Sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe i dtionscail eastóscacha

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/104/CEE ón gComhairle — cosaint sláinte agus sábháilteachta na n-oibrithe i dtionscail eastóscacha ar an dromchla agus faoi thalamh

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Leagtar síos sa treoir seo na híoscheanglais a bhaineann le cosaint sláinte agus sábháilteachta na n-oibrithe i dtionscail eastóscacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear sa treoir tionscail eastóscacha mianraí ar an dromchla agus faoi thalamh, lena n-áirítear sirtheoireacht agus ábhair eastósctha a ullmhú chun iad a dhíol. Ní chumhdaítear próiseáil na n-ábhar eastósctha ina dhiaidh sin.

Chun sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe a chosaint, ní mór don fhostóir a chinntiú:

go ndéantar ionaid oibre a leagadh amach agus a eagrú ar shlí go mbíonn oibrithe in ann obair a dhéanamh gan a sláinte agus sábháilteacht féin nó sláinte agus sábháilteacht daoine eile a chur i mbaol;

go bhfuil maoirseacht á déanamh i gcónaí ag duine éigin i gceannas;

nach dtugtar aon obair lena mbaineann riosca speisialta ach do bhaill foirne inniúla agus go ndéantar an obair sin agus na treoracha á leanúint;

gur féidir le gach uile oibrí lena mbaineann na treoracha sábháilteachta a thuiscint;

go gcuirtear saoráidí garchabhrach ar fáil; agus

go ndéantar cleachtaí sábháilteachta go rialta.

Ní mór don fhostóir atá freagrach as bearta sláinte agus sábháilteachta a chur i bhfeidhm doiciméad sláinte agus sábháilteachta a dhréachtú a thaispeánann go bhfuil measúnú déanta ar na rioscaí d’oibrithe, agus go bhfuil an t-ionad oibre sábháilte. Nuair atá oibrithe ó chuideachtaí eile ann, ba cheart achoimre a thabhairt sa doiciméad freisin ar aidhmeanna na nósanna imeachta comhordaithe agus cur chun feidhme.

Ina theannta sin, ní mór don fhostóir:

tionóiscí tromchúiseacha ceirde agus baol tromchúiseach a thuairisciú do na húdaráis inniúla gan mhoill;

bearta a ghlacadh chun dóiteáin agus atmaisféir phléascacha nó atmaisféir eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tsláinte a chosc, a aimsiú agus a chomhrac;

bealaí éalaithe agus tarrthála a chur ar fáil;

córais rabhaidh agus córais chumarsáide eile a chur ar fáil ionas gur féidir dul i mbun oibríochtaí cúnaimh, éalaithe agus tarrthála;

oibrithe a chur ar an eolasfaoi na bearta a ghlactar maidir le sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre;

a chinntiú go ndéanfar scrúdú go rialta ar shláinte na n-oibrithe ó thaobh a gcuid gníomhaíochtaí de;

a chinntiú go rachfar i gcomhairle le hoibrithe maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta agus go nglacfaidh siad páirt sna cúrsaí sin.

Leagtar ceanglais mhionsonraithe amach sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 7 Nollaig, 1992.

CÚLRA

Sláinte agus sábháilteacht ag an obair: Réimsí gníomhaíochta ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Treoir 92/104/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1992 maidir leis na híoscheanglais a bhaineann le cosaint sláinte agus sábháilteachta na n-oibrithe a fheabhsú i dtionscail eastóscacha mianraí ar an dromchla agus faoi thalamh (An dóú treoir aonair déag laistigh de bhrí Airteagail 16(1) den Treoir 89/391/CEE)

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 92/104/CEE

7.12.1992

7.12.1994

IO L 404, 31.12.1992, lgh. 10–25

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2007/30/CE

28.6.2007

31.12.2012

IO L 165, 27.6.2007, lgh. 21–24

Nuashonraithe 15.10.2015