Triail chóir: cearta daoine atá faoi amhras chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/64/AE — an ceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Bunaítear íosrialacha AE inti maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí chun an Barántas Gabhála Eorpach a fhorghníomhú.

Tá sí ina céad chéim i sraith beart chun íosrialacha a bunú i gcomhair cearta nós imeachta ar fud AE de réir threochlár 2009. Tháinig an treoir maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla ina diaidh in 2012.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceart chun ateangaireachta

Ní mór ateangaireacht a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá faoi amhras nó a cúisíodh nach labhraíonn nó nach dtuigeann teanga na n-imeachtaí coiriúla lena n-áirítear le linn:

ceistiú na bpóilíní

cruinnithe riachtanacha idir an cliant agus an t-aturnae

gach éisteacht chúirte agus éisteachtaí eatraimh riachtanacha ar bith.

Is féidir ateangaireacht trí fhíschomhdháil, tríd an nguthán, nó tríd an idirlíon a úsáid mura gcaithfidh an t-ateangaire a bheith i láthair go pearsanta chun cothroime a chinntiú.

An ceart chun doiciméid riachtanacha a bheith aistrithe

Ní mór aistriúchán scríofa de na doiciméid atá riachtanach dá gcosaint a chur ar fáil do dhaoine atá faoi amhras nó a cúisíodh nach dtuigeann teanga na n-imeachtaí coiriúla. Áirítear air sin:

cinneadh ar bith lena mbainfí a shaoirse nó a saoirse de dhuine

ionchúiseamh nó díotáil ar bith

breithiúnas ar bith.

Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh doiciméid ar bith eile a aistriú cás ar chás. Féadfaidh na daoine atá faoi amhras nó a cúisíodh nó a ndlíodóir aistriúchán ar dhoiciméid riachtanacha eile a iarraidh.

In imeachtaí maidir le Barántas Gabhála Eorpach a fhorghníomhú, ní mór ateangaireacht a chur ar fáil do na daoine lena mbaineann mar aon le haistriúchán den bharántas, más gá.

Cáilíocht na hateangaireachta agus an aistriúcháin

Ní mór don ateangaireacht agus don aistriúchán bheith de cháilíocht ar leor é go dtuigfidh na daoine lena mbaineann an cás ina gcoinne agus lena ceart cosanta a fheidhmiú. Chun na críche seo, ceanglaítear ar thíortha AE clár aistritheoirí agus ateangairí neamhspleácha agus cáilithe a bhunú a bheadh ar fáil do dhlíodóirí agus do na húdaráis ábhartha.

CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Ón 15 Samhain 2010. Bhí sí le trasuí i ndlí náisiúnta na dtíortha AE faoin 27 Deireadh Fómhair 2013.

CÚLRA

Cearta daoine a cúisíodh chun ateangaireachta agus aistriúcháin.

GNÍOMH

Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lgh. 1-7)

Nuashonraithe 30.10.2015