Einceifileapaití spúinseacha in–tarchurtha (TSEnna)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in–tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leagtar amach leis an rialachán seo rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in–tarchurtha (TSEnna)* a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú san Aontas Eorpach (AE).
- Cumhdaítear sa rialachán ainmhithe agus táirgí ainmhithe a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus, i gcásanna áirithe, a onnmhairiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Déanann an Coimisiún Eorpach Ballstáit nó réigiúin AE a rangú bunaithe ar a leibhéal riosca maidir le heinceifileapaití spúinseacha bólachta (ESBanna):
- Leibhéal 1: riosca fánach
- Leibhéal 2: riosca rialaithe
- Leibhéal 3: riosca neamhdhearbhaithe.
Ní mór do na Ballstáit clár faireacháin a chur i bhfeidhm chun scagthástáil a dhéanamh ar ainmhithe a mheastar go bhfuil ESB nó scráibeach orthu. Ní mór scagthástáil iarbháis a dhéanamh go tapa freisin.
Ní féidir ainmhithe, a mheastar go bhfuil ESB nó scráibeach orthu, ná ainmhithe eile, a bhogadh go dtí go bhfuil torthaí na tástála ar eolas. Más rud é go bhfuil seans ann gur nochtadh na hainmhithe d’ESB áit éigin eile, féadfar monatóireacht a dhéanamh ar shealúchais eile.
Nuair a dhéantar cás clasaiceach ESB a dheimhniú go hoifigiúil, cuirtear na bearta seo a leanas i bhfeidhm.
- Déantar fiosrúchán ar bhunús an ghalair agus ar na hainmhithe nó táirgí go léir a d’fhéadfadh a bheith buailte leis.
- Déantar rialú oifigiúil ar an sealúchas atá buailte. Ní mór gluaiseachtaí ainmhithe (nó táirgí ainmhithe) atá i mbaol a údarú.
- Déantar eallach atá i mbaol a mharú agus a scriosadh go hiomlán. Cuirtear rialacha difriúla i bhfeidhm maidir le caora agus le gabhair.
Íoctar cúiteamh gan mhoill as na hainmhithe nó táirgí ainmhithe a chailltear.
Bearta um laghdú riosca
- Tá toirmeasc ar phróitéin ainmhíoch a thabhairt d’athchogantaigh, seachas próitéiní hidrealaithe ó neamh–athchogantaigh nó ó sheithí agus ó chraicne athchogantach, geilitín agus collaigin ó neamh–athchogantaigh, agus uibheacha, táirgí uibheacha, bainne, táirgí bainne agus geilitín.
- Tá toirmeasc ar phróitéin ainmhíoch próiseáilte (PAP) ó athchogantaigh, ó gheilitín, nó ó tháirgí fola ó athchogantaigh a bheathú d’aon ainmhí feirme (ach amháin carnabhóirí amhail minceanna, a úsáidtear chun fionnadh a tháirgeadh).
- Bunaithe ar thuairimí fabhracha 2015 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) (PAP feithidí), 2018 (PAP muice agus éanlaithe clóis) agus 2020 (collaigin agus geilitín a fhaightear ó athchogantaigh), aisghaireadh le Rialachán (AE) toirmisc áirithe nach raibh údar leo a thuilleadh le Rialachán (AE) 2021/1372 an 17 Lúnasa 2021. Ó shin i leith, tá an méid seo a leanas údaraithe:
- ainmhithe feirme neamh–athchogantaigh (e.g muca agus éanlaith chlóis) a bheathú le collaigin agus geilitín de bhunús athchogantaigh;
- muca a bheathú le PAP éanlaithe clóis agus éanlaith chlóis a bheathú le PAP muice;
- muca agus éanlaith chlóis a bheathú le PAP feithidí.
