má tharlaíonn rud ar bith ag an teorainn sheachtrach, go háirithe trí mheán an chórais EUROSUR. Caithfear cumas oibriúcháin na gníomhaireachta Frontex a neartú chomh maith.

Caithfear cur i bhfeidhm rialacha Schengen ag na Ballstáit a mheasúnú ag leibhéal an AE, agus saineolaithe ó na Ballstáit agus Frontex ag glacadh páirte, faoi stiúradh an Choimisiúin. Tá de rún ag an gCoimisiún fosta meicníocht a chur ar bun chun cinneadh ag leibhéal Eorpach an dtabharfar isteach go hurghnách rialú ag teorainneacha inmheánacha an athuair.

Ar deireadh, chun inimirce aimhrialta a chosc, tá an Coimisiún ag éileamh gur gá beartas Eorpach an aisdúichithe (inimircigh neamhdhleathacha nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chur ar ais chuig a dtír féin) atá cothrom agus éifeachtach. Tá sé ag éileamh go dtrasuí gach uile Bhallstát Treoir an “aisdúichithe”, faoi chomhrialacha agus faoi chomhnósanna imeachta maidir le aisdúichiú na n-inimirceach neamhdhleathacha, agus an Treoir a chuireann pionós faoi fhostú daoine atá sa tír go haimhrialta, ina reacht náisiúnta féin. Ar deireadh, admhaíonn sé éifeachtacht na gcomhaontuithe le tríú tíortha um athcheadú isteach daoine a bhfuil a stádas neamhdhlíthiúil, ach is é a thuairim ná go gcaithfear iad siúd a thuiscint i gcomhthéacs an chaidrimh ghinearálta idir an AE agus na tíortha atá i gceist agus dreasachtaí ag gabháil leo a chuidíonn leis na tíortha sin iad a chur i bhfeidhm.

Molann an Coimisiún gluaisteacht atá eagraithe níos fearr bunaithe ar an gcomhoibriú (idir na gníomhaireachtaí Eorpacha Frontex agus Europol, agus idir na húdaráis chustaim agus phóilíneachta náisiúnta) agus ar theicneolaíochtaí nua. Dá mbeadh córas isteach/amach Eorpach ann, bheadh na sonraí ar fáil ag na húdaráis nuair a thrasnódh náisiúnaithe as tríú tíortha an teorainn. San am céanna, dá gclárófaí na taistealaithe, d’fhéadfaí rialú teorann a uathoibriú do dhaoine a thaistealaíonn go minic.

Is uirlis thábhachtach é beartas na víosaí fosta maidir leis an ngluaisteacht. Chun caimiléireacht ar na córais léirscaoilte víosaí a sheachaint, molann an Coimisiún clásal cosanta a thabhairt isteach lena bhféadfaí oibleagáid an víosa a thabhairt isteach go sealadach arís do shaoránaigh tríú tíre a bhaineann leas as an gcóras seo.

San am céanna, admhaíonn an tAontas gur lucht oibre iad na himircigh nach bhféadfadh an AE déanamh dá uireasa, idir chun easpa oibrithe in earnálacha áirithe a fhreastal agus ina n-oibrithe ardoilte. Tá sé tábhachtach mar sin glacadh lena gcuid cáilíochtaí agus na nósanna imeachta riaracháin a éascú. Tá dúil ag an gCoimisiún dul ar aghaidh le tionscadal an cheada aonair a údaraíonn d’eachtrannaigh le bheith ina gcónaí agus le bheith ag obair i mBallstát agus iarrann sé ar thíortha an AE an Treoir faoi Chárta Gorm na hEorpa a thrasuí ina reacht náisiúnta, rud a d’éascódh earcaíocht na ndaoine ardoilte. Chuir sé tograí i láthair fosta a bhaineann leis na hoibrithe séasúracha agus leis na daoine ar aistrigh a gcuideachta go sealadach iad. Chun faisnéis shoiléir phraiticiúil a sholáthar d’imircigh, tá an Coimisiún ag seoladh Thairseach an AE um an inimirce i mbliana.

Ar deireadh, agus na himircigh á gcomhtháthú i sochaí na hEorpa, caithfear aird a thabhairt ar an gcothromaíocht idir cearta na n-imirceach agus dlí agus cultúr na dtíortha a ghlacann isteach iad. Is gá go ndéana idir imircigh agus na tíortha a ghlacann isteach iad a ndícheall. Tá comhtháthú rathúil riachtanach chun an leas eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha is mó a bhaint as an inimirce, ar son idir dhaoine agus shochaithe. Chuir an Coimisiún an Clár Oibre Eorpach um Chomhtháthú Náisiúnaithe as Tríú Tíortha i láthair in Iúil 2011.

Caithfear comhchóras Eorpach an tearmainn a chur ar bun roimh 2012. Féachann sé seo chuige go laghdaítear na difríochtaí idir thíortha an AE maidir le torthaí na n-iarratas ar thearmann, agus go ráthaítear comhthacar ceart agus nósanna imeachta agus go ndéantar de réir Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh stádas dídeanaithe. Neartóidh an oifig tacaíochta tearmainn an comhar sa réimse seo.

Éilíonn an Coimisiún go raibh athlonnú dídeanaithe (dídeanaithe atá i dteideal cosanta i dtríú tír a athlonnú go buan i mBallstát) ina bhunchuid den bheartas Eorpach um thearmann.

Ní mór na saincheisteanna a bhaineann leis an imirce a chomhtháthú i gcaidreamh seachtrach ginearálta an AE. Caithfear cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir eagrú na himirce dleathaí, an troid in aghaidh na himirce aimhrialta agus uasmhéadú na tairbhe ceachtartha ar son na forbartha atá ann san imirce. Caithfear an ghné dhaonna den scéal a threisiú trí mheán cur chuige a bhfuil na himircigh ina cheartlár.

Maidir le tíortha dheisceart na Meánmhara, thairg an tAontas idirphlé struchtúrtha faoin imirce dóibh d’fhonn comhpháirtíochtaí soghluaisteachta a chur ar bun chun teacht chuig limistéar an AE a éascú dá gcuid saoránach mar mhalairt ar a gcomhoibriú chun plódú isteach na n-imirceach a bhainistiú. Athchóireoidh an Coimisiún a bheartas comharsanachta leis na tíortha seo fosta.

Nuashonrú is déanaí: 09.10.2011