Baintear leas sa teachtaireacht as na freagairtí ar chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin Eorpaigh in 2007, as obair a rinne saineolaithe ó thíortha AE, agus as taighde idirnáisiúnta chun clár oibre a mholadh chun comhar maidir le scoileanna a neartú. Sainaithnítear dúshláin inti i dtrí réimse agus moltar réimsí i gcomhair forbartha:
Príomhinniúlachtaí
Ní mór daoine a ullmhú le “scileanna úra do phoist úra”, rud a ardóidh na leibhéil scileanna ar an iomlán. Ní mór dóibh a bhfoghlaim féin a bhainistiú
Neartaítear sealbhú inniúlachtaí amhail an fhiontraíocht agus teangacha i dtimpeallacht scoile ina spreagtar an nuálaíocht agus an chruthaitheacht. Dírítear i gclár an Choimisiúin orthu seo a leanas:
Foghlaim ardchaighdeáin do gach scoláire
Ní sholáthraítear an deis oideachais cheannann chéanna do gach dalta i gcóras scoile ar bith ach níor cheart go mbeadh bearna ar bith sa cháilíocht idir scoileanna. Ba cheart do lucht déanta beartas difríochtaí a laghdú agus feabhas a chur ar an rannpháirtíocht trí dhíriú orthu siúd a bhfuil leibhéil scileanna níos ísle acu. Dírítear i gclár an Choimisiúin orthu seo a leanas:
Múinteoirí agus foireann na scoile
Tá cáilíocht na múinteoirí ar an ngné is tábhachtaí laistigh de scoil a théann i gcion ar fheidhmíocht na scoláirí. Tá na scileanna de dhíth ar an bhfoireann chun dóthain deiseanna a chur ar fáil do gach dalta chun na hinniúlachtaí is gá a fhoghlaim. Ba cheart do mhúinteoirí dreasachtaí leordhóthanacha a bheith acu le linn a ngairmeacha chun athbhreithniú a dhéanamh ar a riachtanais foghlama agus chun eolas, scileanna agus inniúlachtaí a fhoghlaim, lena n-áirítear i dteangacha. Dírítear i gclár an Choimisiúin orthu seo a leanas:
Tá tuilleadh faisnéise le fáil iontu seo a leanas:
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Feabhas a chur ar inniúlachtaí don 21ú hAois: Clár Oibre le haghaidh Comhair Eorpaigh maidir le Scoileanna (COM(2008) 425 final, 3.7.2008)
Conclúidí ón gComhairle maidir le leibhéal na mbunscileanna a ardú i gcomhthéacs an chomhair Eorpaigh i ndáil le scoileanna don 21ú haois (IO C 323, 30.11.2010, lgh. 11-14)
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle an 21 Samhain 2008 maidir le daoine óga a ullmhú don 21ú haois; clár oibre le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le scoileanna (IO C 319, 13.12.2008, lgh. 20-22)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Athmhachnamh ar an Oideachas: Infheistiú i scileanna le haghaidh torthaí socheacnamaíocha níos fearr (COM(2012) 669 final, 20.11.2012)
Nuashonraithe 08.11.2016