An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún — straitéis maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha a neartú (2020)

CAD IS AIDHM LEIS AN STRAITÉIS?

Is é is aidhm le straitéis 2020 ón gCoimisiún Eorpach Cairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (AE) a chur i gcrích do chách.

Iarrtar leis a áirithiú go gcuirfidh Institiúidí AE agus Ballstáit AE an Chairt i bhfeidhm ar a lánacmhainneacht. Cuireann sé leis an straitéis ó 2010.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar béim i Straitéis 2020 an Choimisiúin ar ceithre thosaíocht.

Cur i bhfeidhm éifeachtach na Cairte ag na Ballstáit a áirithiú

Tá an chairt ceangailteach ar Bhallstáit AE chomh maith nuair a chuireann siad dlí AE i bhfeidhm. Oibreoidh an Coimisiúin go dlúth leis na Ballstáit agus tacóidh sé leo le dlí AE a chur i bhfeidhm go éifeachtach agus ag cloí go hiomlán leis an gCairt. Iarrtar ar na Ballstáit pointe fócasach Cairte a ainmniú chun comhordú agus comhroinnt faisnéise a éascú. Ó 2021 ar aghaidh, eiseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir leis an gCairt, ina ndéanfar mionscrúdú ar chur i bhfeidhm na Cairte sna Ballstáit i réimsí sonracha arna rialú le dlí an Aontais.

Eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cosantóirí cearta agus cleachtóirí ceartais a chumhachtú

Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí cearta ríthábhachtach le haghaidh daonlathas sláintiúil agus chun cearta bunúsacha a fhíorú i saol daoine. Tá na dúshláin atá le sárú acu ag méadú de shíor.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar bhearta náisiúnta a dhéanann difear do ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta atá contrártha do dhlí an Aontais agus déanfaidh sé beart ina gcoinne. Níl institiúidí náisiúnta náisiúnta um chearta an duine ag feidhmiú go hiomlán fós ag roinnt Ballstát, ar naisc thábhachtacha iad idir an rialtas agus an tsochaí shibhialta. Iarrtar ar na Ballstáit institiúidí den sórt sin a chur ar bun agus a áirithiú go mbeidh sé d’acmhainn acu oibriú go hiomlán neamhspleách. Cuirfidh an Coimisiún oiliúint a bhaineann leis an gCairt chun cinn freisin do bhreithiúna, do chleachtóirí ceartais eile agus do chosantóirí ceart.

Úsáid na Cairte mar chompás d’institiúidí an Aontais Eorpaigh a chothú

Ní mór d’institiúidí AE an Chairt a chomhlíonadh ina gcuid gníomhaíochtaí uile. Cuirfidh an Coimisiún borradh faoina chumas inmheánach maidir le comhlíonadh na Cairte, lena n–áirítear trí ríomhfhoghlaim, treoir nuashonraithe do bhaill foirne agus do phleananna oiliúna. Tá an Coimisiún réidh le tacú le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun a áirithiú go gcuirfidh siad an Chairt i bhfeidhm go héifeachtach ina gcuid oibre.

Feasacht daoine ar a gcearta faoin gCairt a neartú

Léirigh suirbhé Eorabharaiméadair sa bhliain 2019 nár chuala ach 42 % de na freagróirí faoin gCairt agus níl a fhios ag níos mó ná 12 % i ndáiríre cad é rud é. Theastaigh ó 6 as gach 10 bhfreagróir, áfach, níos mó eolais a fháil faoina gcearta agus a fháil amach cé leis a ndéanfar teagmháil má sháraítear an Chairt.

Tá an Coimisiún ag dul i ngleic leis an mbearna feasachta trí:

Iarann sé ar na Ballstáit tionscnaimh nua a fhorbairt maidir le feasacht agus cumhacht a thabhairt do chomhlachtaí áitiúla agus do dhaoine aonair lena mbaineann.

Gníomhaíocht amach anseo

Déanfaidh an Coimisiún:

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas Eorpach a neartú (COM(2020) 711 final, 2.12.2020).

Teachtaireacht ón gCoimisiún: Straitéis maidir le cur chun feidhme éifeachtach na Cairte um Chearta Bunúsacha ag an Aontas Eorpach (COM(2010) 573 final, 19.10.2010).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialacha Nósanna Imeachta Chúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh (IO L 202, 7.6.2016, lgh. 389–405).

Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lgh. 1–14).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis AE maidir le cearta an linbh (COM(2021) 142 final, 24.3.2021).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (COM(2020) 790 final, 3.12.2020).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar an Smacht Reachta 2020 — Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2020)580 final, 30.9.2020).

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Treoir Oibríochtúil maidir le Cearta Bunúsacha i Measúnuithe Tionchair an Choimisiúin a chur san áireamh (SEC(2011) 567 final, 6.5.2011).

Nuashonraithe 09.12.2021