Fógraíocht agus urraíocht tobac
ACHOIMRE AR:
Treoir 2003/33/CE maidir le fógraíocht agus urraíocht táirgí tobac
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Rialaítear leis fógraíocht* agus poiblíocht tobac* sna meáin chlóite, ar an raidió, i seirbhísí na sochaí faisnéise agus trí urraíocht a bhaineann le tobac.
PRÍOMHPHOINTÍ
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá an treoir i bhfeidhm ón 20 Meitheamh 2003. B'éigean do thíortha AE é a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 3 Iúil 2005.
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Fógraíocht: aon chineál cumarsáide tráchtála a bhfuil sé mar aidhm leis, go díreach nó go hindíreach, táirgí tobac a chur chun cinn.
Táirgí tobac products: gach táirge, fiú cinn ina bhfuil roinnt tobac, atá beartaithe le caitheamh, le smúradh, le dúil nó le cogaint.
GNÍOMH
Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le fógraíocht agus urraíocht táirgí tobac (IO L 152, 20.6.2003, lgh. 16-19)
Ionchorpraíodh na leasuithe agus na ceartuithe i ndiaidh a chéile a rinneadh ar Threoir 2003/33/CE sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe atá leagtha síos ag an dlí, ag rialáil nó ag gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh soláthar seirbhísí meán closamhairc (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lgh. 1-24)
Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le déantúsaíocht, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lgh. 1-38)
Moladh ón gComhairle 2003/54/CE an 2 Nollaig 2002 maidir le cosc ar chaitheamh tobac agus tionscnaimh chun rialú tobac a fheabhsú (IO L 22, 25.1.2003, lgh. 31-34)
Nuashonraithe 25.07.2016