Aistriú ó Chóras Faisnéise Schengen (SIS 1+) chuig an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II)

Sa bhliain 2013, cuireadh an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) in ionad SIS 1+. Is éard is SIS II ann ná córas mórscála faisnéise a bhaineann le saoirse, le slándáil agus le ceartas. Tá foláirimh ann maidir le catagóirí áirithe daoine agus ábhar agus meastar gur córas ríthábhachtach é chun ardleibhéal slándála a chothú i gceantar nach bhfuil rialuithe inmheánacha teorainneacha ann (limistéar Schengen).

ACHTANNA

Rialachán (CE) Uimh. 1104/2008 ón gComhairle maidir le haistriú ón gCóras Faisnéise Schengen (SIS 1+) chuig an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha].

Cinneadh 2008/839/CGB ón gComhairle maidir le haistriú ón gCóras Faisnéise Schengen (SIS 1+) chuig an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha].

Tá na hachtanna dlíthiúla seo (a chuimsíonn achtanna leasaitheacha) imithe as feidhm.

ACHOIMRE

Bunaíodh Córas Faisnéise Schengen (SIS) i dtús báire faoi chreat idir-rialtasach Choinbhinsiún Schengen. I ndiaidh Chonradh Amstardam, comhtháthaíodh an córas i gcreat an Aontais Eorpaigh (AE). Bhí faisnéis sa chóras fúthu siúd go mb’fhéidir gur ghlac siad páirt i gcoireanna tromchúiseacha nó go mb’fhéidir nach raibh an ceart acu dul isteach inAE nó fanacht ann. Bhí foláirimh ann chomh maith maidir le daoine ar iarraidh, go háirithe leanaí, chomh maith le faisnéis maidir le feithiclí, le hairm time, le nótaí bainc, agus le doiciméid aitheantais go mb’fhéidir gur goideadh nó gur cailleadh iad nó go ndearnadh mí-leithghabháil orthu.

B’éigean an córas den chéad ghlúin a athsholáthar áfach toisc an mearathrú teicneolaíochta agus méadú geografach ar AE.

AISTRIÚ Ó SIS 1+ CHUIG SIS II

Ceapadh leagan nuashonraithe de SIS (SIS1+) chun limistéar Schengen a shíneadh chuig tíortha nua AE. B’éigean feabhas a chur air chomh maith chun córas a bheadh cothrom le dáta, lena mbainfeadh feidhmiúlachtaí breise, a chur in ionad an chórais bhunaidh.

I measc ceisteanna eile, is féidir leas a bhaint as bithmhéadracht agus as cineálacha nua foláireamh, agus is féidir foláirimh éagsúla a nascadh (amhail foláireamh duine agus foláireamh feithicle), buíochas le SIS II.

Thóg sé níos mó ama ná mar is gnách chun an córas úrscothach TF seo a fhorbairt, arb é an córas den chineál sin is mó ar domhan, toisc athruithe ar an timpeallacht dhlíthiúil, theicniúil agus pholaitiúil agus b’éigean diantastálacha a dhéanamh air chun ardleibhéal feidhmíochta agus slándála a chinntiú.

AISTRIÚ Ó CHÓRAS AMHÁIN CHUIG CÓRAS EILE

Ba iad seo a leanas na céimeanna teicniúla arna nglacadh le linn an aistrithe ó SIS 1+ chuig SIS II:

Céim thástála:

Rinneadh sraith tástálacha ar SIS II ar feadh tréimhse fada sular cuireadh i bhfeidhm go hiomlán é. Ba í an tástáil chuimsitheach an tástáil ba thábhachtaí, tástáil a rinneadh ar phríomhpháirteanna uile SIS II. Chun bheith in annSIS II a chur i bhfeidhm b’éigean pas a fháil sa tástáil seo mar réamhchoinníoll teicniúil dlíthiúil.

D’éirigh le Ballstáit uile an AE, atá ag glacadh páirte in SIS II, an chéim tástála seo a chur i gcrích sa bhliain 2013. Mar thoradh, aistríodh go buan ón chóras den chéad ghlúin chuig SIS II an 9 Aibreán 2013. An 9 Bealtaine 2013, thug an Ghníomhaireacht Eorpach um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais faoi fheidhmíocht laethúil an chórais lárnaigh SIS II.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil anseo thíos:

TAGAIRTÍ

Achtanna

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1104/2008

11.11.2008

-

IO L 299, 8.11.2008, lgh. 1-8

Cinneadh 2008/839/CGB

11.11.2008

-

IO L 299, 8.11.2008, lgh. 43-49

Acht/Achtanna lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1104/2008

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 541/2010

25.6.2010

-

IO L 155, 22.6.2010, lgh. 19-22

Rialachán (AE) Uimh. 1273/2012

30.12.2012

-

IO L 359, 29.12.2012, lgh. 32-44

Acht/Achtanna lena leasaítear Cinneadh 2008/839/CGB

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 542/2010

25.6.2010

-

IO L 155, 22.6.2010, lgh. 23-26

Rialachán (AE) Uimh. 1272/2012

30.12.2012

-

IO L 359, 29.12.2012, lgh. 21-31

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le rochtain ar an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag seirbhísí sna Ballstáit atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint (IO L 381, 28.12.2006, lgh. 1-3).

Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le bunú, le feidhmiú agus le húsáid na dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) (IO L 381, 28.12.2006, lgh. 4-23).

Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir le bunú, le feidhmiú agus le húsáid na dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) (IO L 205, 7.8.2007, lgh. 63-84).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: An tuarascáil dheireanach um dhul chun cinn maidir le forbairt na dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) mí Eanáir 2013 - mí na Bealtaine 2013 (COM(2013) 777 final an 2.12.2013 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Nuashonrú is déanaí: 03.10.2014