Rialacha AE maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Sa rialachán, déantar iompar ainmhithe veirteabreacha beo idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a rialú agus foráiltear nach mór seiceálacha a dhéanamh ar na hainmhithe a thagann isteach san AE nó a imíonn as. Is é is aidhm do na rialacha mionsonraithe leas ainmhithe a chosaint agus gortú na n-ainmhithe nó fulaingt neamhriachtanach na n-ainmhithe a chosc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa rialachán na ceanglais ghinearálta seo a leanas maidir le hiompar ainmhithe.

Rialachán Leasaitheach (AE) 2017/625 maidir le rialacha an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhorfheidhmiú (féach achoimre), tugadh isteach roinnt mionleasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2005. Bhain sé de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 na rialacha uile a bhaineann le rialuithe oifigiúla.

Ghlac an Coimisiún Eorpach gníomh cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372, lena leagtar síos, i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, rialacha maidir le taifeadadh rialuithe oifigiúla ar shoithí beostoic, inneachar na bpleananna teagmhasacha nach mór d’iompróirí a chur isteach agus iad ag beartú ainmhithe a iompar de mhuir, formheas soithí beostoic agus na híoscheanglais atá le comhlíonadh ag pointí fágála ag calafoirt farraige.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 05 Eanáir 2007.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE, Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lgh. 1–44).

Rinneadh leasuithe leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le taifid i scríbhinn ar rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar shoithí beostoic a thaifeadadh, a stóráil agus a chomhroinnt, maidir le pleananna teagmhasacha le haghaidh soithí beostoic i gcás éigeandála, maidir le soithí beostoic a fhormheas agus maidir le híoscheanglais is infheidhme maidir le pointí fágála (IO L 51, 20.2.2023, lgh. 32–39).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm shamplach chaighdeánach atá le húsáid sna tuarascálacha bliantúla arna dtíolacadh ag na Ballstáit (IO L 124, 13.5.2019, lgh. 1–31).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/EEC, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair ainmhithe in–tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1–208).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2004/544/CE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2004 maidir le síniú an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun ainmhithe a chosaint le linn iompair idirnáisiúnta (IO L 241, 13.7.2004, lch. 21).

Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir Chomhphobail le haghaidh pointí ceann réime agus lena leasaítear plean an bhealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE (IO L 174, 2.7.1997, lgh. 1–6).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.03.2023