Cothú, rómheáchan agus murtall — straitéis AE
ACHOIMRE AR:
An Páipéar Bán (COM(2007) 279 leagan deireanach) maidir le fadhbanna sláinte a bhaineann le cothú, le rómheáchan agus le murtall
CAD IS AIDHM LEIS AN BPÁIPÉAR BÁN?
-
Leagtar amach ag an gCoimisiún Eorpach sa pháipéar bán seo cur chuige comhtháite an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le drochshláinte a laghdú a bhaineann le droch-chothú, le rómheáchan agus le murtall.
-
Dírítear sa pháipéar bán seo ar ghníomhartha a mholadh, ar féidir iad a chur i gcrích ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus AE ag comhpháirtithe éagsúla chun an fhadhb sláinte poiblí seo a réiteach. Cuireann na gníomhartha sin leis na bearta atá ann cheana i dtíortha AE, agus tacaíonn siad leo.
-
Cuirtear diminsean socheacnamaíoch fhadhb an mhurtaill san áireamh go sonrach sa pháipéar bán seo toisc go mbaineann an fhadhb sin le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste níos mó sa sochaí.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Is é is príomhchuspóir leis an straitéis an timpeallacht mhurtallaigineach (i.e. timpeallacht ina gcuirtear méadú meáchain chun cinn) a chomhrac agus cuidiú le saoránaigh iompraíochtaí ardriosca a laghdú, amhail droch-chothú agus easpa aclaíochta, trína n-éirítear róthrom agus murtallach.
-
Féachtar inti leis sin a bhaint amach trí aird a dhíriú ar ghníomhartha:
-
a chuireann ar chumas tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh chun a áirithiú go mbíonn fáil ar roghanna sláintiúla e.g. in ollmhargaíagus i gceaintíní;
-
a spreagann rannpháirteachas na hearnála príobháidí:
-
d’fhéadfadh an tionscal bia (lena n-áirítear miondíoltóirí) a dtáirgí oidis a athfhoirmliú, go háirithe trí na leibhéil salainn, siúcra agus saillte a laghdú,
-
d’fhéadfadh fostóirí stíleanna sláintiúla maireachtála a spreagadh (e.g. dul chun na hoibre de shiúl na gcos nó ar an rothar);
-
a spreagann daoine chun tuilleadh aclaíochta a dhéanamh trí bhéim a leagan ar na sochair a bhaineann le gníomhaíocht choirp.
Comhpháirtíochtaí
-
Leagtar béim sa straitéis ar a thábhachtaí agus atá sé comhpháirtíochtaí a fhorbairt ar fud AE chun gníomhú ar an talamh, i.e. ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus ar leibhéal AE. Sa chás sin, oibríonn an earnáil príobháideach (e.g. monaróirí bia, miondíol agus an tionscal fógraíochta), an earnáil sláinte poiblí agus eagraíochtaí sochaí sibhialta (e.g. cumainn spóirt, agus comhlachais tomhaltóirí agus na sláinte poiblí) le chéile.
-
Ag cur le clár AE maidir le cothú, gníomhaíocht choirp agus sláinte, a seoladh in 2005, moltar sa pháipéar ardáin den chineál céanna a chruthú ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal fonáisiúnta i dtíortha AE. Nó mór do gheallsealbhóirí áitiúla (e.g. cumainn agus gnóthais bheaga) páirt a ghlacadh sa straitéis chun a rath a áirithiú, toisc go gcruthaíonn sé sin grúpdhinimic agus nasc idir an méid is mó imreoirí agus is féidir agus ag gach uile leibhéal.
-
Tá údaráis thíortha AE freagrach as:
-
gcomhordúionas ábharthacht na mbeart i réimse na sláinte poiblí a áirithiú; agus
-
as na meáin a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dteachtaireachtaí agus i bhfeachtais chomhchoiteanna a fhorbairt.
-
Cuireann an Grúpa Ardleibhéil maidir le Sláinte, Cothú agus Gníomhaíocht Choirp, ina gcuimsítear ionadaithe ó thíortha AE agus ón Iorua agus ón Eilvéis, malartú dea-chleachtas agus faisnéise chun cinn agus forbraíonn sé cuir chuige choiteanna dheonacha.
