Scagthástáil le haghaidh ailse in AE a chur chun cinn

Galar agus cúis mhór báis san Eoraip is ea an ailse. Is freagrachtaí náisiúnta iad eagrú agus seachadadh na seirbhísí sláinte agus an chúraim leighis. Ach féadfaidh AE cur leis na beartais sin agus cuidiú le feabhas a chur ar shláinte phoiblí agus le dul i ngleic le galar.

GNÍOMH

Moladh ón gComhairle an 2 Nollaig 2003 maidir le scagthástáil le haghaidh ailse (IO L 327 an 16.12.2003, lgh. 34-38).

ACHOIMRE

Galar agus cúis mhór báis san Eoraip is ea an ailse. Is freagrachtaí náisiúnta iad eagrú agus seachadadh na seirbhísí sláinte agus an chúraim leighis. Ach féadfaidh AE cur leis na beartais sin agus cuidiú le feabhas a chur ar shláinte phoiblí agus le dul i ngleic le galar.

CAD A DHÉANTAR SA MHOLADH?

Le scagthástáil, is féidir ailsí a bhraith ag céim luath, rud a chuireann feabhas ar na seansanna go mbeidh cóireáil rathúil ann. Spreagann an moladh tíortha AE le cláir scagthástála le haghaidh ailse a chur i bhfeidhm. Clúdaíonn sé tosc amhail sonraí scagthástála a chlárú agus a bhainistiú, monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas agus oiliúint ar phearsanra. Tugann an Coimisiún Eorpach tuarascáil ar chur chun feidhme na gclár seo, spreagtar údaráis náisiúnta le comhoibriú ar thaighde agus ar dhea-chleachtas, agus cuidítear le treoirlínte a fhorbairt maidir le scagthástáil le haghaidh ailse.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Ba é an líon de bhásanna a mheastar a bhain le hailse in AE sa bhliain 2012 ná 1.263 milliún. Ba í an ailse scamhóg an ceann ba choitianta, agus ailse cholaireicteach, ailse chíche agus ailse boilg ina dhiaidh sin. Sa bhliain chéanna, rinneadh diagnóis ar bheagán os cionn 2.6 milliún cás nua d’ailse, seachas ailse chraicinn neamh-mheileanóma.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Galair mhóra agus ainsealacha ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Shláinte agus Sábháilteacht Bia.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Cur Chun Feidhme na Cumarsáide ón gCoimisiún, ón 24 Meitheamh 2009, ar Ghníomhaíocht in Aghaidh na hAilse: Comhpháirtíocht Eorpach (COM (2009) 291 final) agus an Dara Tuairisc ar Chur Chun Feidhme ar Mholadh na Comhairle an 2 Nollaig 2003 ar scagthástáil le haghaidh ailse (2003/878/CE) (COM(2014) 584 final, 23.9.2014.

Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2014 lena mbunaítear grúpa saineolaithe an Choimisiúin um Rialú Ailse agus lena ndéantar Cinneadh 96/469/CE (2014/C 167/05) a aisghairm (IO C 167 an 4.6.2014, lgh. 4-8).

Nuashonraithe 09.07.2015