Cultúr agus caidreamh idirnáisiúnta AE
ACHOIMRE AR:
Conclúidí maidir le héagsúlacht chultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn i gcaidreamh seachtrach AE agus thíortha AE
CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ?
-
Is é is aidhm leo an Coimisiún Eorpach agus tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a spreagadh chun cuir chuige a shainiú maidir le caidreamh cultúrtha a dhéanamh le tíortha neamh-AE.
-
Spreagadh próiseas leis na conclúidí trínar baineadh amach na nithe seo a leanas:
-
ghlac tíortha AE conclúidí maidir leis an gcultúr i gcaidreamh seachtrach AE ina bhfuil béim faoi leith ar a ról sa chomhar um fhorbairt; agus
-
d’eisigh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí comhtheachtaireacht ina ndéantar breac-chuntas ar an gcineál straitéise um chaidreamh idirnáisiúnta cultúrtha de chuid AE a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Cuirtear béim sna conclúidí go gcuireann malartuithe cultúrtha agus an t-idirphlé idirchultúrtha ar an leibhéal domhanda go mór le daoine a thabhairt le chéile agus leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar a neartú. Agus aird á tabhairt air sin, ní mór don Aontas Eorpach cultúr a chuimsiú ina bheartais agus ina chláir um chaidreamh seachtrach, agus ina chomhoibriú le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
-
I measc nithe eile, iarrtar iontu ar thíortha AE agus ar an gCoimisiún Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
idirphlé idirchultúrtha a spreagadh trí thionscadail, trí ghníomhaíochtaí spreagtha feasachta agus trí mhalartuithe dea-chleachtais laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach do ghairmithe cultúir agus do dhaoine óga araon;
-
tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an ilteangachais agus scileanna idirchultúrtha;
-
tacú le Coinbhinsiún UNESCO ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn 2005, ina bhfuil AE ina pháirtí;
-
straitéis AE a shainiú chun cultúr a chuimsiú i mbeartais AE um chaidreamh seachtrach ar bhealach comhsheasmhach agus córasach, lena chinntiú go gcomhlánóidh gníomhaíochtaí ar leibhéal AE gníomhaíochtaí thíortha AE;
-
gníomhaíochtaí, earraí agus seirbhísí cultúrtha Eorpacha a chur chun cinn lasmuigh den Aontas Eorpach, chomh maith le soghluaisteacht idirnáisiúnta gairmithe cultúir Eorpacha;
-
cuidiú le góchumadh, bradaíl agus gadaíocht agus gáinneáil earraí cultúrtha a chomhrac ar leibhéal idirnáisiúnta;
-
an oidhreacht chultúrtha a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn.
-
Ag féachaint do straitéisí agus do ghníomhaíochtaí AE sa réimse seo a shainiú níos fearr, cuirtear béim sna conclúidí ar an tábhacht a bhaineann le hanailís chúramach a dhéanamh ar earnálacha cultúir na dtíortha comhpháirtíochta. Cuireadh béim iontu chomh maith ar an ngá leo seo a leanas:
-
cláir um maoiniú a shainiú agus a shaincheapadh don earnáil chultúir ina bhféadfadh na struchtúir táirgthe agus dáilte a bheith beag agus gnéithe áitiúla sonracha a bheith acu;
-
faisnéis níos fearr a chur ar fáil maidir le cláir agus gníomhaíochtaí tacaíochta do rannpháirtithe féideartha;
-
níos mó rannpháirtíochta a bheith ag ealaíontóirí, gairmithe cultúir agus an tsochaí shibhialta i dtíortha AE agus i dtíortha comhpháirtíochta maidir le beartais sheachtracha um chultúr a dhréachtú agus a chur chun feidhme;
-
comhar níos fearr idir institiúidí cultúrtha thíortha AE a oibríonn i dtíortha comhpháirtíochta agus forbairt líonraí.
CÚLRA
-
Is féidir leis an gcultúr cuidiú go mór le dul i ngleic leis an gcuid mhór dúshlán atá le sárú ag AE agus ag an gcuid eile den domhan, amhail imeascadh dídeanaithe agus imirceach, radacú foréigneach a chomhrac agus an oidhreacht chultúrtha a chosaint.
-
Tá feabhas a chur ar ról an chultúir i gcaidreamh seachtrach AE ar cheann de na trí cholún den Chlár Oibre Eorpach don Chultúr.
-
Tá tuilleadh faisnéise le fáil iontu seo a leanas:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 16 Nollaig 2008, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, maidir le héagsúlacht chultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn i gcaidreamh seachtrach an Aontais agus a Bhallstát (IO C 320, an 16.12.2008, lgh. 10-12)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Comhtheachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: I dtreo straitéis AE maidir le caidreamh idirnáisiúnta cultúrtha (JOIN(2016) 29 final, 8.6.2016)
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcultúr i gcaidreamh seachtrach AE ina bhfuil béim faoi leith ar a ról sa chomhar um fhorbairt (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 41-43)
Nuashonraithe 08.11.2016