Grúpa Comhairleach do thomhaltóirí AE
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 2009/705/CE ón gCoimisiún – an Grúpa Comhairleach do Thomhaltóirí Eorpacha
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
-
Cruthaítear leis an Grúpa Comhairleach do Thomhaltóirí Eorpacha – pléghrúpa ar shaincheisteanna a bhaineann le leasanna tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE).
-
Aisghairtear agus soiléirítear leis forálacha Chinneadh 2003/709/CE. Tá sé mar aidhm aige éifeachtúlacht, ionadaíochas agus oscailteacht an ghrúpa a fheabhsú trí úsáid a bhaint as an taithí a fuarthas.
PRÍOMHPHOINTÍ
Féadtar dul i gcomhairle leis an ngrúpa maidir le gach saincheist a bhaineann le leasanna tomhaltóirí ar leibhéal AE. Tugann sé tuairimí agus comhairle don Choimisiún Eorpach. Ina theannta sin, fónann sé mar ardán do mhalartú faisnéise idir na heagraíochtaí a mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu agus cuireann sé na heagraíochtaí náisiúnta ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí AE.
Comhaltas
Tá an grúpa comhdhéanta díobh seo a leanas:
-
1 ionadaí amháin ó na heagraíochtaí náisiúnta tomhaltóirí do gach tír in AE;
-
1 ionadaí amháin ó gach eagraíocht Eorpach do thomhaltóirí (BEUC agus ANEC).
Tá 2 chomhalta chomhlacha (Eurocoop agus Coface) agus 2 bhreathnóirí (an Íoslainn agus an Iorua) ann freisin.
Ní foláir d’eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal na hEorpa roinnt critéar a chomhlíonadh. Ní foláir dóibh a bheith neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar thionsclaíocht, ar thráchtáil agus ar ghnó.
Ina theannta sin, ní foláir dóibh:
-
cosaint ar leasanna sláinte, sábháilteachta agus eacnamaíocha na dtomhaltóirí a bheith mar phríomhghníomhaíocht acu;
-
ionadaíocht a dhéanamh ar thomhaltóirí i leath de thíortha AE ar a laghad;
-
a bheith ábalta sonraí maidir lena gcomhaltas, lena rialacha inmheánacha agus lena bhfoinsí cistiúcháin a sholáthar don Choimisiún.
Nó:
-
a bheith gníomhach sa phróiseas Eorpach um chaighdeánú;
-
a bheith sainordaithe in dhá thrian ar a laghad de thíortha AE chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna tomhaltóirí ar leibhéal AE.
Ceapachán agus téarmaí oifige comhaltaí
-
Tá an grúpa comhdhéanta de 30 comhalta arna gceapadh ar feadh 3 bliana. Féadfar an téarma oifige a athnuachan.
-
Ceaptar comhaltaí den ghrúpa a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí náisiúnta tomhaltóirí i ndiaidh moltaí ó iarrthóirí arna seoladh ag riaracháin náisiúnta. Ceapann an Coimisiún 1 chomhalta amháin agus 1 chomhalta malartach amháin do gach tír AE bunaithe ar shraith critéar:
-
ní mór do rannpháirtithe inniúlacht fhairsing agus taithí le gnóthaí AE a bheith acu;
-
tugtar tosaíocht d’iarrthóirí nach raibh ina gcomhaltaí den ghrúpa roimhe sin;
-
ní mór cothromaíocht inscne a chinntiú ag leibhéal an ghrúpa ina iomláine.
-
Ceapann an Coimisiún comhaltaí den ghrúpa a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí tomhaltóirí AE agus comhalta malartach do gach comhalta ar mholadh ó eagraíochtaí tomhaltóirí Eorpacha.
-
Ar mhaithe le díospóireacht, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do chomhaltaí comhlacha nó do shaineolaithe ar comhaltaí d’eagraíochtaí nach bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu sa ghrúpa.
Feidhmiú
-
Cinneann an Coimisiún minicíocht chruinnithe an ghrúpa. Tá sé ina chathaoirleach ar an ngrúpa agus cuireann sé seirbhísí rúnaíochta ar fáil.
-
Glacann an grúpa a rialacha nós imeachta féin ar bhonn togra a dhéanfaidh an Coimisiún.
-
Féadfaidh an grúpa cinneadh a dhéanamh foghrúpaí sealadacha a bhunú chun ceisteanna sonracha a scrúdú. Tá 2 fhoghrúpa ann faoi láthair:
-
fuinneamh agus
-
margadh digiteach aonair.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá sí i bhfeidhm ón 14 Meán Fómhair 2009.
CÚLRA
Ráthaíonn AE leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí, ceangal a chuireann sé san áireamh agus a chuid beartas agus a chuid caingne á n-ullmhú. Sula ndéantar aon phleananna a d’fhéadfadh éifeacht a bheith acu ar thomhaltóirí, téann an Coimisiún i gcomhairle leis na heagraíochtaí tomhaltóirí a ndéantar ionadaíocht orthu laistigh den ghrúpa comhairleach do thomhaltóirí. Cruthaíodh grúpa comhairleach do thomhaltóirí le Cinntí leantacha, arbh é Cinneadh 2009/705/CE an ceann deiridh, agus tá an grúpa sin ag cabhrú leis an gCoimisiún ó 1973 i leith.
Tuilleadh faisnéise:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh 2009/705/CE ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2009 lena mbunaítear an Grúpa Comhairleach do Thomhaltóirí Eorpacha (I.O. Uimh. 244, 16.9.2009, lgh. 21-24)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2016 maidir le comhaltaí den Ghrúpa Comhairleach do Thomhaltóirí Eorpacha agus a gcomhaltaí malartacha a cheapadh (C/2016/5417) (IO C 306, 23.8.2016, lgh. 4-5)
Nuashonraithe 04.11.2016