Úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí san Aontas Eorpach a chinntiú
ACHOIMRE AR:
Threoir 2009/128/CE — gníomh AE chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?
-
Leagtar síos rialacha maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as lotnaidicídí tríd an riosca a bhaineann leo do shláinte an duine agus don chomhshaol a laghdú.
-
Cuirtear srianadh comhtháite lotnaidí agus teicnící difriúla, amhail roghanna eile neamhcheimiceacha, chun cinn sa treoir freisin.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE):
-
glacadh le pleananna náisiúnta ina leagtar amach cuspóirí, spriocanna, bearta agus amchláir chun na rioscaí sláinte agus comhshaoil a bhaineann le húsáid lotnaidicídí a laghdú;
-
a chinntiú go gcuirtear oiliúint cheart ar úsáideoirí gairmiúla, ar dháileoirí agus ar chomhairleoirí;
-
eolas a chur ar an bpobal i gcoitinne agus feachtais mhúscailte feasachta a chur chun cinn a bhaineann le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le lotnaidicídí;
-
ceanglas a chur i bhfeidhm chun iniúchtaí a dhéanamh go rialta ar an trealamh a úsáidtear chun lotnaidicídí a scaipeadh (uair amháin ar a laghad faoi 2016, gach 5 bliana ina dhiaidh sin suas go dtí 2020 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin);
-
aerspraeáil a chosc;
-
uisce a chosaint ar thionchar lotnaidicídí, go háirithe uisce óil;
-
a chinntiú go n-úsáidtear níos lú lotnaidicídí nó go gcuirtear cosc ar úsáid lotnaidicídí in áiteanna áirithe, amhail páirceanna poiblí, áiteanna súgartha agus páirceanna imeartha nó in aice le saoráidí cúram sláinte;
-
ceanglas a chur ar úsáideoirí gairmiúla chun réamhchúraimí sábháilteachta a leanúint agus lotnaidicídí á láimhseáil agus á stóráil acu agus a bpacáistíocht agus a bhfuílleach á gcóireáil;
-
na bearta is gá a ghlacadh chun srianadh lotnaidí íseal-lotnaidicíde a chur chun cinn.
-
Faoin reachtaíocht, is féidir le tíortha AE úsáid lotnaidicídí a shrianadh nó a chosc i gcúinsí nó in áiteanna áirithe.
-
Bhí ar thíortha AE a bpleananna náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún Eorpach agus do thíortha AE eile faoin 14 Nollaig 2012.
-
Bhí ar an gCoimisiún tuarascáil ar na pleananna náisiúnta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 14 Nollaig 2014.
-
Ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 14 Nollaig 2018 maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag tíortha AE ó thaobh a gcuspóirí náisiúnta a chur i bhfeidhm.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 25 Samhain 2009. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 14 Nollaig 2011.
CÚLRA
Úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí.
GNÍOMH
Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do chlár gníomhaíochta Comhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lgh. 71-86)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2009/128/CE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 11.04.2016