Plean AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh 2011

Tá an éifeachtúlacht fuinnimh ina cuid ríthábhachtach de bheartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE) agus is uirlis éifeachtach é chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, billí fuinnimh a laghdú, agus chun an méid a mbítear ag brath ar sholáthraithe fuinnimh seachtracha a laghdú.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún - Plean maidir le héifeachtúlacht fuinnimh 2011 (COM(2011) 109 final an 8.3.2011).

ACHOIMRE

Tá an éifeachtúlacht fuinnimh ina cuid ríthábhachtach de bheartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE) agus is uirlis éifeachtach é chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, billí fuinnimh a laghdú, agus chun an méid a mbítear ag brath ar sholáthraithe fuinnimh seachtracha a laghdú.

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach ann pleananna lena gcuirtear chun cinn geilleagar ina mbíonn meas ar acmhainní an phláinéid; cuirtear córas ísealcharbóin i bhfeidhm; cuirtear feabhas ar neamhspleáchas fuinnimh AE; agus neartaítear slándáil an tsoláthair fuinnimh.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Tá an plean seo ar cheann de spriocanna 20-20-20 i bpacáiste 2020 AE um fhuinneamh agus um an aeráid. Is iad an dá sprioc eile ná, faoi 2020, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20 % i gcomparáid le leibhéil 1990, agus go mbeadh 20 % d’fhuinneamh AE ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite.

Féach láithreáin gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, éicidhearthóireacht agus stuamacht fuinnimh san Eoraip chun tuilleadh faisnéise a fháil.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tagraíonn dreasachtaí deighilte don chás coiteann ina mbíonn drogall ar úinéirí agus ar thionóntaí íoc as feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh réadmhaoine toisc go gcomhroinntear na tairbhí eatarthu.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh riachtanais éicidhearthóireachta a leagan amach le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh (IO L 285 an 31.10.2009, lgh. 10-35).

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315 an 14.11.2012, lgh. 1-56).

Nuashonraithe 27.08.2015