Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFManna)

ACHOIMRE AR:

Plean gníomhaíochta AE dhá phointe dhéag lena dtacaítear le Spriocanna Forbartha na Mílaoise – COM(2010) 159, leagan deireanach

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO?

In 2010, chun cabhrú le luas a chur faoin dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFManna) a bhaint amach faoi 2015, chuir an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta meántéarmach 12 phointe chun cinn.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceangaltais an chúnaimh oifigiúil forbartha a bhaint amach

Mhol an Coimisiún na bearta seo a leanas chun an ceangaltas a urramú i leith chúnamh oifigiúil forbartha AE a mhéadú go 0.7 % den ollioncam náisiúnta (OIN) faoi 2015:

pleananna gníomhaíochta bliantúla a bhunú chun cur chun feidhme an chúnaimh forbartha a bharrfheabhsú;

sásra cuntasachta AE a neartú, bunaithe ar mheasúnú ar an gcúnamh forbartha;

achtaíonn tíortha AE reachtaíocht náisiúnta chun spriocanna cúnaimh forbartha a leagan síos.

D’iarr sé freisin ar dheontóirí idirnáisiúnta eile cur lena ranníocaíocht i gcomhréir le cúnamh AE.

Cur le héifeachtacht an chúnaimh

Mhol an Coimisiún na bearta seo a leanas go háirithe chun éifeachtacht an chúnaimh forbartha agus chomhordú na ngníomhairí éagsúla lena mbaineann a neartú:

creat clárúcháin comhpháirteach agus timthriall clárúcháin aonair do AE agus do thíortha AE a úsáid de réir a chéile faoi 2013;

Creat Oibriúcháin a thabhairt isteach le haghaidh éifeachtacht cabhrach, roinnt an tsaothair, thrédhearcacht an mhaoiniúcháin, chuntasacht fhrithpháirteach AE agus tíortha i mbéal forbartha;

deontóirí eile a spreagadh chun prionsabail na héifeachtachta cabhrach a leanúint.

Plean gníomhaíochta chun luas a chur faoin dul chun cinn i dtreo SFManna

Chun luas a chur faoin dul chun cinn i dtreo na SFManna, mhol an Coimisiún go nglacfaidh AE agus tíortha AE na bearta seo a leanas:

díriú mar thosaíocht ar na tíortha agus ar na daonraí is mó atá ar gcúl;

díriú ar SFManna is mó atá ar gcúl agus feabhas a chur ar bheartais earnála Eorpacha (e.g. sláinte, oideachas, sábháilteacht an tsoláthair bia agus comhionannas inscne);

úinéireacht SFManna a chothú ag tíortha comhpháirtíochta (e.g. SFManna a chomhtháthú ina straitéisí forbartha féin agus cáilíocht na staitisticí a fheabhsú);

Clár Oibre a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil comhsheasmhacht ann idir beartais AE ar dhócha go mbeadh tionchar acu ar thíortha comhpháirtíochta (e.g. i bpríomhréimsí na trádála agus an airgeadais, an athraithe aeráide, shábháilteacht an tsoláthair bia, na himirce agus na slándála);

slógadh acmhainní baile a chur chun cinn, go háirithe trí rialachas cánach náisiúnta agus idirnáisiúnta níos fearr agus trí chórais cánach na dtíortha comhpháirtíochta a neartú;

lánpháirtiú agus trádáil réigiúnach a chur chun cinn, rud a spreagann fás agus poist;

foinsí nuálacha maoiniúcháin a shainaithint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, chun ioncaim sheasmhacha a chinntiú le haghaidh na forbartha inbhuanaithe;

tacú le straitéisí um oiriúnú agus maolú don athrú aeráide i dtíortha comhpháirtíochta (e.g. trí chomhar, trí thaighde agus trí rochtain ar theicneolaíochtaí glasa a chur chun cinn);

dálaí slándála fadtréimhseacha a chruthú (formhór na dtíortha atá ar gcúl maidir le SFManna a bhaint amach, is tíortha leochaileacha iad de dheasca coinbhleachtaí armtha);

spreagadh nua a chur faoi athchóiriú an ollstruchtúir rialachais idirnáisiúnta (i.e. feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar dhlisteanacht an phróisis trí na tíortha is boichte a chuimsiú níos fearr, tíortha ar minic a bhíonn a sainleasa fágtha ar an imeall).

