An ghrúpáil Eorpach um chomhar críche (EGTC)

Ba phróiseas fada casta é tionscadail thras-náisiúnta a fhorbairt ar leibhéil réigiúnacha agus áitiúla agus ba mhinic a raibh ar rialtais náisiúnta conarthaí déthaobhacha a phlé. Tugadh isteach grúpálacha Eorpacha um chomhar críche (EGTCanna) sa bhliain 2007 chun comhar idir-réigiúnach a chur chun cinn.

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críche (EGTC).

ACHOIMRE

Is eintitis dhlíthiúla EGTCanna a chuirtear ar bun chun comhar trasteorann, tras-náisiúnta agus idir-réigiúnach a chur chun cinn san Aontas Eorpach (AE). Cuireann EGTCanna ar chumas údarás réigiúnach agus áitiúil (agus údarás náisiúnta i dtíortha beaga nó láraithe) agus gnóthas poiblí eile ó Bhallstáit éagsúla grúpálacha lena mbaineann pearsantacht dhlítheanach a chur ar bun le go bhféadfaí comhsheirbhísí a sheachadadh. Ní mór do na Ballstáit aontú le rannpháirtíocht ball ionchasach ina dtíortha faoi seach.

Sa bhliain 2013, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006, arb an dlí bunaidh é, le Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 chun bunaíocht agus oibreacha na EGTCanna a shoiléiriú agus a éascú.

An Coinbhinsiún, an chríoch agus na cuspóirí

Leagtar síos cuspóirí agus tascanna an EGTC i gcoinbhinsiún ceangailteach um chomhar arna bhunú ar thionscnamh a bhall. Féadfaidh EGTC cláir a chur i bhfeidhm a chómhaoinítear ag an AE nó ag tionscadal trasteorann eile um chomhar, agus cistiúchán faighte, nó gan é a bheith faighte, ón AE. Mar riail ghinearálta, bíonn baill aige in dhá Bhallstát ar a laghad. Bíonn feidhm ag rialacha speisialta, áfach, nuair a bhíonn tíortha agus críocha comharsanachta agus thar lear rannpháirteach ann. Sonraítear sa choinbhinsiún gníomhaíochtaí agus saolré EGTC, mar aon leis na coinníollacha a bhaineann lena scaoileadh. An dlí a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an choinbhinsiún ná dlí na tíre ina bhfuil oifig chláraithe an EGTC lonnaithe.

Na reachtanna

Is iad seo a leanas cuid de na mionsonraí a leagtar síos sna reachtanna:

Pearsantacht dhlítheanach a fháil

Laistigh de 10 lá oibre ón choinbhinsiún agus ó na reachtanna a chlárú nó a fhoilsiú sa tír ina bhfuil oifig chláraithe ag an EGTC, cuirtear é seo in iúl do Choiste na Réigiún (CR) a choimeádann clár EGTCanna. Tarchuireann an CR an t-eolas sin chuig Oifig Foilseachán an AE agus foilsíonn an oifig fógra san Iris Oifigiúil chun bunú an EGTC a chur in iúl.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006

1.8.2006

-

IO L 210, 31.7.2006, lch. 19

Acht leasaitheach

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013

21.12.2013Cur i bhfeidhm: 22.6.2014

-

IO L 347, 20.12.2013, lch. 303

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh [Iris Oifigiúil L 347, 20.12.2013, lch. 259].

Nuashonrú is déanaí: 16.06.2014