Tosaíochtaí don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint (2011-2020)
Sainíonn an Chomhairle na tosaíochtaí don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint don tréimhse 2011-2020, chomh maith leis na cuspóirí náisiúnta atá le baint amach sa ghearrthéarma agus an tacaíocht a thabharfaidh an tAontas Eorpach (AE).
ACHOIMRE
Leagann an Chomhairle tosaíochtaí phróiseas Chóbanhávan don tréimhse 2011-2020 amach. Is é is aidhm le próiseas Chóbanhávan feabhas a chur ar cháilíocht agus ar mhealltacht an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna tríd an gcomhar a neartú ar leibhéal Eorpach.
Beidh na cuspóirí nuashonraithe sin ina gcuidiú le tosaíochtaí agus tionscnaimh straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Tá an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint ríthábhachtach chun dhá cheann de chuspóirí na straitéise a bhaint amach: faoi 2020, céatadán na ndaoine 30-34 bliain d’aois a théann ar aghaidh ó oideachas treasach a mhéadú go 40% ar a laghad agus céatadán na luathfhágálaithe scoile a laghdú go dtí faoi bhun 10%.
Fís dhomhanda
Measann an Chomhairle, nach mór beartas um ghairmoideachas agus um ghairmoiliúint cur chuige domhanda a ghlacadh ag cur san áireamh beartais shóisialta agus fostaíochta ionas go mbeidh siad éifeachtúil.
Faoi 2020, ba chóir do chórais um ghairmoideachas agus um ghairmoiliúint a bheith níos mealltaí agus níos inrochtana do chách, agus oideachas ardchaighdeáin a bhaineann go mór leis an margadh saothair á chur ar fáil leo. Ní mór dóibh a bheith solúbtha go leor chun go mbeidh tréscaoilteacht idir na córais éagsúla oideachais (oideachas scoile, ardoideachas, etc.). Ní mór don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint leanúnach a bheith éasca le rochtain agus níos dírithe ar ghairm. Ní mór roghanna maidir le cuid de ghairmoideachas nó de ghairmoiliúint duine a dhéanamh thar lear a mhéadú.
Cuspóirí 2011-2020
Tá roinnt cuspóirí straitéiseacha atá le baint amach faoi 2020 sainithe. Gabhann bunspriocanna inghnóthaithe gearrthéarmacha (2011-2014) le gach ceann díobh a dhéanfar ar leibhéal náisiúnta, mar aon le sonraí den tacaíocht a sholáthróidh an tAontas Eorpach (AE) chun iad a bhaint amach. Sainaithníodh sé chuspóir straitéiseacha, is iad sin:
-
rogha foghlama mhealltach a dhéanamh den ghairmoideachas agus den ghairmoiliúint tosaigh. Sa ghearrthéarma, iarrtar ar na húdaráis náisiúnta mealltacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a chur chun cinn, ach iarrtar orthu freisin tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear ar chumas mic léinn dul i dtaithí ar na gairmcheirdeanna éagsúla agus na deiseanna gairme atá ar fáil.
-
sármhaitheas, cáilíocht agus ábharthacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna maidir leis an margadh saothair a chothú. Idir 2011 agus 2014, ba cheart dul chun cinn a dhéanamh chun creataí náisiúnta um dhearbhú cáilíochta a bhunú. Ba cheart comhar idir institiúidí agus fiontair gairmoideachais agus gairmoiliúna a neartú, go sonrach trí chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí i bhfiontair a eagrú. Ba cheart d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna aiseolas a fháil maidir le hinfhostaitheacht a gcéimithe.
-
rochtain sholúbtha ar oiliúint agus ar cháilíochtaí a chumasú. Ar leibhéal náisiúnta agus sa ghearrthéarma, bheadh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar úsáid na ndreasachtaí chun páirt a ghlacadh sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus ar chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann. Ba cheart d’údaráis náisiúnta bearta cuí a dhéanamh chomh maith chun rannpháirtíocht sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint leanúnach a spreagadh. Ba cheart tagairt idir leibhéil an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí agus leibhéil na gcreataí náisiúnta a bhunú faoi 2012.
-
soghluaisteacht idirnáisiúnta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a spreagadh. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart do thíortha AE mic léinn agus gairmithe a spreagadh go sonrach chun páirt a ghlacadh i gclár soghluaisteachta, agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a spreagadh chun straitéisí idirnáisiúnaithe a fhorbairt. Ba cheart foghlaim teangacha a chomhtháthú sna curaclaim.
-
nuálaíocht, cruthaitheacht agus fiontraíocht, agus úsáid teicneolaíochtaí úra a chur chun cinn. Ar leibhéal náisiúnta, ba cheart comhpháirtíochtaí idir institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, forais ardoideachais, agus ionaid deartha, ealaíne, taighde agus nuálaíochta a spreagadh. Ba cheart an trealamh riachtanach i dtéarmaí teicneolaíochtaí úra a chur ar fáil d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna. Trí thaithí phraiticiúil a chur chun cinn ba cheart go spreagfaí fiontraíocht chomh maith.
-
an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a dhéanamh inrochtana do chách, go háirithe trí fheabhas a chur ar a chion le dul i ngleic leis an luathfhágáil scoile. Ba cheart rannpháirtíocht grúpaí atá ar bheagán oiliúna agus grúpaí eile “i mbaol” a spreagadh trí leas a bhaint as treoir chuí agus seirbhísí tacaíochta, teicneolaíochtaí úra, agus córais mhonatóireachta reatha.
Sainíonn an Chomhairle 5 chuspóir trasnaí:
-
rannpháirteachas páirtithe leasmhara gairmoideachais agus gairmoiliúna a mhéadú agus na torthaí a bhaintear amach trí chomhar Eorpach a chur in iúl níos fearr;
-
comhordú a dhéanamh ar rialachas na n-ionstraimí Eorpacha agus náisiúnta sna réimsí trédhearcachta, aitheantais, dearbhú cáilíochta agus soghluaisteachta.
-
comhar idir beartas um ghairmoideachas agus um ghairmoiliúint agus réimsí ábhartha beartais eile a threisiú;
-
feabhas a chur ar cháilíocht agus inchomparáideacht na sonraí maidir le ceapadh beartas AE sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint;
-
úsáid mhaith a bhaint as tacaíocht AE.
Comhthéacs
Rinneadh na cuspóirí arna sainiú sna conclúidí a fhormhuiniú in Bruges Communiqué an7 Nollaig 2010 arna ghlacadh ag Airí Oideachais na 33 tír Eorpach, ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag an gCoimisiún Eorpach.
GNÍOMH
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, maidir leis na tosaíochtaí um chomhar feabhsaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint don tréimhse 2011-2020 (IO C 324 an 1.12.2010, lgh. 5-15)
Nuashonraithe 24.09.2015