Éachtaí

Tá roinnt torthaí dearfacha bainte amach de bharr ghníomhartha AE agus thíortha AE. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, níor baineadh amach an sprioc sna torthaí.

Fíorbhochtaineacht agus ocras

Laghdaíodh an fhíorbhochtaineacht ar fud an domhain faoina leath faoi 2010, 5 bliana roimh an sprioc; agus tá sé ag laghdú ó shin i leith. Dá ainneoin sin, tá 836 milliún duine ag maireachtáil agus iad beo bocht i gcónaí. Tá an líon daoine a bhfuil ocras orthu laghdaithe faoina leath i 72 tír i measc 129 tír. Tá ocras ar 795 milliún duine, tá droch-chothú ag baint le 2 billiún duine, agus tá bac ar fhás aon cheathrú de leanaí an domhain fiú sa lá atá inniu ann.

Oideachas bunscoile do chách

I gcomparáid leis an mbliain 2000, tá líon na leanaí nach bhfuil ar scoil laghdaithe faoina leath nó geall leis. Tá méadú tagtha ar na rátaí litearthachta i measc daoine óga idir 15 agus 24 bliain d’aois ó 83 % i 1990 go dtí 91 % (measta) in 2015. Chabhraigh tacaíocht AE leis sin, agus le feabhas ar gach leibhéal eile oideachais freisin.

Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban

Tá dul chun cinn áirithe bainte amach maidir leis an gcomhionannas inscne agus cumhachtú na mban a bhaint amach. Tá sáruithe leanúnacha, agus sáruithe nach bhfacthas riamh cheana, á ndéanamh ar chearta na mban i gcónaí mar sin féin. Is mó arís an bhearna inscne nuair a chuirtear an neamh-chomhionannas inscne le chéile le cineálacha eile eisiaimh amhail míchumas, aois, ceast, eitneachas, claonadh gnéis, iargúltacht thíreolaíoch nó creideamh.

Básmhaireacht i measc leanaí

Meastar go bhfaigheann 16,000 leanbh bás gach aon lá. Tá na rátaí básmhaireachta i measc leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois laghdaithe faoina leath ó 1990, ó 90 bás go 43 bás (measta) i ngach 1000 beobhreith in 2015. Is mó an laghdú atá bainte amach i measc na dteaghlach is boichte, seachas i measc na dteaghlach is saibhre, i ngach réigiún. Dá ainneoin sin, níor leor an dul chun cinn chun an sprioc um líon na mbásanna a laghdú faoina dhá thrian faoi 2015 a bhaint amach.

Sláinte mháthartha

Tá an cóimheas básmhaireachta in 2015 beagnach leath an chóimheasa i 1990. Dá ainneoin sin, níor baineadh amach an Sprioc Forbartha Mílaoise chun an cóimheas a laghdú faoina thrí cheathrú faoi 2015.

VEID/SEIF, maláire agus eitinn

Tá laghdú 40% tagtha ar an líon daoine a fuair bás ó VEID/SEIF, eitinn agus maláire ó 2000.

Inbhuanaitheacht chomhshaoil

Baineadh amach spriocanna maidir le rochtain ar sholáthairtí uisce níos fearr agus laghdú ar an líon daoine ag maireachtáil i bplódcheantair roimh an sprioc. Mar sin féin, níor cuireadh stop le caillteanas acmhainní comhshaoil ná bithéagsúlachta.

Comhpháirtíocht dhomhanda maidir le comhar a fhorbairt

Tá dul chun cinn maith déanta ó 1990. In 2014, bhí méadú 66 % tagtha ar leibhéil an chúnaimh forbartha i gcomparáid le 2000. Sa tréimhse chéanna, tháinig méadú ar rochtain na dtíortha i mbéal forbartha ar mhargaí.

CÚLRA

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean gníomhaíochta AE dhá phointe dhéag lena dtacaítear le Spriocanna Forbartha na Mílaoise (COM(2010) 159, leagan deireanach, an 21.4.2010)

Nuashonraithe 13.01.2016