An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF)

Feidhmíonn an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) laistigh de chomhthéacs bheartais an Aontais Eorpaigh (AE) um chaidreamh seachtrach, agus féachtar léi cuidiú le tíortha neamh-AE forbairt ar an gcaipiteal daonna a fheabhsú. Iarrtar léi, mar sin, rochtain ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt scileanna agus inniúlachtaí a spreagadh.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (athmhúnlú)

ACHOIMRE

Cuirtear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) ar bun faoin rialachán seo agus aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90 faoinar cruthaíodh an fhondúireacht ar i dtosach. Feidhmíonn an fhondúireacht laistigh de réimse beartais an Aontais Eorpaigh (AE) um chaidreamh seachtrach, agus féachtar léi forbairt córas gairmoideachais agus gairmoiliúna a chur chun cinn sna tíortha comhpháirtíochta seo a leanas:

Cuidíonn an fhondúireacht leis na tíortha seo scileanna agus inniúlachtaí a gcuid saoránach a fheabhsú: glacann na tíortha páirt sa phróiseas athchóirithe chun gairmoideachas agus oiliúint tosaigh agus leanúnach a fhorbairt agus chun rochtain orthu a fheabhsú. Chomh maith leis sin, cuidíonn ETF le soghluaisteacht agus le comhar idir institiúidí oideachais agus gnóthais a chur chun cinn agus le malartú taithí agus eolais idir tíortha AE a chur chun cinn.

Bíonn an fhondúireacht freagrach as na nithe seo a leanas agus forbairt córas gairmoideachais agus oiliúna á cur chun cinn aici:

I gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna comhoibreoidh an fhondúireacht le comhlachtaí ábhartha eile AE, go háirithe leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), agus le hionadaithe na bpáirtithe sóisialta Eorpacha agus eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta más iomchuí.

Is eagraíocht neamhbhrabúsmhar an ETF lena mbaineann pearsantacht dhlítheanach, eagraíocht atá bunaithe i dTurin, an Iodáil.

Struchtúr

Ar bhord rialúcháin an ETF tá ionadaí amháin ó gach tír, tri ionadaí ón gCoimisiún, 3 shaineolaí a cheapann Parlaimint na hEorpa agus 3 ionadaí ó thíortha comhpháirtíochta a cheapann an Choimisiún. Tá ceart vótála ag ionadaithe thír AE agus ag ionadaithe an Choimisiúin amháin, 1 vóta ag gach ionadaí Ballstáit agus 1 vóta idir ionadaithe an Choimisiúin. Ionadaí an Choimisiúin a bhíonn i gceannas ar an bhord agus tagann an bord seo le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad. Is é téarma oifige an bhoird ná cúig bliana agus is féidir an téarma seo a athnuachan uair amháin.

Tá an bord rialúcháin freagrach as meastachán bliantúil caiteachais agus ioncaim a dhréachtú agus as glacadh le clár oibre bliantúil, le dréachtphlean bunaíochta, le buiséad críochnaitheach, le tuarascáil gníomhaíochta bliantúil, le rialacha nós imeachta agus le rialacha airgeadais. Tá an chumhacht aige stiúrthóir a cheapadh agus a bhriseadh as a phost nó a post, agus téarma oifige an stiúrthóra a shíneadh chomh maith.

Ceaptar an stiúrthóir le haghaidh téarma 5 bliana agus roghnaítear é nó í ó liosta iarrthóirí a chuirtear ar aghaidh ag an Choimisiún. Féadfar an téarma a shíneadh uair amháin agus 3 bliana a chur leis ar a mhéad. Ionadaí dlíthiúil na fondúireachta is ea an stiúrthóir agus bíonn sé nó sí freagrach as bainistíocht riaracháin na fondúireachta. Bíonn an stiúrthóir freagrach chomh maith as obair an bhord rialúcháin a ullmhú agus a eagrú agus as cinntí an bhoird a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, bíonn ar an stiúrthóir an clár oibre bliantúil agus buiséad na fondúireachta a chur i bhfeidhm.

Maoinítear an ETF go príomha le fóirdheontas ó bhuiséad ginearálta AE agus le híocaíochtaí a fhaightear le haghaidh seirbhísí arna soláthar. Ní mór cuntais deiridh na fondúireachta, na tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta agus na rialacha nós imeachta a fhoilsiú go poiblí.

Cúlra

Ó glacadh le Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90, lenar bunaíodh an ETF, leasaíodh roinnt uaireanta é. Aisghaireadh an rialachán agus cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ina ionad de bharr leasuithe breise agus ar mhaithe le soiléireacht.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008

20.1.2009

-

IO L 354, 31.12.2008, lch. 82-93

Nuashonraithe 10.09.2015