Aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh.1059/2003 lena mbunaítear aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ordlathas NUTS

I gcás gach Ballstáit, tá ordlathas trí leibhéal d’fho-ranna réigiúnacha atá bunaithe ar thairsí daonra íosta agus ar thairsí daonra uasta, mar a thaispeántar thíos.

Foroinn den dara leibhéal is ea an tríú leibhéal, is foroinnt den chéad leibhéal é an dara leibhéal agus is foroinnt den Bhallstát é an chéad leibhéal. Ní chumhdaíonn NUTS an leibhéal áitiúil (bardas). I gcás ina bhfuil daonra Ballstáit ina iomláine faoi bhun na híostairsí do leibhéal NUTS ar leith, is ionann an Ballstát féin agus aonad críochach NUTS den leibhéal sin.

Critéir aicmithe

Caithfear na haonaid riaracháin atá ann sna Ballstáit a chur san áireamh in NUTS. Déantar leibhéal NUTS leibhéal riaracháin atá ann cheana a chinneadh de réir mheánmhéid daonra a n-aonad riaracháin, mar a léirítear thíos.

Leibhéal

Daonra íosta

Daonra uasta

NUTS 1

3 mhilliún

7 mhilliún

NUTS 2

800,000

3 mhilliún

NUTS 3

150,000

800,000

Mura bhfuil aon leibhéal riaracháin de mhéid leordhóthanach i mBallstát le haghaidh leibhéal áirithe san aicmiú, tá an leibhéal sin comhdhéanta de líon leordhóthanach d’aonaid riaracháin chomharsanachta níos lú a chomhiomlánú. Is “leibhéal neamhriaracháin” iad na haonaid chomhiomlánaithe a thagann as sin, agus ní mór do gach aonad neamhriaracháin na tairseacha daonra a thaispeántar thuas a urramú. Tarlaíonn eisceachtaí faoi chúinsí geografacha, socheacnamaíocha, stairiúla, cultúrtha nó comhshaoil, go háirithe sna hoileáin agus sna réigiúin is forimeallaí.

Tíopeolaíochtaí críochacha (Tercet)

Bunaítear le Rialachán Leasaitheach (AE) 2017/2391 aitheantas dlíthiúil do thípeolaíochtaí críochacha chun críche staidreamh an Aontais. Fágann sé sin gur féidir le rialacháin agus tionscnaimh bheartais maidir le staidreamh téamach tagairt a dhéanamh do na típeolaíochtaí sin chun críocha staidreamh AE a bhailiú agus/nó díriú ar chríocha sonracha i mbeartais, amhail cathracha, nó limistéir agus réigiúin uirbeacha, thuaithe nó chósta.

Cumhdaítear leis an rialachán típeolaíochtaí críochacha atá ann cheana bunaithe ar leibhéal NUTS 3 (e.g. tíopeolaíocht uirbeach-tuaithe, réigiúin chathrach) nó ar na haonaid riaracháin áitiúla (e.g. leibhéal an uirbithe, cathracha, limistéir chósta). Cumhdaítear leis an rialachán freisin an leibhéal greille 1 km2 is gá chun na típeolaíochtaí a ríomh, ar típeolaíochtaí iad atá bunaithe ar dháileadh agus ar dhlús daonra sna greillechealla. Leagtar síos ann freisin na coinníollacha chun go nglacfaidh an Coimisiún Eorpachgníomhartha tarmligthe, nuair is cuí.

Liostaítear in aicmiú reatha NUTS, atá bailí ón 1 Eanáir 2021, 92 réigiún ar leibhéal NUTS 1, 242 réigiún ar leibhéal NUTS 2 agus 1,166 réigiún ar leibhéal NUTS 3.

Faoin ngníomh cur chun feidhme, Rialachán (CE) Uimh. 11/2008, nuair a dhéantar leasú ar aicmiú NUTS, ní mór don Bhallstát lena mbaineann an t-amshraith don aicmiú réigiúnach nua a sheoladh chuig an gCoimisiún chun teacht in ionad na sonraí a bhí ann roimhe sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 11 Iúil 2003.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lgh. 1–41).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/674 ón gCoimisiún an 26 Nollaig 2022 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 87, 24.3.2023, lgh. 1–53).

Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n–áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n–ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lgh. 1–47).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1130 an 5 Iúil 2021 ina leagtar amach liosta na réigiún atá incháilithe le haghaidh cistithe ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus ó Bhallstáit atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027 (arna fhógairt faoi dhoiciméad C(2021) 4894) (IO L 244, 9.7.2021, lgh. 10–20).

Nuashonraithe 05.04.2023