Comhrac AE i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta

ACHOIMRE AR:

An clár oibre Eorpach i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta — COM(2010) 758 final

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Cuirtear an clár oibre Eorpach i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiamh shóisialta ar bun faoin teachtaireacht seo, is é sin ceann de phríomhthionscnaimh na straitéise “Eoraip 2020” i leith fostaíochta agus fáis. Leagtar amach inti conas is féidir le beartais dhifriúla agus le gníomhartha sonracha cur leis an sprioc chun 20 milliún duine ar a laghad a tharraingt amach as an mbochtaineacht agus as an eisiamh sóisialta faoi 2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Ceapadh an clár oibre chun comhpháirtíocht a chruthú idir na grúpaí éagsúla sa tsochaí, lena n-áirítear rialtais náisiúnta, institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE), údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus daoine atá beo bocht.

Féachtar leis an gcomhpháirtíocht cur chuige a fhorbairt ar fud AE sna réimsí a bhaineann le heisiamh sóisialta, go háirithe:

Cúig réimse ghníomhaíochta:

Príomhghníomh

spriocanna agus beartais náisiúnta maidir le fás leagtha amach ag na tíortha AE uile, ag cuimhneamh ar spriocanna na straitéise Eoraip 2020. Déanann an Coimisiún monatóireacht ar na hathchóirithe sin trí thimthriall bliantúil um chomhordú beartas eacnamaíoch ar a dtugtar an Seimeastar Eorpach. Tugann sé moltaí ansin le haghaidh na 12-18 mí ina dhiaidh sin.

Úsáidtear scórchláir chun an dul chun cinn a dhéantar sna cúig réimse ghníomhaíochta a thaifeadadh. Amhail mhí Iúil 2013, bhí 23 as 64 thionscnamh ón gCoimisiún curtha i gcrích, lena n-áirítear:

Áirítear legníomh leantach Comhpháirtíocht Eorpach um nuáil maidir leis an aosú gníomhach agus folláin a sheoladh, agus a chinntiú go ndéantar na cuspóirí maidir le bochtaineacht a laghdú agus le cuimsiú sóisialta a chothú i bhFís 2020, an creatchlár um thaighde agus um nuálaíocht 2014-2020.

CÚLRA

An clár oibre Eorpach i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Clár Oibre Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta: Creat Eorpach don chomhtháthú sóisialta agus críochach (COM(2010) 758 final an 16.12.2010)

Nuashonraithe 15.10.2015