Straitéis Méadaithe 2011-2012

Cuireann an Coimisiún Eorpach a straitéis méadaithe don tréimhse 2011-2012 i láthair. Luann sé an dul chun cinn a rinneadh i bpróiseas an mhéadaithe sna Balcáin Thiar, san Íoslainn agus sa Tuirc, agus léiríonn sé a chuid tosaíochtaí san am le teacht.

ACHT

Communication from the Commission to the European Parliament and the Council of 12 October 2011 — Enlargement Strategy and Main Challenges 2011-2012 [COM(2011) 666 final — Not published in the Official Journal] (Cumarsáid ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an 12 Deireadh Fómhair 2011, dar teideal “An Straitéis um Méadú agus Príomhdhúsláin 2011-2012” [COM(2011) 666 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

ACHOIMRE

Tá céim nua sroichte ag an bpróiseas méadaithe, de dheasca chríochnú na gcaibidlí leis an gCróit go háirithe, atá le teacht isteach san Aontas Eorpach (AE) i lár 2013. Chuir an rath seo misneach sa Choimisiún Eorpach, agus anois tá de rún aige é féin a ghríosú sna caibidlí atá le teacht le stáit eile.

Measann an Chumarsáid clár méadaithe an AE atá ar siúl anois agus léiríonn sí tosaíochtaí a straitéise 2011-2012, agus na modhanna atá sí ag iarraidh cur i bhfeidhm chun a cuid cuspóirí a bhaint amach.

Tosaíochtaí na straitéise méadaithe 2011-2012

I gcomhthéacs na straitéise méadaithe, tathantaíonn an Coimisiún:

An dul chun cinn a bhain tíortha na mBalcán Thiar amach

Críochnaíodh na caibidlí aontachais leis an gCróit i Meithimh 2011, agus comhlíonann an tír na critéir aontachais. Síníodh an conradh aontachais i Nollaig 2011. Ach nós imeachta riachtanacha an daingnithe á chur i gcrích, ba chóir go mbeidh an Chróit ina bhall den AE an 1 Iúil 2013 mar sin.

Leanann Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine ag sásamh na gcritéar polaitiúil. Anois leanann an tír ar aghaidh le hathchóiriú na Parlaiminte, an chórais dlí agus an riaracháin phoiblí. Mar sin féin, caithfidh an tír an tsaoirse cainte sna meáin chumarsáide agus an troid in éadan na héillitheachta a neartú. Athdheir an Coimisiún a mholadh i bhfabhar caibidlí aontachais a oscailt.

stádas tíre is iarrthóir ag Montainéagró ó Nollaig 2010. Ina dhiaidh sin, d’fheabhsaigh an tír a reachtaíocht agus a creat institiúideach, cé gur chóir léi leanúint lena beartas in éadan na héillitheachta agus na coireachta eagraithe. Mhol an Coimisiún caibidlí aontachais a oscailt.

San Albáin bhí sáinn gan réiteach sa pholaitíocht roimh thoghchán áitiúil Bealtaine 2011 agus tá ina dhiaidh. Mar sin féin, bhíothas in ann an comhphlé idir fórsaí polaitíochta na hAlbáine a chur ar bun arís ag deireadh na bliana. Is beag an dul chun cinn a rinne an tír maidir leis na critéir pholaitiúla aontachais, ach d’éirigh léi dul chun cinn áirithe a dhéanamh sa troid in éadan na coireachta eagraithe.

I ndiaidh an toghcháin i nDeireadh Fómhair 2010, ní raibh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin in ann rialtas náisiúnta a chur ar bun, agus mar sin tá moill ann maidir le cur i bhfeidhm na n-athchóirithe chun dul ar aghaidh i dtreo an aontachais san AE. Tá láithreacht idirnáisiúnta ann go fóill i rialachas na tíre, agus sainordú feidhmiúcháin aici.

Maidir leis an tSeirbia, mhol an Coimisiún stádas tíre is iarrthóir di, ar chuntar go n-athshlánaí an tSeirbia an comhphlé le Pristine agus go gcuire sí i bhfeidhm go gasta, le hintinn mhaith, na comhaontuithe a cuireadh i gcrích cheana. Molann sé caibidlí aontachais a oscailt leis an tSeirbia, a luaithe a bhaine sí amach an dul chun cinn breise chun a caidreamh le Pristine a normalú. Dar leis an gCoimisiún, is mór an dul chun cinn a rinne an tSeirbia de réir na gcritéar polaitiúil a shocraigh Comhairle Eorpach Chóbanhávan i 1993. Ina theannta sin, chuir an tír geilleagar margaidh inmharthana ar bun agus bhain sí áirithe cobhsaíochta maicreacnamaíche amach. Faoi dheireadh, measann an Coimisiún go mbeidh an tSeirbia in ann na hoibleagáidí a bhaineann leis an aontachas a ghabháil, fad agus a leanann an dul chun cinn ar aghaidh.

Sa Chosaiv (de réir an reachta a sonraíodh i rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe), sa tréimhse 2010-2011 bhí olltoghchán roimh théarma ann, agus ainmníodh uachtarán in Aibreán 2011. Sa chomhthéacs seo, is beag dul chun cinn a rinne an tír ina clár athchóirithe, cé go ndearna sí dul chun cinn maidir leis an tráchtáil agus le comhairle náisiúnta a chur ar bun le haghaidh comhtháthaithe san AE. Mar sin féin, is ábhar imní iad an choireacht eagraithe agus an éillitheacht go fóill. Mhol an Coimisiún, áfach, bearta a chur i bhfeidhm, mar a fhoráiltear ina Chumarsáid i 2009, i réimsí na víosaí, na tráchtála agus na rannpháirtíochta i gcláir an AE go háirithe.

An dul chun cinn a bhain an Tuirc amach

Cuireann an straitéis seo chun suntais go bhfuil an Tuirc comhtháthaithe go mór san AE cheana féin, mar gheall ar an tráchtáil agus ar na hinfheistíochtaí a rinneadh faoin Aontas Custaim. Mar sin féin, caithfidh an tír leanúint dá hiarrachtaí le critéir pholaitiúla aontachais a chomhlíonadh. Tá sé ríthábhachtach go mbíonn meas ar na cearta bunúsacha, amhail an tsaoirse cainte, cearta na mban agus saoirse reiligiúin.

Is tábhachtach an ról idirnáisiúnta atá ag an Tuirc maidir lenar tharla san Afraic Thuaidh agus sa Mheánoirthear i 2011. Tá a caidreamh leis an gCipir ar tinneall, áfach. Tá de rún ag an gCoimisiún clár oibre dearfach nua a chur i bhfeidhm ar mhodh is gurbh fhéidir comhar agus comhphlé níos dlúithe leis an tír.

An dul chun cinn a bhain an Íoslainn amach

Sa tréimhse 2008-2009 ba shuntasach cliseadh an gheilleagair san Íoslainn. De réir a chéile tháinig an tír chuici féin arís agus bhí sí ábalta áirithe cobhsaíochta polaitiúla a choinneáil, agus dá dheasca sin bhí sí in ann próiseas aontachais san AE a leanúint. Tá leibhéal comhtháthaithe na hÍoslainne ard go leor. Tugann an Chumarsáid suntas do leanúint ar aghaidh shásúil na gcaibidlí idir an Íoslainn agus an AE.

Eilimintí a thacaíonn leis an bpróiseas méadaithe

Tacaíonn an Coimisiún leis an bpróiseas méadaithe trí mheán:

See also

Nuashonrú is déanaí: 05.01.2012