Fuil agus comhábhair fola an duine — caighdeáin a chothabháil

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/98/CE lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta maidir le bailiú, tástáil, phróiseáil, stóráil agus dáileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine

ACHOIMRE

Is é deonú fhuil agus phlasma an duine is bonn le raon leathan teiripí bunriachtanacha, lena dtugtar beatha duine slán go minic. Úsáidtear an fhuil agus a cuid comhábhar freisin i ngnáthchóireáil mháinliachta chun cur le fad saoil othair. Ní mór a gcáilíocht agus a sábháilteacht a rathú chun aon tarchur ionfhabhtaithe nó galair a chosc.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a áirithiú:

Ar deireadh, ní mór d’fhorais fola measúnacht a dhéanamh ar gach deontóir fola, gach deonú a thástáil (chun seiceáil an bhfuil heipitíteas B nó C ar dheontóir, mar shampla) agus a áirithiú go ndéantar an fhuil deonta a stóráil, a iompar agus a dháileadh mar is cuí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sí i bhfeidhm an 8 Feabhra 2003. Bhí ar thíortha AE í a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 8 Feabhra 2005.

CÚLRA

Fuil, fíocháin agus orgáin ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta maidir le bailiú, tástáil, próiseáil, stóráil agus dáileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE (IO L 33, 8.2.2003, lgh. 30-40)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2004/33/CE ón gCoimisiún an 22 Márta 2004 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais theicniúla áirithe le haghaidh fola agus comhpháirteanna fola (IO L 91, 30.3.2004, lgh. 25-39). Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/33/CE a ionchorprú sa téacs bunaidh. Is fiúntas faisnéiseach amháin atá ag an leagan comhdhlúite seo.

Treoir 2005/61/CE ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2005 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais inrianaitheachta agus maidir le fógra a thabhairt i leith frithghníomhartha agus imeachtaí díobhálacha tromchúiseacha (IO L 256, 1.10.2005, lgh. 32-40)

Treoir 2005/62/CE ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2005 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin Chomhphobail agus sonraíochtaí Comhphobail a bhaineann le córas cáilíochta d’fhorais fola (IO L 256, 1.10.2005, lgh. 41-48)

Nuashonraithe 24.11.2015