Substaintí a ídíonn an ciseal ózóin
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh, 1005/2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin ( Rialachán Ózóin)
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leagtar síos sa rialachán seo rialacha maidir le substaintí a dhéanann dochar don chiseal ózóin a tháirgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a úsáid, a athshlánú, a athchúrsáil, a athghabháil agus a scriosadh.
- Leagtar amach sa rialachán riachtanais agus bearta tuairiscithe do na táirgí agus don trealamh ina n-úsáidtear na substaintí sin.
- Rinneadh mionleasúchán ar an rialachán ceithre huaire.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Mar riail ghinearálta, cuirtear cosc ar shubstaintí rialaithe a tháirgeadh agus a dhíol, substaintí amhail halóin (chun dóiteáin a mhúchadh), bróimíd mheitile (chun lotnaidí a rialú) agus hidreaclórafluaracarbóin (a úsáidtear i gcuisneoirí agus i gcórais aerchóirithe), a rialaítear a monaraíocht agus a n-úsáid.
- Ceadaítear eisceachtaí áirithe faoi choinníollacha soiléire, mar shampla, má úsáidtear iad mar amhábhar*, mar ghníomhairí próisis* nó chun críocha úsáid saotharlainne nó anailíse.
- Cuireadh bac ar úsáid bróimíde meitile i mí an Mhárta 2010, ach amháin i gcás coraintíní éigeandála chun leathadh galar nó lotnaidí a chosc. I ngach cás, ní mór údarú sealadach a fháil ón gCoimisiún.
- Féadfar córais chosanta dóiteáin agus múchtóirí dóiteáin ina bhfuil halóin a úsáid i gcúinsí áirithe. Tá méadú ag teacht ar líon na dtáirgí malartacha a bhfuil fáil orthu agus leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 744/2010 na scoithdhátaí mionsonraithe. Baineann tréimhse idir 2013 agus 2040 leo siúd ag brath ar úsáid halóin.
- Cuirtear cosc go bunúsach ar allmhairí agus ar onnmhairí substaintí rialaithe agus táirgí a bhfuil na substaintí sin iontu. Bíonn feidhm ag córas ceadúnas nuair a cheadaítear substaint nó táirge den saghas sin. Sa bhliain 2013, chuir an Coimisiún rialacha níos solúbtha i bhfeidhm maidir le húsáid halón in aerárthaí.
- Ní mór córais athshlánaithe a bheith curtha i bhfeidhm chun na substaintí rialaithe seo a scriosadh, a athchúrsáil nó a athghabháil: substaintí rialaithe a úsáidtear i gcuisniú, in aerchóiriú, i dtrealamh teaschaidéil, i múchtóirí dóiteáin, i dtrealamh cosanta dóiteáin agus in earraí a bhfuil tuaslagóirí iontu.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2010.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Amhábhar: substaint rialaithe nó substaint nua a thagann athrú ceimiceach uirthi nuair a athraítear a comhdhéanamh bunaidh go hiomlán agus nach mbaineann ach méid beag astaíochtaí léi.
Gníomhairí próisis: substaintí rialaithe a úsáidtear mar ghníomhairí próisis ceimiceán chun na gcríoch atá liostaithe in Iarscríbhinn III.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lgh. 1-30)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 12.02.2021