- Ní mór ábhar sonrach riosca a bhaint de na conablaigh, fiú i limistéir nach mbaineann ach riosca fánach ESB leo. I limistéir riosca rialaithe nó neamhdhearbhaithe, ní féidir cnámha eallaigh, caorach ná gabhar a úsáid chun feoil atá díchnámhaithe go meicniúil a tháirgeadh. Úsáidtear modhanna ar leith chun déileáil le baill áirithe choirp, amhail an ceann agus an teanga.
- Ní mór deimhnithe sláinte a bheith ag ainmhithe atá le honnmhairiú nó le hallmhairiú. Baineann rialacha comhchosúla le hallmhairí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, ach amháin na tíortha nach mbaineann ach riosca fánach ESB leo.
Ní mór oiliúint bhunúsach maidir le TSEnna a bheith ag oibrithe táirgthe agus imscrúdaithe.
Ní mór saotharlanna tagartha náisiúnta agus Eorpacha a bheith ainmnithe chun anailís aonfhoirmeach eolaíochta agus torthaí iontaofa a áirithiú.
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na húdaráis ar an eolas faoi ainmhithe a mheastar go bhfuil TSE orthu, agus go gcuirfidh siad a leithéid de chásanna in iúl do na tíortha AE eile agus don Choimisiún go rialta. Ní mór dóibh imscrúduithe oifigiúla a dhéanamh go rialta freisin lena áirithiú go bhfuil na rialacha á gcomhlíonadh.
Is féidir maoluithe a thabhairt ar na rialacha sin, chun teacht leis an eolas eolaíochta is déanaí.
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 999/2001
- Leasaíodh an rialachán roinnt uaireanta, go príomha chun coigeartuithe a dhéanamh ar na hiarscríbhinní. Rinneadh na hathruithe sin a chorprú i leagan comhdhlúite den rialachán.
- Tugadh isteach le Rialachán (AE) 2017/625 córas níos comhchuibhithe agus níos comhtháite um rialuithe oifigiúla agus bearta forfheidhmiúcháin feadh an tslabhra agraibhia, agus neartaíodh leis prionsabal na rialuithe rioscabhunaithe (féach an achoimre). Leis an rialachán leasaitheach scriosadh Airteagal 19 (a bhaineann le saotharlanna tagartha) agus Airteagal 21 (maidir le seiceálacha ar an láthair) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 agus Caibidil A agus Caibidil B dá Iarscríbhinn X (a bhain le saotharlanna tagartha) agus leagadh síos leis na rialacha maidir le hainmniú agus cúraimí shaotharlanna tagartha agus lárionaid tagartha AE.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 2001.
CÚLRA
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Einceifileapaití spúinseacha in–tarchurtha (TSEnna). Is ionann TSEnna agus galair mharfacha ina dtagann meath ar fhíocháin na hinchinne, agus bíonn cuma spúinseach orthu.
- Galar Creutzfeldt-Jakob i ndaoine;
- einceifileapaite spúinseach bólachta (ESB) in eallach;
- galar sirg ainsealach i gceirbhidigh (fianna);
- scráibeach in athchogantaigh bheaga, amhail caora agus gabhair.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos na rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in–tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lgh. 1-40).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Plean oibre TSE 2 — Páipéar straitéise maidir le heinceifileapaití spúinseacha in–tarchurtha don tréimhse 2010-2015 (COM(2010) 384 final, 16 Iúil 2010).
Cinneadh 2007/453/CE ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2007 lena mbunaítear stádas ESB na mBallstát nó tríú tíortha nó a réigiún bunaithe ar a riosca ESB (IO L 172, 30.6.2007, lgh. 84-86).
Féach an leagan comhdhlúite.
Teachtaireacht ón gCoimisiún: Treochlár TSE (COM(2005) 322 final, 15 Iúil 2005).
Cinneadh 2002/1003/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2002 lena leagtar síos íosriachtanais chun suirbhé a dhéanamh ar ghéinitíopaí próitéine prióin de phórtha caorach (IO L 349, 24.12.2002, lgh. 105–107).
Nuashonraithe 01.01.2023