Ceanglais do bhuiséid thíortha limistéar an euro

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/85/AE — ceanglais do bhuiséid thíortha limistéar an euro

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Leagtar síos sa treoir seo rialacha mionsonraithe maidir le buiséid náisiúnta. Tá gá leis na rialacha sin chun a chinntiú go mbeidh meas ag rialtais an Aontais Eorpaigh (AE) ar cheanglais an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus nach mbeidh easnaimh iomarcacha acu.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do rialtais AE:

Córais phoiblí chuntasaíochta a fheidhmiú a chumhdaíonn gach réimse ioncaim agus caiteachais go huileghabhálach. Ní mór iniúchtaí rialaithe inmheánaigh agus iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh ar na córais sin.

Sonraí fioscacha a chur ar fáil go poiblí. Ní mór sonraí fioscacha an rialtais lárnaigh agus rialtas an stáit agus sonraí fioscacha na hearnála slándála sóisialta a chur ar fáil gach mí. Ní mór sonraí fioscacha an rialtais áitiúil a chur ar fáil gach ráithe.

A chinntiú go mbunaítear a bpleanáil fhioscach ar réamhaisnéisí réadúla maicreacnamaíocha agus buiséadacha, trí na sonraí is déanaí a úsáid. Áirítear leo sin na réamhaisnéisí is déanaí ón gCoimisiún Eorpach agus, más iomchuí, ó eagraíochtaí neamhspleácha.

Rialacha sonracha fioscacha a fheidhmiú chun a chinntiú go gcloíonn buiséad foriomlán rialtas le rialacha Eorpacha. Féachtar anseo le heasnamh nó le fiachas poiblí iomarcach a sheachaint. Déanann eagraíochtaí neamhspleácha dlúthmhonatóireacht ar chomhlíonadh na rialacha.

Creat meántéarmach buiséadach a chur ar bun atá éifeachtach agus iontaofa, lena n-áirítear tréimhse pleanála fioscaí 3 bliana. Sonrófar sa chreat sin cuspóirí ilbhliantúla buiséadacha, réamh-mheastacháin mhórchaiteachais agus míreanna ioncaim agus measúnú ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

Comhsheasmhacht agus comhordú na rialacha agus na nósanna imeachta cuntasaíochta a chinntiú thar raon réimsí uile gníomhaíochta an rialtais.

Fuarthas i dtuarascáil 2014 ón gCoimisiúin maidir le caighdeáin na sonraí náisiúnta fioscacha go raibh ag éirí go han-mhaith le rialtais AE cloí le spriocdhátaí tuairiscithe, ach go bhféadfaí iomláine na dtáblaí maidir le heasnamh iomarcach a fheabhsú.

CÚLRA

Is ceann amháin de na sé bheart reachtacha (ar a dtugtar an sé-phaca) an treoir seo, bearta a cuireadh i bhfeidhm an 13 Nollaig 2011 agus a chuireann leis an rialachas AE fioscach agus eacnamaíoch.

Cuireadh dhá-phaca i bhfeidhm ina dhiaidh sin a chuireann le faireachas buiséadach i limistéar an euro. Faoi nós imeachta an tseimeastair Eorpaigh, ní mór do na tíortha uile a bhfuil an euro á úsáid acu dréachtbhuiséad a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi lár mhí Dheireadh Fómhair gach bliain. Má mheastar sa Choimisiún nach leor an buiséad chun rialacha an airgeadra aonair a shásamh, féadfar iarraidh ar an tír sin a dréachtbhuiséad a leasú.

Eolaí gearr maidir le rialachas nua fioscach an Aontais Eorpaigh.

GNÍOMH

Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2011/85/AE

13.12.2011

31.12.2013

IO L 306, 23.11.2011, lgh. 41–47

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: I dtreo caighdeáin chomhchuibhithe chuntasaíochta don earnáil phoiblí a chur i bhfeidhm sna Ballstáit — Oiriúnacht IPSAS do na Ballstáit (COM(2013) 114 final an 6.3.2013)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le caighdeán na sonraí fioscacha a tuairiscíodh ag na Ballstáit in 2013 (COM(2014) 122 final an 7.3.2014)

Nuashonraithe 13.10.2015