Comhrac in aghaidh coireachta eagraithe: cionta a bhaineann le rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Réime 2008/841/CGB maidir leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH RÉIME?
- Rinneadh coir as iompar a bhain le rannpháirtíocht in eagraíocht leis.
- Féachtar leis le dlíthe an Aontais Eorpaigh (AE) Bhallstáit AE maidir le coiriúlú na gcionta sin a chomhchuibhiú agus leagtar síos leis pionóis as na cionta sin.
Cionta
Ní mór do na Ballstáit ceann amháin ar a laghad den dá chineál iompair sin a aithint mar chion:
1.
rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí coiriúla eagraíochta, agus eolas ar a n–aidhmeanna nó ar a rún coireanna a dhéanamh;
2.
aontú ar choireanna a dhéanamh gan an ngá páirt a ghlacadh iontu.
Pionóis
- Ní mór do na Ballstáit pionóis a leagan síos a chomhfhreagraíonn do na cionta thuasluaite:
- don chéad rogha, is é 2 bhliain príosúnachta ar a laghad an riachtanas d’uasleibhéal an phionóis;
- don dara rogha, is é 2 bhliain príosúnachta ar a laghad an riachtanas d’uasleibhéal an phionóis nó uastéarma príosúnachta atá coibhéiseach leis na gníomhaíochtaí beartaithe.
- D’fhéadfadh pionóis a laghdú i gcúinsí ar leith, amhail go ndéanann an ciontóir an ghníomhaíocht choiriúil a thréigean nó go gcomhoibreoidh sé nó sí trí chiontaigh eile a ainmniú agus a thabhairt chun an dlí.
- Ar bhonn an chinnidh réime, ní mór do na Ballstáit rialacha a thabhairt isteach a bhfuil sé mar aidhm leo daoine dlítheanacha (amhail cuideachtaí) a chur faoi dhliteanas as na cionta thuasluaite nuair a dhéanann duine ag a bhfuil ról ceannasach sa duine dlítheanach iad ar a shon.
- Caithfidh na pionóis maidir le daoine dlítheanacha a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Ba chóir go n–áireofar fíneálacha leo sin, ach d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leo chomh maith:
- deireadh a chur leis an gceart ar chúnamh poiblí;
- cosc a chur go sealadach nó go buan ar ghníomhaíochtaí tráchtála agus ar áitribh a úsáideadh do na cionta;
- cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;
- foirceannadh breithiúnach nó leachtú gnó.
Dlínse agus comhordú ionchúisimh
- Ní mór dlínse Ballstáit a leathnú chuig na cionta nuair is duine dá náisiúnach a dhéanann iad, go hiomlán nó i bpáirt, nó nuair a dhéantar iad ar son duine dlítheanach atá bunaithe ina gcríoch, go hiomlán nó i bpáirt.
- Má thagann an cion faoi dhlínse roinnt Ballstát, ní mór dóibh oibriú i gcomhar lena chéile, mar shampla, trí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát ionchúisimh agus chun na himeachtaí a lárú.
- Ní mór cuntas speisialta a thabhairt san áireamh ar:
- an áit a ndearnadh an cion;
- náisiúntacht nó áit chónaithe an chiontaigh;
- tír thionscnaimh an íobartaigh; agus
- an chríoch ina bhfuarthas an ciontach.
Cionta a théann i gcion ar leasanna airgeadais AE
- Leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/1371 rialacha a bhaineann le cionta coiriúla agus pionóis maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais (féach an achoimre).
- Le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (féach an achoimre), tugtar cumhacht OIPE i ndáil leis na cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/1371. I gcomhréir le hAirteagal 22(2) den rialachán céanna, tá cumhacht ag OIPE freisin maidir le cionta a bhaineann le rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, mar a shainítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB, más é fócas gníomhaíochta coiriúla eagraíochta coiriúla dá leithéid coireanna a dhéanamh a théann i gcion ar leasanna airgeadais AE.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH RÉIME?
Tá sé i bhfeidhm ón 11 Samhain 2008.
CÚLRA
Ó na 1990í i leith, tá bearta déanta ag AE chun an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a dhéanamh níos éifeachtaí.
- 1997: Ghlac AE a chéad bheart gníomhaíochta chun coireachta eagraithe a chomhrac.
- 1998: Ghlac AE Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/733/CGB maidir le rannpháirtíocht i gcoireacht eagraithe.
- 2000: ghlac Comhthionól Ginearálta Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, an chéad ionstraim dlí domhanda in aghaidh coireachta eagraithe trasteorann, a tháinig i bhfeidhm 2003.
- 2002: ghlac AE Cinneadh Réime 2002/475/CGB maidir le comhrac in aghaidh sceimhlitheoireachta (lena sainítear “grúpa sceimhlitheoirí” ar bhunús an tsainmhínithe ar “eagraíocht choiriúil” i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 98/733/CGB), a aisghaireadh le Treoir (AE) 2017/541 agus ar cuireadh an Treoir sin ina ionad ina dhiaidh sin, féach an achoimre).
- 2004: aithníodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach an gá le feabhas a chur ar bhearta a úsáidtear le comhrac in aghaidh coireacht eagraithe; trí bhíthin Chinneadh 2004/579/CE d’aontaigh AE do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.
- 2008: Ghlac AE Cinneadh Réime 2008/841/JHA a dhéanann Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/733/JHA a aisghairm agus a chuirtear ina háit.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lgh. 42-45).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1-71).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais AE trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 29–41).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, 31.3.2017, lgh. 6–21).
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus na prótacail leis.
Cinneadh 2004/579/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (IO L 261, 6.8.2004, lch. 69).
Nuashonraithe 16.03.2022