Dífhoraoisiú a chomhrac

Tá dífhoraoisiú agus díghrádú ag cur isteach ar fhoraoisí. Trí na foraoisí sin a chosaint, déanfar an téamh domhanda agus cailleadh sheirbhísí luachmhara éiceachórais a chomhrac.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an dhífhoraoisithe agus ar dhíghrádú foraoise chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta (COM(2008) 645 final an 17.10.2008).

ACHOIMRE

Tá dífhoraoisiú agus díghrádú ag cur isteach ar fhoraoisí. Trí na foraoisí sin a chosaint, déanfar an téamh domhanda agus cailleadh sheirbhísí luachmhara éiceachórais a chomhrac.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Sa pháipéar seo, leagtar amach cuir chuige ón gCoimisiún Eorpach maidir le freagairt an Aontais Eorpaigh (AE) don dífhoraoisiú, tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara ábhair a chur isteach, agus féachtar le gníomhartha tosaigh a spreagadh a chruthóidh bonn do fhreagairt dhomhanda don dífhoraoisiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Cumhdaíonn foraoisí timpeall 30 % den talamh ar domhan (agus 40 % den mhórchríoch AE) agus is cuid dílis iad de chomhshaol sláintiúil. Is gnáthóga tábhachtacha iad le haghaidh na bithéagsúlachta agus baineann seirbhísí ríthábhachtacha, amhail cosc ar chreimeadh, íonú uisce agus stóráil dé-ocsaíde carbóin (CO2), leo. Chomh maith leis sin, braitheann slí bheatha 1.6 billiún duine ar fud an domhain ar fhoraoisí.

Ag an am céanna, tá dífhoraoisiú ag cur isteach ar fhoraoisí; scriostar 13 mhilliún heicteár in aghaidh na bliana de réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (EBT). An phríomhchúis atá leis sin ná foraoisí a thiontú i dtalamh thalmhaíochta agus forbairt bhonneagair nach bhfuil rialaithe i gceart.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach na láithreáin ghréasáin seo a leanas de chuid an Choimisiúin Eorpaigh:

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim cheadúnaithe FLEGT a chur ar bun le haghaidh allmhairí adhmaid a thagann isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lgh. 1-6)

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lgh. 23-34)

Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid” (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 171-200)

Teachtaireacht ón gCoimisiún - Straitéis Foraoise nua AE: le haghaidh foraoisí agus na hearnála foraois-bhunaithe (COM(2013) 659 final an 20.9.2013)

Nuashonraithe 14.09.2015