Na coinníollacha a bhaineann lena bheith páirteach sa euro (critéir um chóineasú)

 

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN PRÓTACAL (UIMH. 13) MAIDIR LE CRITÉIR UM CHÓINEASÚ?

Leagtar amach sa phrótacal na ceithre choinníoll eacnamaíocha agus airgeadais — ar a dtugtar critéir um chóineasú — atá le comhlíonadh ag tíortha an Aontais Eorpaigh (AE), tíortha nach bhfuil an euro á úsáid acu, sular dtabharfar cead dóibh glacadh leis an airgeadra aonair. Leagtar síos ann freisin an nós imeachta a bhaineann lena mballraíocht a shocrú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas na ceithre choinníoll atá le comhlíonadh ag ball todhchaíoch an euro:

Cobhsaíocht praghsanna: ráta boilscithe a bheith aige, ar feadh tréimhse bliana amháin, nach bhfuil níos mó ná 1.5 % níos airde ná na trí ráta náisiúnta is ísle i limistéar an euro. Taispeánann sé sin go bhfuil an boilsciú faoi smacht.

Airgeadas poiblí: deimhin a dhéanamh de go bhfuil an t-airgeadas poiblí fónta inbhuanaithe. Is féidir amhlaidh a dhéanamh trí iasacht agus trí fhiachas náisiúnta a theorannú agus trí easnamh iomarcach a sheachaint. Ní cheadaítear ach easnamh 3 % agus fiachas 60 % nó níos lú d’olltáirgeacht náisiúnta intíre.

Cobhsaíocht an ráta mhalairte: luaineachtaí iomarcacha airgeadra a sheachaint ar feadh tréimhse 2 bhliain ar a laghad trí pháirt a ghlacadh i gcóras (ar a dtugtar Meicníocht an Ráta Mhalairte) a chumhdaíonn rátaí malairte idir tíortha a úsáideann an euro agus tíortha nach n-úsáideann an euro. Go háirithe, níor cheart go dtiocfadh laghdú ar luach an euro i rith na tréimhse sin.

Cóineasú rátaí úis:ráta fadtéarmach úis a bheith aige nach sáraíonn ráta úis na trí bhall euro is fearr feidhmíochta ach de dhá phointe chéatadáin nó níos lú.

Príomhphointí eile:

Gach 2 bhliain, nó ar iarratas ó thír nach bhfuil i limistéar an euro, déanann an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag tíortha ar mian leo bheith páirteach sa euro, measúnú a bhaineann leis na critéir um chóineasú a chomhlíonadh. Foilsítear na measúnuithe i dtuarascálacha um chóineasú.

Cinneann rialtais AE, bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún, cibé an bhfuil tír réidh chun glacadh leis an euro. Glactar leis an gcinneadh tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus ar bhonn molta trí thromlach cáilithe ó na tíortha a bhfuil an t-airgeadra aonair á úsáid acu cheana.

CÚLRA

Is é Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlíthiúil na gcritéar um chóineasú agus tá siad faoi réir ag Prótacal Uimh. 13 atá i gceangal leis na conarthaí ar a bhfuil AE bunaithe.

Nuashonraithe 02.12.2015