Treoirlínte do bheartais fostaíochta

Tugann treoirlínte na Comhairle treoir maidir le comhordú bheartais fostaíochta de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE). Bunaithe ar chuspóirí straitéiseacha “Eoraip 2020”, tá sé mar chuspóir ag na treoirlínte seo tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe i gcomhair fáis inbhuanaithe, fás a chuirtear chun cinn ag an eolas agus an nuálaíocht.

ACHT

Cinneadh 2010/707/AE ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát.

ACHOIMRE

Cuirtear na treoirlínte i gcomhair beartas fostaíochta san áireamh agus a gcuid beartas á ndréachtú agus spriocanna náisiúnta á leagadh amach ag Ballstáit an AE. Beidh na treoirlínte is déanaí bailí go dtí deireadh na bliana 2014.

Baineann na treoirlínte leis na mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch agus le chéile cruthaíonn siad treoirlínte comhtháthaithe na straitéise“Eoraip 2020”. Tacaíonn siad chomh maith le Comhthuarascáil Fostaíochta bhliantúil an AE.

Rannpháirteachas sa mhargadh saothair a mhéadú

Tá sé mar chuspóir ag an AE an ráta fostaíochta i gcomhair ban agus fear idir 20-64 bliain d’aois a mhéadú chuig 75 % faoi 2020. Mar sin, ní mór rannpháirteachas na ngrúpaí seo a leanas sa mhargadh saothair a chur chun cinn i mbeartais na mBallstát: daoine óga, oibrithe scothaosta, oibrithe gan mórán scileanna agus imircigh dhleathacha. Ní mór dóibh chomh maith an fhostaíocht a dhéanamh níos tarraingtí - trí bhéim a chur ar sholúbthacht agus socracht, ar shoghluaisteacht an lucht saothair agus ar chothromaíocht oibre is saoil - agus féinfhostaíocht, fiontraíocht agus cruthú fostaíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear i réimsí an chúraim agus na bpost glas.

Lucht saothair oilte a fhorbairt

Is féidir táirgiúlacht agus infhostaitheacht oibrithe a mhéadú ach scileanna nua a fhorbairt a chomhfhreagraíonn do riachtanais mhargadh an tsaothair. Ní mór go ndéanfadh na Ballstáit cumas an oideachais agus na gcóras oiliúna a mhéadú agus go ndéanfaidís iad a oiriúnú do threochtaí sochaíocha i ndáil le geilleagar íseal-charbóin atá tíosach ar acmhainní.

Ní mór go ndíreofaí bearta ar oideachas tosaigh d’ardchaighdeán agus ar oiliúint ar feadh an tsaoil, agus ní mór go mbeadh rochtain ag oibrithe gan mórán scileanna nó ag oibrithe ardoilte ar an oiliúint.

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit soghluaisteacht an lucht saothair a spreagadh chomh maith, trí chórais a úsáid le hinniúlachtaí faighte na ndaoine a aithint.

Córais oideachais agus oiliúna a fheabhsú

Faoi 2020, laghdófar luathfhágáil na scoile go dtí níos lú ná 10 % agus beidh oideachas tríú leibhéal nó leibhéal oideachais coibhéiseach ag 40 % de dhaoine idir 30-34 bliain d’aois ar a laghad. Ní mór go gcuirfeadh Ballstáit na nithe seo a leanas chun cinn: foghlaim ar feadh an tsaoil, soghluaisteacht idirnáisiúnta múinteoirí agus foghlaimeoirí, forbairt creataí cáilíochta i gcomhair conairí solúbtha foghlama, agus comhpháirtíochtaí le fiontair.

Eisiamh sóisialta a chomhrac

Leis an straitéis “Eoraip 2020” cuirtear cuimsiú sóisialta chun cinn agus déantar bochtaineacht a chomhrac, sa chaoi nach bhfuil 20 milliún duine i mbaol na bochtaineachta ná an eisiaimh a thuilleadh.

Ba cheart go ndéanfadh Ballstáit fostaíocht a spreagadh i measc iad siúd is faide ó mhargadh an tsaothair, sa chaoi go dtabharfaí cumhacht do dhaoine agus go ndéanfaí bochtaineacht i measc daoine atá ag obair a chomhrac.

Ní mór go ndéanfadh beartais náisiúnta rochtain ar sheirbhísí inacmhainne inbhuanaithe d’ardchaighdeán a ráthú, lena n-áirítear san earnáil shóisialta. Ní mór go ndéanfaidís córais chosanta sóisialta agus phinsean a nuachóiriú agus a thacú chomh maith.

Mar chríoch, ba cheart go dtacódh Ballstáit leis an gheilleagar sóisialta agus le nuálaíocht shóisialta, agus comhionannas deiseanna á chothú acu agus an t-idirdhealú á chomhrac.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2010/707/AE

21.10.2010

-

IO L 308, 24.11.2010, lch. 46

Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2013/208/AE

22.4.2013

-

IO L 118, 30.4.2013, lch. 21.

Cinneadh 2014/322/AE

14.5.2014

-

IO L 165, 4.6.2014, lch. 49

Nuashonrú is déanaí: 28.07.2014