-
Bhí an Grúpa Ardleibhéil bainteach le hathfhoirmliú táirgí bia, go sonrach maidir le salann, saill sháithithe agus siúcraí sa bhreis. In 2011, tháinig sé ar chomhaontú maidir le Creat AE um Thionscnaimh Náisiúnta maidir le Cothaithigh Roghnaithe (bunaithe ar shamhail athfhoirmlithe in 2008 chun laghdú 16% a dhéanamh ar shalann i mbia i 4 bliana). Cuireadh tús le hobair ansin ar laghdú 5% a dhéanamh ar shaill sháithithe suas go dtí 2016 agus laghdú 5% eile faoi 2020. In 2015, cuireadh tús le hobair ar iarscríbhinn na siúcraí sa bhreis chun laghdú deonach 10% a chur chun cinn i siúcraí sa bhreis i mbia próiseáilte faoi 2020.
-
In 2016, tháinig an Grúpa Ardleibhéil ar chomhaontú maidir le córas monatóireachta do thionscnaimh náisiúnta um athfhoirmliú. Garsprioc thábhachtach agus beart nithiúil ba ea é sin maidir le tacú le gníomhaíocht náisiúnta. Rachaidh na hiarrachtaí sin chun tairbhe saoránach ar deireadh gach uair a bheidh siad ag siopadóireacht san ollmhargadh. Tacóidh torthaí na gníomhaíochta comhpháirtí leanúnaí maidir le cothú agus gníomhaíocht choirp leis an iarracht seo chomh maith, agus táthar ag súil le tuilleadh forbairtí in 2017.
-
In 2014, ghlac an Grúpa Ardleibhéil plean gníomhaíochta AE ar mhurtall i measc leanaí 2014-2020, a bhfuil sé d’aidhm leis deireadh a chur leis an méadú ar mhurtall i measc leanaí faoi 2020. Tá meastóireacht mheántéarmach á déanamh.
-
In 2017, ghlac an Grúpa Ardleibhéil páirt i dtreoirlínte soláthair phoiblí maidir le bia scoile a dhréachtú agus a chomhaontú.
Cur chuige idirdhisciplíneach
-
Cé go bhfuil an tsláinte phoiblí ag croílár na faidhbe, leagtar béim sa straitéis, de bhreis ar bhéim a leagan ar chomhpháirtíochtaí ar gach leibhéal, ar an bhfíoras go bhfuil cur chuige comhaontaithe de dhíth chun an rómheáchan agus an murtall a chomhrac, cur chuige a bhaineann le roinnt earnálacha beartas. Áirítear iad seo a leanas ar na samplaí:
-
Oideachas: feachtais faisnéise a fhorbairt le haghaidh leanaí agus daoine fásta araon.
-
Beartas tomhaltóirí: faisnéis shoiléir uilechuimsitheach a chur ar fáil maidir le roghanna bia, e.g. lipéadú cothaitheach.
-
Margaíocht: sa Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc spreagtar margaíocht fhreagrach bianna, go háirithe i measc leanaí.
-
Spórt: rochtain níos fearr a chur ar fáil ar ghníomhaíochtaí eagraithe spóirt agus rannpháirtíocht níos mó i ngníomhaíocht choirp a spreagadh;
-
Pleanáil uirbeach agus soghluaisteacht ghníomhach: “iompar agus comaitéireacht ghníomhach” a spreagadh, e.g. ag dul chun na hoibre de shiúl na gcos, ar an rothar agus ag baint úsáid as iompar poiblí;
-
Taighde: tuilleadh faisnéise a fháil faoi chinntithigh roghanna bia agus gníomhaíochta coirp, go háirithe trí i gcomhthéacs AE (Fís 2020) agus sásraí náisiúnta um maoiniú taighde.
-
Talmhaíocht: roghanna níos sláintiúla a dhéanamh níos inacmhainne agus níos infhaighte do gach grúpa daonra, go háirithe leanaí.
-
Parlaimint na hEorpa: is é Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Shláinte agus Sábháilteacht Bia a chuireann treoirthionscadail lena dtacaítear le réimeanna bia sláintiúla i ngrúpaí daonra chun feidhme.
