Comhar Eorpach i gcosc na coireachta

Cinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle - lena mbunaítear líonra Eorpach um chosc na coireachta (EUCPN)

GNÍOMH

Cinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta (EUCPN) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/427/CGB

ACHOIMRE

Cuirtear feabhas ar bheartas um chosc na coireachta san Aontas Eorpach le comhar idir údaráis ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil, agus saineolaithe agus cleachtóirí eile sa réimse.

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?

Bunaítear leis an líonra Eorpach um chosc na coireachta (EUCPN) chun cuidiú le forbairt na mbeart um chosc na coireachta in AE. Cuirtear creat ar fáil leis don chomhar idir thíortha AE; tacaíonn an líonra freisin le gníomhaíochtaí um chosc na coireachta ar na leibhéil náisiúnta agus áitiúla.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá EUCPN freagrach as:

feabhas a chur ar chomhar, ar theagmhálacha agus ar mhalartuithe faisnéise idir na páirtithe leasmhara;

faisnéis maidir le cosc na coireachta a bhailiú, a mheas agus a chomhroinnt;

comhdhálacha agus gníomhaíochtaí a eagrú chun cosc na coireachta a fhorbairt agus torthaí na hoibre ar chosc na coireachta a chomhroinnt;

saineolas a sholáthar do na hinstitiúidí Eorpacha (an Chomhairle agus an Coimisiún);

tuairisc bhliantúil a thabhairt don Chomhairle faoina chuid oibre;

clár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a thugann aghaidh ar bhagairtí coireachta ábhartha.

Baintear cuspóirí EUCPN amach trí chlár oibre bliantúil, cuid de straitéis ilbhliantúil (2010-15).

Tá an líonra comhdhéanta de:

Bord - atá freagrach as a bhainistíocht ar an iomlán;

Rúnaíocht— a thugann tacaíocht riaracháin don Bhord;

pointí teagmhála— a thacaíonn leis na malartuithe faisnéise agus saineolais idir na hionadaithe náisiúnta.

Gníomhaíochtaí

Cuireann EUCPN roinnt gníomhaíochtaí i gcrích, lena n-áirítear:

dea-chleachtas a chothú - trí bhunachar ina bhfuil samplaí ar fud an Aontais Eorpaigh de thionscnaimh agus de thionscadail ar chosc na coireachta (ó chosc ar choireacht thromchúiseach go dtí an chibearchoireacht);

Comhdháil an Dea-Chleachtais a eagrú - ócáid bhliantúil do lucht déanta beartais, cleachtóirí agus taighdeoirí chun eispéiris agus dea-chleachtas i gcosc na coireachta a chomhroinnt agus a chur ar aghaidh, chomh maith le sábháilteacht agus slándáil i dtíortha AE;

bronnadh an ghradaim Eorpaigh um chosc na coireachta a fhéachann le gradam a thabhairt don tionscadal Eorpach is fearr um chosc na coireachta. Tá an gradam ar oscailt do thionscadal, tionscnamh nó pacáiste de bhearta ar bith atá ceaptha leis an gcoireacht agus leis an eagla roimh an gcoireacht a laghdú laistigh den téama atá sainithe;

tátail agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar thaighde chun an choireacht a chosc a bhailiú agus a chothú. Féachtar le “boscaí uirlisí”maidir le gnéithe ar leith de chosc an coireachta cleachtóirí áitiúla agus lucht déanta beartais a chur ar an eolas, a thacú agus a spreagadh le heolas iarbhír i bhfoirm doiciméid atá éasca le léamh;

cartlann a chruthú agus a chothabháil de staidéir, ailt agus doiciméid eile maidir le cosc na coireachta atá inrochtana trí inneall cuardaigh leabharlainne ar líne ar shuíomh gréasáin EUCPN.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH SEO?

Ón 30 Samhain 2009.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin an líonra Eorpaigh um chosc na coireachta.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh 2009/902/CGB

30.11.2009

-

IO L 321. 8.12.2009, lgh. 44-46

Nuashonrú is déanaí: 13.08.2015