An Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (2003/C 218/01) Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obaira chur ar bun

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis an gcinneadh Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, comhlacht comhairleach trípháirteach arb é an cúram atá air cabhrú leis an gCoimisiún Eorpach cinntí a dhéantar i réimse na sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú agus a chur chun feidhme agus comhar idir lucht riaracháin náisiúnta, ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí a éascú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaíonn an coiste, a bunaíodh chun an próiseas comhairliúcháin sa réimse um shábháilteacht agus sláinte ag an obair a chuíchóiriú, gach earnáil den gheilleagar, idir phoiblí agus phríobháideach. Is iad seo a leanas príomhchúraimí an choiste:

Tá 3 ball iomlán ó gach tír AE ar an gcoiste:

Bunaítear trí ghrúpa leasa dá réir sin laistigh den choiste. Roghnaíonn gach grúpa leasa duine dá bhaill mar urlabhraí agus ainmnítear comhordaitheoir.

Beidh an tArd-Stiúrthóir atá i gceannas ar bheartais shóisialta sa Choimisiún ina chathaoirleach ar an gcoiste. Tagann an coiste le chéile dhá uair in aghaidh na bliana i suí iomlánach. Soláthraíonn an Coiste (an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú) seirbhísí rúnaíochta don choiste.

modus operandi an choiste á rialú ag a rialacha nós imeachta (RoP), ar ghlac an coiste leo ar an 18 Samhain 2004 ar bhonn tuairim fhabhrach ón gCoimisiún.

Sainmhínítear in RoP freisin na nósanna imeachta cinnteoireachta nach mór cloí leo maidir le glacadh an choiste le haon seasamh oifigiúil. Seo a leanas na nósanna imeachta a d’fhéadfadh bheith i gceist:

Níl tuairimí arna nglacadh ag an gcoiste ina gceangal ar an gCoimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2004.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a chur ar bun (2003/C 218/01) (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1-4)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréacht-Rialacha Nós Imeachta an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (COM(2004) 756 leagan deireanach, 17.11.2004)

Nuashonraithe 30.11.2016