Comhar idirnáisiúnta
D’oibrigh an Coimisiún agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte as lámha a chéile chun doiciméid tagartha agus stór comhchoiteann maidir le cothú agus gníomhaíocht choirp a chruthú.
Beartais um monatóireacht agus measúnú
-
Déantar monatóireacht ar na sonraí maidir le murtall agus rómheáchan:
-
ar mhacraileibhéal, chun sonraí soiléire inchomparáide a fháil maidir le táscairí uilíocha an dul chun cinn i gcomhthéacs na bPríomhtháscairí Sláinte Eorpacha a bhaineann le haiste bia agus gníomhaíocht choirp;
-
ar leibhéal tíre, chun na gníomhaíochtaí reatha agus tionchar na ngníomhaíochtaí sin a mheas;
-
ar leibhéal na ngníomhartha aonair.
-
Déantar gníomhaíochtaí a mheas go córasach maidir lena dtionchar chun na cinn a oibríonn go maith a aithint.
Obair leantach
Leantar le hobair ar bheartais maidir le rómheáchan agus murtall a laghdú san Eoraip a dhíriú ar réimsí tosaíochta ar nós:
-
ionghabháil chothaithe salainn, saille sáithithe, tras-saillte agus siúcraí sa bhreis a laghdú;
-
ionghabháil torthaí agus glasraí a mhéadú;
-
nochtadh leanaí do shalainn, do shaill sháithithe, do thras-saillte agus do shiúcraí sa bhreis agus a dtionchar ar leanaí a laghdú;
-
soláthar poiblí bianna;
-
gníomhaíocht choirp a mhéadú agus iompar neamhghníomhach a laghdú;
-
ráta an chothaithe cíche eisiach le linn na gcéad 6 mhí a mhéadú;
-
neamhionannas maidir le réim bia agus gníomhaíocht choirp idir grúpaí daonra a laghdú.
CÚLRA
-
Bíonn tionchar díreach ag drochréim bia agus neamhghníomhaíocht choirp ar ionchas saoil agus ar cháilíocht beatha na milliún saoránach agus ar éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht ár gcóras sláinte chomh maith. Caitear suas le 7% de bhuiséid sláinte AE gach bliain ar ghalair a bhaineann le murtall. Tagann costais eile ó chailliúint táirgiúlachta i ngeall ar fhadhbanna sláinte agus bás roimh am (2.8 milliún bás in aghaidh na bliana ó chúiseanna a bhaineann le rómheáchan agus murtall).
-
Tá 52% d’aosaigh róthrom nó murtallach agus tá 17% díobh murtallach. Tá sé aitheanta go bhfuil murtall in aosaigh ina thoisc riosca i leith líon galar ainsealach tromchúiseach lena n-áirítear diaibéiteas chineál II, galar cardashoithíoch agus roinnt ailsí agus tá sé ina chúis le bás roimh am is féidir a chosc.
-
Tá murtall i measc leanaí ina imní faoi leith. tá 1 leanbh as 3 in AE idir 6 agus 9 bliana d’aois róthrom nó murtallach anois. Is ionann é sin agus mhéadú suntasach ó 2008 i leith, nuair a bhí 1 leanbh as 4 róthrom nó murtallach. Is dóigh go mbeidh leanaí atá róthrom nó murtallach amhlaidh nuair a bheidh siad ina n-aosaigh. Is mó an seans go ndéanfar bulaíocht ar leanaí murtallacha, go mbeidh fadhbanna féinmhuiníne acu, go mbeidh lionn dubh orthu agus nach mbainfidh siad barr a gcumas amach ar scoil.
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Páipéar Bán ar straitéis don Eoraip maidir le fadhbanna sláinte a bhaineann le cothú, le rómheáchan agus le murtall (COM(2007) 279 final an 30.5.2007)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Conclúidí na Comhairle maidir le cothú agus gníomhaíocht choirp (IO C 213, 8.7.2014, lgh. 1-6)
Conclúidí ón gComhairle maidir le slándáil bhia agus chothaithe.
Nuashonraithe 13.03.2017