Cearta íospartach a neartú san Aontas Eorpach (AE)

Féachtar leis an dlí seo de chuid an AE aitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta a chinntiú chun cearta íospartach a neartú san AE.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta (IO L 181, 29.6.2013, lch. 4).

ACHOIMRE

Faoin rialachán seo de chuid an AE, leagtar amach rialacha maidir le meicníocht shimplí thapa chun bearta cosanta a aithint in ábhair shibhialta arna n-ordú i mBallstáit an AE.

Féachtar anseo go mbeidh íospartaigh foréigin (mar shampla, foréigean baile) nó iad siúd a bhfuil a sláine fhisiciúil agus/nó síceolaíochta nó a saoirse i mbaol, lena mbaineann beart cosanta a cuireadh i bhfeidhm i mBallstát amháin den AE, in ann leas a bhaint as an leibhéal céanna cosanta i mBallstáit eile den AE má bhogann siad go dtí Ballstát eile nó má théann siad ag taisteal ann, agus go mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh gan tabhairt faoi nósanna imeachta am-íditheacha.

Ceaptar beart cosanta i mBallstát den AE chun íospartaigh foréigin a chosaint (m.sh. foréigean baile, stalcaireacht nó foréigean i gcoinne leanaí) má tá sláine fhisiciúil agus/nó síceolaíochta nó saoirse an duine sin i mbaol.

Eisíonn údarás breithiúnais nó údarás eile bearta cosanta ar iarratas an duine i mbaol. Ordaítear mórán beart gan an duine is cúis leis an íospartach a bheith i mbaol a sheirbheáil, go háirithe i gcás nósanna imeachta práinne.

Tá níos mó daoine ag bogadh go dtí tíortha eile nó ag taisteal thar lear. Tá sé fíorthábhachtach, mar sin, cosaint shealadachnuair a théann an duine ag taisteal nó nuair dá leithéid a sholáthraítear i mBallstát amháin den AE a chothúnuair a théann an duine ag taisteal nó nuair a bhogann an duine go dtí Ballstát eile den AE gan tabhairt faoi nósanna imeachta am-íditheacha.

Ceapadh deimhniú caighdeánach ilteangach chun an próiseas a luathú, deimhniú a chinntíonn go n-aithneofar, sa Bhallstát a d’imigh an duine i mbaol chuici, an beart cosanta a eisíodh sa Bhallstát tionscnaimh den AE gan gá a bheith le foirmiúlachtaí idirmheánacha.

Tá an t-eolas go léir sa deimhniú seo riachtanach chun an beart cosanta a aithint agus, más infheidhme, chun é a chur i bhfeidhm. Oibríonn an deimhniú mar seo a leanas:

TAGAIRT

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 606/2013

11.1.2015

-

IO L 181, 29.6.2013, lch. 4

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh coireachta, agus a thagann in ionad Chinneadh Réime na Comhairle 2001/220/JHA [Iris Oifigiúil IO L 315, 14.11.2012, lch. 57]

Cuirtear an treoir seo in ionad fhorálacha an Chinneadh Réime 2001/220/JHA maidir le seasamh íospartach in imeachtaí coiriúla. Féachtar léi na nithe seo a leanas a chur chun cinn: an ceart chun na dínite, na beatha, na sláine fisiciúla agus meabhraí, na saoirse agus na slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart chun maoine, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, prionsabal an chomhionannais idir fir agus mná, cearta an linbh, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, agus an ceart chun trialach córa, eadhon chun íoschaighdeáin a leagadh amach ar leibhéal an AE maidir le híospartaigh coireachta a chosaint.

Nuashonrú is déanaí: 07.03.2014