Cearta fostaíochta a chosaint nuair a aistrítear úinéireacht ghnó

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/23/CE — maidir le cosaint chearta na bhfostaithe nuair a dhéantar úinéireacht chuideachta nó ghnóthais a aistriú

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar amach inti na cearta a bhíonn ag fostaithe ar fud AE nuair a dhéantar úinéireacht chuideachta nó ghnóthais ina bhfuil siad ag obair a aistriú, mar aon leis na hoibleagáidí a bhíonn ar an aistreoir agus ar an aistrí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir maidir le gach cineál gaoil fostaíochta beag beann ar na nithe seo a leanas:

líon na n-uaireanta oibre a rinneadh, nó a dhéanfar

an cineál conartha fostaíochta (neamhchinntithe, ar feadh tréimhse, nó sealadach).

Baineann an treoir le gach cuideachta, idir phoiblí agus phríobháideach, atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, cibé acu an bhfuil siad ag feidhmiú chun brabús a dhéanamh nó nach bhfuil.

Aistriú úinéireachta

féadfar an t-aistriú úinéireachta tarlú de bharr aistriú dlíthiúil nó cumaisc,

is é an duine nó an chuideachta a ghlacann an t-aistriú a bheidh mar fhostóir na cuideachta atá á haistriú chuige/chuici.

Aistriú gaoil fostaíochta

Ní bunús chun fostaithe a dhífhostú é cuideachta a aistriú. Ní féidir fostaithe a dhífhostú ach ar chúinsí eacnamaíocha, teicniúla nó eagraíochtúla.

Coinníonn fostaithe a gcearta agus a n-oibleagáidí, mar atá leagtha amach i gconradh nó i ngaol fostaíochta reatha, nuair a aistrítear úinéireacht.

Déantar téarmaí agus coinníollacha d’fhostaithe faoi chomhaontú comhchoiteann leis an gcuideachta aistrithe a choinneáil ar feadh a thréimhse. Mar sin féin, féadfaidh na rialtais náisiúnta an tréimhse sin a theorannú, ach gan bheith níos lú ná aon bhliain amháin ar fhad.

Ní aistrítear cearta agus oibleagáidí fostaithe faoi na scéimeanna cosanta sóisialta comhlántacha. Mar sin féin, féadfaidh na rialtais náisiúnta bearta a dhéanamh chun cearta i leith sochair scoir arna bhfáil faoi na scéimeanna sin a chosaint.

Ní choinníonn fostaithe a gcearta ná a n-oibleagáidí i gcás ina ndéantar an t-aistriú mar chuid d’imeachtaí dócmhainneachta nó féimheachta. Féadfaidh na rialtais náisiúnta beart a dhéanamh chun cosc a chur ar mhí-úsáid imeachtaí dócmhainneachta a bhfuil sé mar aidhm leo a gcearta a bhaint d’fhostaithe.

Ionadaithe na bhfostaithe

Ní mór d’ionadaithe na bhfostaithe leanúint dá ról a chomhlíonadh i rith aistrithe go dtí gur féidir iad a athcheapadh. Ní mór go leantar d’ionadaíocht a dhéanamh ar son fostaithe, lena n-áirítear i gcás imeachtaí féimheachta nó dócmhainneachta.

Ní mór dul i gcomhairle leis na hionadaithe sula nglactar bearta a bhaineann le fostaithe.

Ní mór don seanfhostóir agus don fhostóir nua araon na nithe seo a leanas a chur in iúl d’fhostaithe nó dá n-ionadaithe, in am trátha:

dáta nó dáta beartaithe an aistrithe

na cúiseanna leis an aistriú

impleachtaí dlíthiúla, eacnamaíocha agus sóisialta an aistrithe do na fostaithe

aon bhearta atá beartaithe i ndáil leis na fostaithe.

Más ann do bhord eadrána sa tír AE lena mbaineann, d’fhéadfaí na ceanglais sin maidir le faisnéis agus le comhairliúchán a theorannú do chásanna ina bhfágtar líon suntasach fostaithe faoi mhíbhuntáiste.

CÚLRA

Dálaí oibre — aistriú gnóthas.

GNÍOMH

Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, ghnóthaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnóthaí

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2001/23/CE ón gComhairle

11.4.2001

16.2.1979

IO L 82, 22.3.2001, lgh. 16–20

Tá leasuithe agus athruithe leantacha ar Threoir 2001/23/CE curtha san áireamh sa bhuntéacs. Níl ach fiúntas faisnéiseach leis an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 06.10.2015