Caitheamh tobac a chosc
ACHOIMRE AR:
Mholadh ón gComhairle maidir le caitheamh tobac a chosc agus maidir le tionscnaimh chun feabhas a chur ar rialú tobac
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA MHOLADH?
Spreagtar tíortha AE ann chun sraith beart reachtach agus/nó beart eile a chur i bhfeidhm chun daoine, go háirithe daoine óga, a dhíspreagadh ó thosú ag caitheamh tobac. Áirítear orthu sin rialuithe maidir le tobac a dhíol agus maidir lena fhógraíocht agus lena chur chun cinn.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Chun díolacháin tobac le leanaí agus ógánaigh a chosc, spreagtar tíortha AE chun:
-
a cheangal ar dhaoine a dhíolann táirgí tobac a dheimhniú nach bhfuil a gcustaiméirí faoi bhun aoise;
-
a chinntiú go mbaintear táirgí tobac ó thaispeáintí féinseirbhíse i siopaí;
-
srian a chur ar rochtain ar mheaisíní díola tobac do dhaoine faoi bhun aoise;
-
teorainn a chur ar rochtain ar chiandíolacháin, tríd an idirlíon mar shampla, le haosaigh;
-
cosc a chur ar dhíol milseáin agus bréagáin leanaí atá cosúil le táirgí tobac;
-
cosc a chur ar dhíol toitíní ina n-aonar nó i bpacaí ina bhfuil níos lú ná 19.
-
Chun srian a chur ar ghníomhaíochtaí fógraíochta agus cur chun cinn tobac, spreagtar tíortha AE chun cosc a chur ar úsáid an mhéid seo a leanas:
-
ainmneacha branda tobac ar tháirgí agus ar sheirbhísí neamhthobac;
-
ítimí a bhaineann le cur chun cinn amhail luaithreadáin, lastóirí, parasóil agus samplaí tobac;
-
lascainí, bronntanais saor in aisce, bisigh nó deiseanna chun páirt a ghlacadh i gcluiche nó i gcomórtas cur chun cinn tobac;
-
cláir fógraí, póstaeir nó cineálacha ar bith eile d’fhógraíocht laistigh nó lasmuigh tobac nó táirgí gaolmhara;
-
fógraíocht tobac nó táirgí gaolmhara i bpictiúrlanna;
-
cineálacha díreacha nó indíreacha eile d’fhógraíocht agus d’urraíocht do tháirgí tobac.
-
Déantar tíortha AE a spreagadh chomh maith chun:
-
a cheangal ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar thrádálaithe mórscála an méid airgid a chaitheann siad ar fhógraíocht, ar mhargaíocht, ar urraíocht agus ar thionscnaimh chur chun cinn a chur in iúl dóibh;
-
gníomh a dhéanamh i gcoinne tionchar chaitheamh fulangach tobac in ionaid oibre laistigh, in áiteanna poiblí iata agus ar iompar poiblí. Ba cheart tús áite a thabhairt d’ionaid oideachais, cúram sláinte agus leanaí;
-
leanúint le straitéisí in aghaidh tobac, go háirithe trí oideachas sláinte;
-
a thabhairt ar dhaoine óga a bheith bainteach i ngníomhaíochtaí in aghaidh tobac;
-
beartas praghsála a úsáid chun caitheamh tobac a dhíspreagadh;
-
a dheimhniú go bhfuil na bearta atá i bhfeidhm á gcur chun feidhme;
-
na bearta atá déanta acu a chur in iúl don Choimisiún Eorpach gach 2 bhliain.
-
Spreagtar an Coimisiún chun:
-
monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar na bearta a rinneadh;
-
tuarascáil a dhéanamh laistigh de bhliain ón bhfaisnéis náisiúnta a fháil;
-
a bhreithniú an bhfuil gá le gníomh ar bith eile a dhéanamh.
-
Tá tionscnaimh éagsúla déanta ag an gCoimisiún chun cosc ar thobac a chur chun cinn. Áirítear orthu sin feachtais, amhail “Ex-Smokers are Unstoppable”, agus fóirdheontais do tháirgeoirí tobac a chéimniú amach.
-
Le reachtaíocht cheangailteach, a glacadh in 2003 (Treoir 2003/33/CE) agus ar cuireadh Treoir 2014/40/AE ina hionad in 2014, leagtar amach ceanglais AE maidir le monaraíocht, cur i láthair agus díolachán táirgí tobac agus táirgí comhchosúla, amhail toitíní leictreonacha.
-
In 2009, spreagadh tíortha AE i moladh eile chun bearta a ghéarú chun daoine a chosaint ó chaitheamh fulangach tobac ag an obair, in áiteanna poiblí agus ar iompar poiblí.
CÚLRA
Caitheann ceathrú (26 %) d’Eorpaigh tobac. Is é caitheamh tobac an chúis aonair is mó le bás agus galar inchoiscthe in AE agus tarlaíonn thart ar 700 000 bás a bhaineann le caitheamh tobac gach bliain.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Beartas ar thobac” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
GNÍOMH
Moladh ón gComhairle an 2 Nollaig 2002 maidir le caitheamh tobac a chosc agus maidir le tionscnaimh chun feabhas a chur ar rialú tobac (IO L 22, 25.1.2003, lgh. 31-34)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le comhfhógasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát i dtaca le fógraíocht agus urraíocht táirgí tobac (IO L 152, 20.6.2003, lgh. 16-19).
Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Threoir 2003/33/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhógasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí tobac a mhonarú, a chur i láthair agus a dhíol agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lgh. 1-38). Féach an leagan comhdhlúite.
Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le timpeallachtaí saor ó thobac (IO C 296, 5.12.2009, lgh. 4-14)
Nuashonraithe 03.05.2016